An é cás an iarshaighdiúra faoi mharú Aidan McAnespie cás deiridh na dTrioblóidí?

Bhí ionadaithe ó Amnesty International i bhfochair mhuintir Aidan McAnespie, iad ag éileamh an chirt, fiosrú - agus cúisimh nuair a bheadh an fhianaise ann do gach duine cuma cén dream a bhí freagrach as ionsaí

An é cás an iarshaighdiúra faoi mharú Aidan McAnespie cás deiridh na dTrioblóidí?

“Tá an t-ádh orainne go bhfuil lá sa chúirt againn ach níor cheart go mbeadh íobartach ar bith i dtuilleamaí an áidh.”

Duine muinteartha le Aidan McAnespie a dúirt roimh thús na trialach i mBéal Feirste faoina mharú. Bhí sé ag tagairt d’fheachtas fada an teaghlaigh ar thóir an chirt agus plean conspóideach na Breataine chun bac a chur ar chúisimh in aghaidh na bhfórsaí slándála as eachtraí a tharla le linn na dTrioblóidí.

Phléadáil an t-iarshaighdiúir ó Arm na Breataine, David Holden, 52, neamhchiontach as dúnorgain Aidan McAnespie, 23, a maraíodh le hurchar as meaisínghunna a scaoileadh ó ionad seiceála Arm na Breataine ar an teorainn in Achadh na Cloiche i 1988. Admhaíonn Holden gurb é a scaoil trí philéar ón ngunna ach deir sé gurb amhlaidh a sciorr a lámh fhliuch ar an truicear.

Bhuail ceann de na piléir Aidan McAnespie a bhí neamharmtha, é tar éis siúl ó dheas thar an seicphointe ar a bhealach chuig cluiche peile i gContae Mhuineacháin; ba bhall de chlub Achadh Lú Uí Néill de chuid Chumann Lúthchleas Gael é. Bhí sé trí chéad méadar ón ionad nuair a goineadh é agus fuair sé bás ar an mbóthar.

Cúisíodh Holden a bhí 18 ag an am i ndúnorgain ach tarraingíodh siar an chúis. Lean muintir McAnespie lena bhfeachtas ar thóir an chirt, le hathbhreithnithe agus scrúduithe balaistíochta. In 2016 rinne an tSeirbhís Ionchúisimh athscrúdú ar an gcás agus cúisíodh David Holden arís in 2018. Rinne sé achomharc in aghaidh a chúisimh ach dhiúltaigh an chúirt dá iarratas anuraidh.

Ó tá an cás sub judice ní dhéanfaidh an colún seo léirmheas air. Níl aon cheist faoi cé a scaoil an gunna ach dúirt an t-ionchúiseamh sa chúirt nach bhfuil scéal an tsaighdiúra faoi sciorradh láimhe inchreidte agus fiú dá mbeadh gur mhórfhaillí ab ea é. Dúirt sé dá bhrí sin gur ghníomh neamhdhleathach é marú Aidan McAnespie.

Cibé toradh a bheidh ar an gcás, tá suim bhreise ann i bhfianaise phlean rialtas Boris Johnson chun bac a chur ar fhiosrú agus cúisimh iarbhaill de na fórsaí slándála i dtaca le heachtraí foréigin le linn na dTrioblóidí. Bhí lucht feachtais ar son an fhaoisimh ó chúiseamh i láthair ag teach na cúirte. Ina measc bhí an t-iar-aire Caomhach Johnny Mercer a d’éirigh as oifig mar aire cosanta sóisir anuraidh toisc nach raibh reachtaíocht rite ag Boris Johnson chun cosc a chur ar chúiseamh iarshaighdiúirí a bhí ar dualgas abhus. 

Chinnteodh an chosaint d’iarfhórsaí stáit go gcaithfí an faoiseamh céanna a cheadú do na paraimíleataigh. Chuaigh plean an rialtais don reachtaíocht i bhfad níos faide, áfach. Chuirfí cosc freisin ar ionchoisní agus ar chásanna sibhialta. 

Is fada an reachtaíocht sin geallta nó bagartha ag an Státrúnaí Brandon Lewis agus ag an bPríomh-Aire Johnson ach tá íobartaigh agus polaiteoirí den uile chineál anseo, maille le rialtas na hÉireann agus lucht cearta daonna idirnáisiúnta dubh dóite ina coinne. Bhí ionadaithe ó Amnesty International i bhfochair mhuintir McAnespie ag an gcúirt, iad ag éileamh an chirt – fiosrú, agus cúisimh nuair a bheadh an fhianaise ann – do gach duine, cuma cén dream a bhí freagrach as ionsaí. 

Is mór is fiú gur tháinig an cás seo chun na cúirte. Sin í an áit cheart chun breithiúnas a dhéanamh. An tseachtain seo caite fuair gaolta le híobartaigh Dhomhnach na Fola roinnt faoisimh nuair a rialaigh an Príomh-Bhreitheamh gur sa chúirt ba cheart cinneadh a dhéanamh faoi chúisimh in aghaidh ‘Saighdiúir F’ a bhfuil dúnmharuithe beirte curtha ina leith. 

Cuireadh fáilte roimh an rialú ach nochtadh imní go gcuirfeadh rialtas na Breataine a dtoirmeasc i bhfeidhm sula mbeadh seans ar ‘an lá sa chúirt’. Má tharlaíonn sé gurb é cúiseamh iarshaighdiúra as dúnorgain Aidan McAnespie an cás deiridh i dtaca le hoidhreacht na dTrioblóidí, masla i gceann na héagóra ar gach íobartach atá ag fanacht le fuascailt a bheidh ann. 

Ina theannta sin cothóidh sé amhras agus mímhuinín i riar na córa, tosaíocht tugtha do thairbhe lucht tacaíochta ar phrionsabail an chirt. Iomrall breithiúnais is ea é an chóir a bheith in ucht na cinniúna.

Fág freagra ar 'An é cás an iarshaighdiúra faoi mharú Aidan McAnespie cás deiridh na dTrioblóidí?'

  • An Teanga Bheo

    “YOU said it was an accident” ach ní mar sin a bhí Beannacht Dé leis an fear óg a d’ímigh uainn.