An é go raibh Julian Smith rómhaith ag a jab?

Údar iontais agus údar imní é Julian Smith a bheith ruaigthe as a phost mar Státrúnaí an Tuaiscirt

An é go raibh Julian Smith rómhaith ag a jab?

‘Bata agus bóthar tugtha do Julian Smith – dochreidte, náireach’ an port a bhí ag formhór mór na ndaoine a casadh orm Déardaoin. ‘An é go raibh sé rómhaith ag an jab?’ an port ba choitianta, fiú ó dhaoine nach bhfuil bá ar bith acu leis na Caomhaigh. Ceistíodh cinneadh Phríomh-Aire na Breataine go forleathan.

Tuige a gcaithfí amach Státrúnaí gur éirigh leis an príomhghnó a dhéanamh – an tsáinn pholaitiúil a fhuascailt tar éis trí bliana de phairilis, a rinne beart ar mhaithe le híobartaigh agus a thug uchtach do dhaoine mar go raibh éisteacht le fáil acu? Ar cuireadh leas Thuaisceart Éireann san áireamh ar chor ar bith?

Bhí idir pholaiteoirí, íobartaigh agus lucht gnó orthu siúd a raibh amhras mór orthu faoin údar a bhí ag an bPríomh-Aire Boris Johnson le Julian Smith a bhriseadh as Státrúnaíocht Thuaisceart Éireann mí tar éis Stormont a athbhunú. An raibh baint ag rud éigin i margadh Stormont nó ag faltanas faoina thacaíocht don Aontas Eorpach leis?

I mí Iúil seo caite a ceapadh Julian Smith. Tháinig sé i gcomharbacht ar bheirt Státrúnaithe gur ar éigean a bhí a fhios ag éinne arbh ann nó as iad. Pearsa dhifriúil ar fad ab ea é. Ní mór a rá nach raibh an laincis air a bhí ar a réamhtheachtaithe Karen Bradley agus James Brokenshire. Ní raibh ceangal na gcúig gcaol ag an DUP ar na Tóraithe feasta faoin am ar tháinig Smith. Bhí sé neamhspleách. Bhí sé fuinniúil. Iarphríomh-aoire ar na Tóraithe ab ea é agus údarás dá réir aige. Ní raibh faitíos air labhairt go hoscailte, neamhbhalbh agus ba éisteoir cúramach é.

Níor thúisce ceaptha é ná thug sé éisteacht d’ionadaithe na ndaoine a d’fhulaing mí-úsáid in institiúidí cónaithe sa chéad seo caite agus iad ina bpáistí.

Bhí cúiteamh airgid, cóir leighis agus seirbhís tacaíochta dóibh ordaithe ag Fiosrú poiblí an Bhreithimh Anthony Hart i mí Eanáir 2017, taca an ama ar thit Stormont. Ní raibh faic na fríde déanta ag na Státrúnaithe eile ar mhaithe leis na híobartaigh sin le linn an fholúis in Stormont ach ghníomhaigh Julian Smith. Ní hamháin gur rith sé bille in Westminster chun a gcúiteamh a íoc ach d’fhan sé i dteagmháil leis an daoine a d’fhulaing. Ba mhinic a chuirfeadh sé glaonna gutháin orthu, é ag comhrá leo ar bhealach nach ndearna ionadaí rialtais ar bith eile.

Nuair a chuala siad an nuacht Déardaoin bhí siad croíbhriste. Dúirt Margaret McGuckian, ionadaí ceann de na grúpaí, SAVIA, go raibh alltacht orthu faoin gcinneadh ‘dothuigthe’. Mhaígh feachtasóir eile gurb é Dominic Cummings, comhairleoir an Phríomh-Aire faoi ndear é mar dhíoltas ar Smith a bhí in aghaidh an Bhreatimeachta chrua.

Ba chás le WAVE, eagraíocht d’íobartaigh na dTrioblóidí, a imeacht. An mhí seo caite d’ordaigh sé pinsean do dhaoine a gortaíodh agus gan aon mhilleán orthu féin. Bhí an t-athrú ar an sainmhíniú ar íobartach conspóideach agus tá go leor le réiteach fós ach fáiltíodh roimhe mar thús. Seans freisin go raibh baint ag oidhreacht na dtrioblóidí lena bhriseadh as a phost i ngeall ar ghné den mhargadh chun Stormont a athbhunú.

An mhí seo caite nuair ba chosúil go raibh na páirtithe in Stormont ag dul i bhfad scéil, arís, lena gcuid idirbheartaíochta chinn Julian Smith agus an Tánaiste, Simon Coveney, an dréachtmhargadh a fhógairt go poiblí. B’in dúshlán do na páirtithe glacadh le socrú nó Stormont a dhruidim. D’éirigh leo.

Mhaígh aontachtaithe gur tugadh ról rólárnach do rialtas na hÉireann ach chuaigh na páirtithe ar fad ar ais ag an Tionól agus bunaíodh Feidhmeannas cúig pháirtí.

Údar caithréime don Státrúnaí.

Tháinig an Príomh-Aire Johnson go Stormont ar chuairt ghaisce, é ag baint sásaimh as bua Julian Smith. Má bhí sé míshásta le saothar a Státrúnaí cheil sé é, cé nach raibh sé flaithiúil lena mholadh.

Déardaoin scaipeadh ráflaí in Whitehall nár choinnigh Julian Smith an Príomh-Aire ar an eolas faoin idirbheartaíocht in Stormont. Maíodh gur tháinig an tacaíocht do shocrú Stormont House faoi iniúchadh ar choireanna stairiúla aniar aduaidh ar Johnson agus comhghleacaithe dá chuid a éilíonn faoiseamh ó fhiosrúchán d’iarbhaill na bhfórsaí cosanta.

Is cosúil áfach go léiríonn miontuairiscí ar chruinniú rialtais gur thug Smith cuntas ar an obair.

Liosta le háireamh iad na spriocanna a leagadh amach do Stormont sa mhargadh a sheol Smith agus an Tánaiste, New Decade, New Approach. Tá ceisteanna faoi mhaoiniú na dtograí sin agus é soiléir go mbeadh gá le Státrúnaí a bheadh mar chara sa gcúirt ag bord an rialtais i Londain chun tacaíocht a fháil. Údar imní ar an mbonn sin is ea é Smith a bheith ruaigthe.

Ní léir cén cur chuige a bheidh ag a chomharba, Brandon Lewis. Iarchathaoirleach ar na Caomhaigh is ea é a bhí ina aire sóisir i rialtas Johnson. Ardú céime dó is ea an post mar Státrúnaí Thuaisceart Éireann. Fearacht Julian Smith bhí Lewis i bhfabhar fanacht san AE ach i ndiaidh an reifrinn thacaigh sé leis an toradh agus bhí sé ag obair anuraidh ar phlean don Bhreatimeacht gan mhargadh.

Beidh scuaine fhada ag fanacht le deis a fháil le labhairt leis faoin mBreatimeacht agus chun é a cheistiú faoi thiomantas rialtas na Breataine do mhargadh athbhunaithe Stormont.

Fág freagra ar 'An é go raibh Julian Smith rómhaith ag a jab?'