An éagóir faoi cheilt ar Oileán Leobhas 

Saothar ‘The Road Dance’ a thugann éachtaint ar éagóracha san aimsir a caitheadh agus a bhaineann macallaí as fearg na linne seo

An éagóir faoi cheilt ar Oileán Leobhas 

The Road Dance
Stiúrthóir: Richie Adams
Cliar: Hermoine Corfield, Morven Christie Will Fletcher, Mark Gatiss, Morven Christie, Ali Fumiko Whitney, Tomy Byrne

Tá an scannán seo, The Road Dance, bunaithe ar úrscéal John McKay agus maíonn an t-údar go bhfuil a shaothar bunaithe ar scéal a chuala sé is é ag éirí chun coinlíochta faoi chorp linbh nua-bheirthe a fuarthas ar snámh san uisce in aice le tigh a sheantuismitheoirí in Inse Ghall. Bíodh an scéal sin fíor nó ná bíodh is cinnte gur tharla a leithéid i gcaitheamh na mblianta in Albain, in Éirinn agus i dtíortha eile nach iad. A scéal ceilte suaite féin ag leanúint gach tragóid acu.

Ábhar toirmiscthe an linbh neamhdhlisteanaigh ag luí go trom ar chailíní agus gan an dara rogha acu ach an toircheas a choimeád fé cheilt. Leis an donas a chur i gceann na héagóra ba chiorrú coil nó éigniú ba chúis leis an toircheas go minic. 

Déanann an saothar seo scéal cráite Kirsty MacLeod (Corfield) a reic; cailín álainn, cliste, uaillmhianach atá ag tnúth an bád bán a thabhairt uirthi féin go Meiriceá. Címid í ag maireachtaint lena máthair (Christie) agus a deirfiúr Annie (Whitney) ar Oileán Leobhas na bliana 1916. Oileán iargúlta, sceirdiúil, álainn. Pobal dlúth, pobal atá comharsanúil ach breithiúnach ag an am céanna. Dearcthaí piúratánacha coimeádacha na linne i leith na mban agus an ghnéis ag teacht chun cinn go láidir. 

Fuaireas an-bhlas ar na radharcanna a thugann éachtaint ar shaol an oileáin i rith na tréimhse sin. An pobal ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal; ag bearradh caorach agus ag cur prátaí ar phaistí beaga talún. Ar uairibh, áfach, mheasas nach raibh an léiriú chomh réalaíoch agus ab fhéidir agus nár tugadh léiriú mar is ceart ar chruatan shaol oileán na linne. Lena chois sin b’ábhar díomá dom nár deineadh aon tagairt, seachas ceann fánach amháin, do Ghaeilge na hAlban; teanga dhúchais mhuintir an oileáin go dtí an lá atá inniu ann. 

Tá an Chéad Chogadh Domhanda ag teannadh linn agus faigheann grá geal Kirsty, Murdo (Fletcher) agus buachaillí eile an oileáin, gair chun seirbhíse. Ag rince bóthair sara bhfágann siad buailtear Kirsty agus déantar í a éigniú nuair atá sí gan aithne gan urlabhra. Agus í torrach ina dhiaidh sin, déanann sí iarracht a scéal cráite a cheilt ar an bpobal agus a muintir féin. 

Scéal seanchaite ar shlí, ach ar shlí eile baineann fearg agus misneach na mban macallaí as imeachtaí an lae inniu. Tugann Corfield, Whitney agus Christie taispeántais ábalta, inchreidte uathu ach bhí aisteoireacht chiotach go maith ó aisteoirí eile in áiteanna. Táim idir dhá chomhairle ar cuireadh críoch chuí leis an saothar ach an oiread. Ina dhiaidh sin féin is saothar é seo a thugann éachtaint ar éagóracha san aimsir a caitheadh agus a bhaineann macallaí as fearg na linne seo. 

Fág freagra ar 'An éagóir faoi cheilt ar Oileán Leobhas '