An é nach dtuigeann daoine céard is ficsean ann a thuilleadh?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Rinneadh bagairtí báis ar údar óg ón Ísiltír toisc go raibh sé de mhisneach aige an phéidifilia a phlé i saothar ficsin

An é nach dtuigeann daoine céard is ficsean ann a thuilleadh?

Bhí sé ina raic i saol liteartha na hÍsiltíre an tseachtain seo a chuaigh thart nuair a rinneadh bagairtí báis ar an údar óg Pim Lammers.  Rugadh Lammers i 1993 agus d’fhoilsigh sé an chéad leabhar pictiúirí trasinscneach do pháistí in 2017.

Thosaigh an raic nuair a roghnaigh láreagraíocht bholscaireachta earnáil litríochta na hÍsiltírise, an CPNB, Lammers chun dán oifigiúil Sheachtain Leabhar na bPáistí a scríobh.

Níorbh é an leabhar pictiúr trasinscneach úd, ach gearrscéal a d’fhoilsigh Lammers deich mbliana ó shin a spreag na bagairtí báis. Sa scéal sin, dar teideal Trainer, pléitear caidreamh idir buachaill 12 bliain d’aois agus traenálaí sacair.

Sliocht as an scéal sin a roinneadh go forleathan ar na meáin shóisialta a spreag an raic; chuir brúghrúpa Críostaí darb ainm Gezin in Gevaar (‘An Teaghlach i mBaol’) i leith Lammers gur ‘gníomhaí ar son na péidifilia’ é agus chuir an ball parlaiminte neamhspleách Wybren van Haga, atá i bhfad amach ar an eite dheis, ceisteanna faoi rogha an CPNB sa pharlaimint.

Shéan Lammers na líomhaintí go láidir ach bhí na bagairtí báis a rinneadh air chomh tromchúiseach sin gur tharraing sé siar ó Sheachtain Leabhar na bPáistí, agus chothaigh siad sceon chomh forleathan sin i measc aos liteartha na tíre gur theip ar chláir nuachta teacht ar aon údar eile a bheadh sásta an cás a phlé ar an aer.

Tá an scéal a spreag an raic ar fáil ar líne agus tá sé léite agam; ní hé an scéal is fearr dár léigh mé riamh é ach níl rud ar bith ann a dhéanfadh cosaint ar an bpéidifilia. Ní cháintear í ach oiread; go deimhin ní luaitear an focal.

Tugann an scéal na fíricí loma – fear fásta ag teacht i dtír ar mhothúcháin bhuachaill atá ag teacht in inmhe – agus fágtar faoin léitheoir é a bhreithiúnas féin a thabhairt, go hiomlán mar is gnách i ndea-shaothair ficsin.

Ach sin í an deacracht, is cosúil.

Léiríonn an raic a spreag scéal Lammers nach dtuigeann cuid mhór daoine – san Ísiltír, pé scéal é – céard is ficsean ann a thuilleadh.

B’fhéidir gur ar an bhficsean dírbheathaisnéiseach a bhfuil oiread sin ráchairte air le scór bliain anuas atá an locht, nó ar an Zeitgeist ‘woke’ ina mairimid agus a éilíonn ar scríbhneoirí, nach mór, go mbeadh teachtaireacht nó cúis acu, ach is cosúil nach dtuigeann mórán daoine sa lá atá inniu ann nach ionann údar agus ábhar, agus gurb é an príomhchuspóir a bhí ag an bhficsean riamh ná scéal a insint, seachas an domhan a shaoradh ó gach olc.

An tseachtain seo, shocraigh saol liteartha na hÍsiltíre an bunphrionsabal sin a mheabhrú don phobal.

Bhain nach mór 2,000 scríbhneoir, aistritheoir, maisitheoir leabhar agus eagraíocht litríochta fógra leathanaigh iomláin amach sna nuachtáin mhóra chun a dtacaíocht a léiriú do Lammers. Lena chois sin, tá tús áite á thabhairt do shaothair Lammers ag tuairim is 1,500 siopa leabhar agus ag nach mór chuile leabharlann san Ísiltír.

Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil ag éirí leis an iarracht; tá tóir chomh mór sin ar shaothair Lammers anois gurbh éigean athchló a dhéanamh ar chuid de faoi dheifir.

Ach an mbeidh sé de mhisneach ag Lammers nó ag údair eile ábhair leochaileacha ar nós na péidifilia a phlé i saothair ficsin feasta? Beidh le feiceáil.

Fág freagra ar 'An é nach dtuigeann daoine céard is ficsean ann a thuilleadh?'

  • Muireann Tutty

    Táimse den tuairim, chomh maith, gur rogha mhí-oiriúnach atá ansin do leabhar do pháistí – más dírithe ar pháistí a bhí an leabhar úd ba chúis leis an gconspóid? Ach más amhlaidh a bhí an leabhar dírithe go sonrach ar dhaoine fásta, thuigfinn don údar