An é seo an club is fearr atá ag imirt an taobh seo domhain?

Tá seans inniu ag Cúige Laighean iad féin a scaradh ó chuile fhoireann eile agus greim a fháil ar phríomhchomórtas na hEorpa den chúigiú huair

An é seo an club is fearr atá ag imirt an taobh seo domhain?

Cian Healy agus Tadhg Furlong. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Seans go mbeidh freagra againn inniu ar cheist atá ar bhéal go leor de lucht leanta rugbaí an limistéir seo ó fuair Cúige Laighean greim den cheathrú huair ar Chorn na gCuradh anuraidh. An é an club seo atá lonnaithe in Áth Cliath an club rugbaí is fearr atá ag imirt an taobh seo domhain?

Cinnte tá éacht déanta ag Cúige Laighean cheana. Tá an fhoireann cothrom le Toulouse na Fraince, a bhfuil an comórtas seo buaite ceithre huaire acu chomh maith agus tá seans acu inniu iad féin a scaradh ó chuile fhoireann eile má éiríonn leo greim a fháil ar an gcorn den chúigiú huair.

Gaisce atá i bhfad níos éasca a rá ná a dhéanamh.

Beidh na Laighnigh ag cur chun páirce i Newcastle Shasana i gcoinne Saracens Londan, foireann atá chuile phioc chomh maith leo féin ó thaobh caighdeáin agus taithí imeartha ag an leibhéal seo. D’éirigh le Saracens greim a fháil ar an gcomórtas seo sna blianta blianta 2016 agus 2017 agus tá go leor de na himreoirí céanna a d’imir sa dá chraobh sin ag cur chun páirce arís an Satharn seo. 

Níl sé éasca an comórtas seo a bhuachtáil dhá bhliain as a chéile.  Trí fhoireann a rinne é sin ó thús an chomórtais i 1995.  Is fiú a mheabhrú chomh maith go raibh imreoirí Saracens gnóthach ag an leibhéal idirnáisiúnta freisin. Bhí an chuid is mó acu ag imirt do Shasana agus, i gcás Liam Williams, don Bhreatain Bheag, foireann a bhuaigh an Grand Slam i mbliana.  

Is féidir an port céanna a chasadh maidir le Cúige Laighean.  Bhuaigh siadsan dhá bhliain as a chéile an comórtas in 2011 agus 2012 agus níl aon easpa taithí idirnáisiúnta i measc a gcuid imreoirí ach oiread. Níl na geallghlacadóirí féin in ann na foirne seo a scaradh.  Tá siad mar chomhrogha acu, ábhar iontais dáiríre mar gurb iad Cúige Laighean na curaidh reatha. Mar sin féin, is i Sasana atá an cluiche seo á imirt, rud a thugann buntáiste de bheagán do Saracens. 

Bígí ag súil le sáriomaíocht agus coimhlint chrua a bheas thar a bheith fisiciúil agus fíochmhar. Beidh comórtas suimiúil pearsanta idir go leor imreoirí, Johnny Sexton agus Owen Farrell agus James Ryan agus Maro Itoje, gan ach dhá cheann de na mórchoimhlintí a lua.

Beidh go leor ag brath ar dhearcadh agus ar chur chuige Sexton. Má imríonn captaen na Laighneach mar a d’imir sé i gcoinne Toulouse sa gcluiche leathcheannais agus má éiríonn leis a fhoireann a stiúradh ar an gcaoi chéanna, beidh seans acu. Ach tá Saracens go maith agus, ach an oiread le Cúige Laighean, tá siadsan san iomaíocht dá gcomórtas baile féin.

Tá mise mé féin idir dhá chomhairle maidir le toradh an chluiche seo.

Má bhíonn an lá le Cúige Laighean beidh éacht a bheas deacair a shárú bainte amach ag Leo Cullen.  Sin cúig Chorn Eorpach, faoi dhó mar chaptaen agus trí huaire mar bhainisteoir. Níl aon dabht ann ach go ndéanfaidh a chuid imreoirí tréaniarracht ar a shon agus ar son a chúige.

Ní bheidh tada eatarthu. 

Fág freagra ar 'An é seo an club is fearr atá ag imirt an taobh seo domhain?'