An é Marty Walsh an Méara deireanach de shliocht na nGael in Boston?

Ní bheidh bricfeasta na nGael chomh téagartha in South Boston Lá Fhéile Pádraig feasta

An é Marty Walsh an Méara deireanach de shliocht na nGael in Boston?

Beidh bealach Méara Bhostúin Marty Walsh go Washington réitithe taobh istigh de sheachtain. 

Caithfear vóta sa Seanad an tseachtain seo chugainn – ceaptar go ndéanfar é sin Dé Máirt – ag a dtabharfar aitheantas don Mhéara, ar de bhunadh Ghaeltacht Chonamara é, mar Rúnaí Saothair i Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

Ní bheidh an 54ú Méara ar phríomhchathair na nGael sna Stáit Aontaithe ag déanamh aon mhoill ag ina dhiaidh sin mar tá ualach oibre ag fanacht leis in Washington. 

Céim ollmhór í seo do mhac imirceoirí as Conamara.  Ach, cuireann imeacht Marty Walsh cor sa saol do mhuintir na hÉireann agus do Ghael-Mheiriceánaigh in Boston.  D’fhéadfadh sé gurb í seo an Fhéile Pádraig dheireanach a mbeidh Méara do shliocht na hÉireann ar an gcathair sin. 

Sin athrú ollmhór ar nádúr na polaitíochta sa gcathair sin le 100 bliain.  Ach tá ciníocha eile ag treisiú in Boston.  Le  blianta beaga anuas níorbh den chine bán ach 19% de ghasúir chathair Boston a bhí in aois scoile.  Cé nach gá go gcoinníonn daoine le hiarrthóirí óna gcine féin lá na vótála, bhí sé feiceálach le blianta beaga anuas go raibh iarrthóirí as an gcine dubh agus iarrthóirí de bhunadh na hÁise ag buachan suíochán ar Chomhairle Chathrach Bhoston.

Rinne Marty Walsh éacht agus an Mhéaracht a bhuachan faoi dhó, in 2013 agus in 2017.  D’éirigh leis ceangal a chothú idir aicmí go leor ina chuid feachtas – an pobal den chine dubh, muintir na hÁise agus tuilleadh.   Ach níor dhearmad sé ag tráth ar bith go mba as Éirinn – agus as Conamara – a d’eascair a chine agus a mhuintir.  

Is cinnte go mba mhaith leis a bheith páirteach go poiblí in imeachtaí na Féile Pádraig seo in Boston agus é ag fágáil slán – go polaitiúil – lena chathair dhúchais.  Ach, ceiliúradh ar bith atá le déanamh, caithfear é a dhéanamh ar na scáileáin. 

Níorbh é a chleacht na Gaeil sa gcathair. Chuirtí fuisce, foinn agus foclaíocht ghéimiúil agus chliste le ceiliúradh Naomh Pátrún na hÉireann.  Ní raibh áit ba mhó a dhéantaí é sin ná in South Boston, seanbhunáit na nÉireannach sa gcathair.  

Go deimhin, bhíodh Uachtaráin sna Stáit Aontaithe a dhéanfadh ceangal teileafóin ag am bricfeasta le pearsana móra na cathrach maidin Lá’l Pádraig in South Boston.  Bhíodh iarcheannasaí Pharlaimint Stát Mhassachusetts, William Bulger – fear a mbíodh eolas maith air i gConamara – i lár an gharraí ar feadh i bhfad sna 1980idí agus 1990idí.  Ní raibh fear níos deisbhéalaí ar dhroim na cruinne.   Tharraing seisean cáil ar leith ar cheiliúradh Boston.  Ach i bhfad siar roimhe sin, bhí méaraí go leor de shliocht na hÉireann sa gcathair, ina measc James Michael Curley agus ‘Honey’ Fitzgerald, athair mór an Uachtaráin John F. Kennedy, ar thaobh a mháthar.   Ba thráthúil agus ba stairiúil an rud é go mba as polaitíocht Bhoston a shíolraigh an chéad Uachtarán Caitliceach agus Gael-Mheiriceánach (an Cinnéideach); b’in rud a thug an stádas ba mhó riamh do mhuintir na hÉireann,  agus do shliocht na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

Sin é an cultúr agus an chathair a bhfágfaidh Marty Walsh slán leo faoi cheann beagán laethanta. Amach roimhe, tá léarscáil ollmhór na tíre uilig. 

Ní móide go mbeidh sé taobh istigh den doras sa Roinn Saothair in Washington nó go mbeidh air láimhsiú a dhéanamh ar choinníollacha sábháilteachta agus sláinte oibrithe na tíre i dtráth seo chruóg an choróinvíris.  Ceist í seo atá ag tarraingt cainte go leor sna Stáit Aontaithe, ach an oiread le tíortha eile.  

Ar ndóigh, beidh ceist an bhunphá in aghaidh na huaire d’oibrithe le láimhsiú freisin.  Tá iarracht ar bun le dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm a d’fhágfadh go mbeadh, ar a laghad, $15 san uair ag dul d’oibrithe.  Ach, ó thaobh na polaitíochta de, níl go leor Poblachtánach – ná roinnt Daonlathach – sásta leis an ardú sin.  $7.50 atá ann faoi láthair.  

Ach, tá stáit agus cathracha ann a théann os cionn an ráta náisiúnta, ina measc roinnt cathracha ar an gcósta thiar agus Nua-Eabhrac ar an gcósta thoir.   

Creidtear go gcaillfí na mílte post ar fud na Stát dá gcuirfí $15 san uair i bhfeidhm; ní bheadh roinnt mhaith fostóirí beaga in ann an brú sin a sheasamh.   Tá sé ráite cheana féin ag Poblachtánach amháin i dTeach na nIonadaithe go gcuirfidh ceapachán Marty Walsh agus an cúlra atá aige sna ceardchumainn deireadh le saoirse fostóirí. 

Ach, mar Mhéara ar Bhoston, bhí go leor ceangail mhaithe oibre ag Marty Walsh le lucht gnó;  bhí comhlacht Amazon agus General Electric i measc na samplaí ba mhó de sin.   De bharr a chúlra sna ceardchumainn, thuig Marty Walsh – mar a thuig a uncail sna ceardchumainn, Pat Walsh roimhe – nach mbeidh aon obair ann mura mbeadh fostóirí ann.  Den chuid ba mhó, le linn fheachtas Walsh in Boston, cuireadh chun cinn é mar dhuine a raibh dul chun cinn eacnamaíochta ar cheann de na clocha móra ar a phaidrín.  Chomh maith leis sin, sheas sé go láidir le himirceoirí agus bhí sé fabhrach le mionlaigh ar bhonn creidimh agus inscne agus ar cheisteanna eile a gcuirfí an branda ‘liobrálach’ orthu. 

Beag beann ar an ríméad atá ar chuimse daoine go bhfuil an t-aitheantas mór náisiúnta seo faighte ag Marty Walsh, tuigtear in Boston freisin –  go háirithe i measc shliocht na hÉireann – go mbeidh caillteanas mór ar an gcathair de bharr a imeachta.  

Chuile sheans gur Méara ó chúlra éigin eile a bheidh ar Bhoston ach a dtiocfaidh Lá Fhéile Pádraig aríst agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. 

Ní bheidh bricfeasta na nGael chomh téagartha in South Boston Lá Fhéile Pádraig feasta.  

Fág freagra ar 'An é Marty Walsh an Méara deireanach de shliocht na nGael in Boston?'

  • Donnchadh Ó Seaghdha

    An shuimiúl ar fheabhas