An eaglais fós ag cosaint na hinstitiúide a deir beirt íospartach as Gaeltacht Dhún na nGall  

Ní raibh aon toradh ar ghearáin a rinne siad trí huaire le húdaráis na heaglaise go dtí go ndeachaigh siad féin chuig na Gardaí

An eaglais fós ag cosaint na hinstitiúide a deir beirt íospartach as Gaeltacht Dhún na nGall  

Lig an eaglais síos iad agus bhí sí dírithe den chuid is mó ar an institiúid féin a chosaint, seachas aire a thabhairt do na híospartaigh, dar le beirt deirfiúracha as Fán a Bhualtaigh, Fánaid, a labhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu faoi na hionsaithe gnéis a rinne iarshagart orthu.  Gearradh téarma príosúnachta 15 mí ar Con Cunningham i gcúirt chuarda Leitir Ceanainn ag deireadh mhí Iúil faoi ionsaithe gnéis a dhéanamh ar na mná nuair a bhí siad óg.

Dúirt Paula agus Margaret Martin in agallamh ar an gclár Barrscéalta inniu go ndeachaigh siad chun na heaglaise trí huaire thar thréimhse 25 bliain nó mar sin lena scéal ach nach raibh toradh ar bith ar a gcás nó gur shocraigh siad dul chuig na Gardaí iad féin sa bhliain 2018.

Dúirt Margaret Martin go raibh sé soiléir di cén aidhm a bhí ag an eaglais.

“Sílim go bhfuil siad ag tabhairt aire, ag cosaint iad féin agus an institution i gcónaí …  Ní raibh suim nó ní raibh siad ag smaoineamh chor ar bith ar na daoine a bhí gortaithe, ní raibh siad ag smaoineamh orainne ach oiread.”

Dúirt Paula Martin nach raibh ról ná tábhacht ar bith ag an eaglais ina saol níos mó.  Maidir leis an leithscéal a ghabh an tEaspag Mac Eochagáin faoin gcás i ráiteas a d’eisigh sé, dúirt Paula nár bhraith sí go raibh sé ag teacht óna chroí.

“Shíl mé nach raibh sé ag teacht óna chroí… cineál standard apology template agus díreach na hainmneacha a athrú, agus cuireadh é sin chuig na páipéirí.  Ní raibh a chroí ann … ach labhair an tAthair Ó Dufaigh ag an deireadh seachtaine i gCraoslach, agus labhair seisean óna chroí, agus bhí sin go maith.”

Dúirt siad go raibh siad ag iarraidh labhairt amach faoin gcás agus a gcuid ainmneacha a bheith amuigh go poiblí, mar go raibh dochar ag baint le rúndacht.

“Bhí sé iontach tábhachtach dúinn mar thig linn bheith saor ó mheáchan an rúin. Bhí sé trom agus chuir sé brú orainn.   I rith ár saoil ní raibh muid ábalta labhairt mar bhí náire orainn, tá an náire sin imithe anois agus b’fhéidir go gcuideoidh an scéal anois le daoine eile.”

Mhínigh siad do Mhichelle Nic Grianna san agallamh mar a mhealladh an sagart cailíní chun theacht isteach go teach na paróiste, ag rá leo go raibh sé oscailte ansin i gcónaí, agus go raibh an chisteanach lán le milseáin agus uachtar reoite, agus na ceirníní is deireanaí ansin freisin dóibh.

“Bhí sé glic … bhí sé slíocánta.  Sílim go raibh plean aige an t-am ar fad, bhí dóigh aige na vulnerabilities a bhí ag daoine, nó ag teaghlaigh, a aithint.”

Ag deireadh an agallaimh, bhí comhairle ag na mná d’aon duine a bhí ag éisteacht a d’fhulaing ionsaithe gnéis mar sin agus a bhí ag streachailt, agus mhol siad dóibh cuidiú a lorg.

“Ní ortsa an locht, ní ortsa an náire agus níl tú as do mheabhair agus tá an chéad choiscéim iontach deacair ach tá daoine ansin chun éisteacht leat, chun labhairt leat, glacann sé tamall agus obair agus misneach.”

Fág freagra ar 'An eaglais fós ag cosaint na hinstitiúide a deir beirt íospartach as Gaeltacht Dhún na nGall  '