An eagraíocht teanga POBAL le dúnadh tar éis 20 bliain i mbun abhcóideachta

Deir POBAL gur ag streachailt ó thaobh acmhainní a bhí siad ó chuir Foras na Gaeilge deireadh lena mbunmhaoiniú le córas na gceanneagraíochtaí Gaeilge

An eagraíocht teanga POBAL le dúnadh tar éis 20 bliain i mbun abhcóideachta

Tá deireadh á chur leis an eagraíocht abhcóideachta teanga neamhspleách ó thuaidh POBAL de bharr easpa maoinithe.

I ráiteas a cuireadh amach tráthnóna dúradh gur údar áiféala é do choiste agus d’fhoireann na heagraíochta go mbeidh a n-oifig á dúnadh ar an 30 Aibreán.

Dhéanfaí an eagraíocht a scor ina dhiaidh sin, a dúradh, ach táthar ag súil go gcoiméadfar beo go dtí Márta na bliana seo chugainn na suímh idirlín www.pobal.org agus www.pobalealain.org le gur féidir ábhar orthu a íoslódáil.

Dúradh go raibh sé á bheartú deireadh a chur le POBAL “cúig bliana díreach glan i ndiaidh d’Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le maoiniú do na grúpaí ar fad lonnaithe sna sé chontae a bhí ag fáil bunmhaoiniú roimhe sin”.

Dúradh gur ag fuirseadh na déirce a bhí POBAL ó shin.

“Tugadh an maoiniú seo do shé eagras a raibh ceanncheathrúna acu i mBaile Átha Cliath. Ón am sin i leith, agus le fostaí amháin páirtaimseartha in áit na sé phost lánaimseartha a bhí againn roimhe, lean POBAL ar aghaidh ag obair ar chlár cuimsitheach, dúshlánach oibre. Fuair muid cuidiú ó dheontas beag ó Chomhairle Bhéal Feirste faoina sruth ‘Acmhainn an Phobail a Fhorbairt’ agus tharraing muid ar chúlchistí na heagraíochta leis na costais eile a íoc. Choinnigh muid ár gcuid oibre i mbéal an phobail, go háirithe maidir le hAcht na Gaeilge, feachtais a chruthaigh is a stiúir muid ó bhí 2004 ann,” a dúradh i ráiteas POBAL.

Luadh i measc bhuaicphointí na heagraíochta an taighde a rinneadh i réimse na gceart teanga.

“Rinne muid tograí taighde ceannródaíocha, thuairiscigh ar ais chuig Comhairle na hEorpa agus d’imir tionchar nach beag ar chur i bhfeidhm uirlisí idirnáisiúnta – leithéid Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus an Creat-Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta – agus lean muid linn ag cur comhairle agus tacaíochta ar fáil do phobal na Gaeilge, de réir a chuid riachtanas agus a aislinge.

“Ba mhór linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a thacaigh linn le fiche bliain anuas agus guímid gach rath ar ár mbaill.”

Fág freagra ar 'An eagraíocht teanga POBAL le dúnadh tar éis 20 bliain i mbun abhcóideachta'

  • Pól Ó Braoin

    Is trua sin. Níl le feiceáil na laethanta seo againn ach seo agus siúd a bhaineann leis an nGaeilge ag imeacht ceal maoinithe. Cloisim caint anois faoi dhá mhilliún euro nó thart air sin atá le gearradh ón Roinn abhus mar gheall ar an gcostas ospidéil. Go n-éirí le slógadh Chonamara … ag agóidíocht mar gheall ar easpa maoinithe a d”fhág na bóithre sa chaoi a bhfuil siad…