An é an Méara Marty Walsh a chaithfidh isteach an sliotar i Fenway Park?

Beidh ár gcolúnaí i bPáirc Fenway in Boston an tseachtain seo chugainn don Fenway Hurling Classic

An é an Méara Marty Walsh a chaithfidh isteach an sliotar i Fenway Park?

Imreoirí na Gaillimhe a d'imir i Fenway Park in 2015. Pictiúr: INPHO/Emily Harney

Níl a fhios agam an é méara atofa Bhostúin Marty Walsh a chaithfidh isteach an sliotar i Fenway Park Dé Domhnaigh seo chugainn nuair a thosós an imirt ansiúd idir iománaithe na Gaillimhe agus Átha Cliath agus ina dhiaidh sin, imreoidh Tiobraid Árann agus Co. an Chláir a chéile mar chuid den Fenway Hurling Classic. Más é féin, ní bheidh ann ach aithris ar an méid a tharla nuair a tarraingíodh an chéad bhuille riamh ar liathróid sa bpáirc is sine ina n-imrítear cluiche de chuid an Major League Baseball.

Talamh riascach a bhí ansiúd tráth den saol, mar a thuigfeá ó ainm na háite i mBéarla, ach bhí sé draenáilte le fada faoin am ar thóg úinéir na Boston Red Sox John I. Taylor páirc dá fhoireann ansiúd i dtús an chéid seo caite.

John Francis ‘Honey’ Fitzgerald, a bhí ina mhéara ar chathair Bhostúin ag an am. Dósan a tugadh an onóir an liathróid ba thúisce a chaitheamh isteach ag searmanas na hoscailte sular imir na Sox agus na New York Yankees a chéile i mí an Aibreáin 1912.

Ba iníon le ‘Honey’ Fitz ar ndóigh an Rose Fitzgerald a phós Joe Kennedy agus a raibh a mac siúd, John Fitzgerald Kennedy, ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Cé a déarfadh nach síolróidh teaghlach chomh mór le rá céanna ó mhéara an lae inniu agus nach dtiocfaidh siad ar cuairt chuig Ros Muc agus chuig Caladh Mhaínse mar a tháinig an Cinnéideach go Baile Uí Dhonnagáin i Loch Garman!

Staid ar an seandéanamh í Fenway Park agus ós rud é gur i gceartlár na cathrach atá sí tógtha is beag athrú atá tagtha uirthi ó bhíodh mé féin rialta go maith ann sna 1970idí.

Chomh maith le bheith ar an bpáirc imeartha is sine i MLB, tá sé ar an gceann is lú (37,000 lucht féachana). Fágann an áit ina bhfuil an staid gur beag spáis atá ina timpeall lena méadú agus tá cead diúltaithe ag údaráis na cathrach, go dtí seo ar aon nós, do na Rex Sox aistriú chuig suíomh eile ina mbeadh áit ag níos mó mar atá déanta ag foirne go leor eile timpeall Mheiriceá – cinn ina mbíonn boscaí corparáide, dúbailt spáis agus mar sin de.

Fear darbh ainm John Henry atá ina phríomh-úinéir ar na Sox faoi láthair agus má cheapann tú gur chuala tú caint cheana air tharlódh gurb í an úinéireacht atá aige ar an nuachtán The Boston Globe nó ar chumann sacair Liverpool is cúis leis sin.

Mar a luaigh mé anseo cheana is dream iad saoránaigh Bhostúin a bhfuil spéis dhamanta acu sa spórt. Le linn na seachtaine seo chugainn beidh Fenway lán go doras ag cluichí sa bPeil Mheiriceánach ina mbeidh Ollscoileanna na stát mórthimpeall páirteach – go deimhin an lá sula mbeidh an iománaíocht ar siúl ann, beidh peileadóirí Boston College (a d’imir Georgia Tech san Aviva i mBaile Átha Cliath anuraidh) ag dul chun páirce in aghaidh Ollscoil Connecticut ansiúd an tseachtain seo chugainn, an tríú cluiche de shraith.

Sa gcathair freisin tá foireann haca oighir na Boston Bruins, foireann chispheile na Boston Celtics agus amach i mbruachbhaile Foxborough, peileadóirí iomráiteacha na New England Patriots (Boston Patriots lá den saol) , a chaith dornán blianta ag imirt i Fenway sna 1960idí.

Ní mór do lucht leanta na spórt sin i mBostún a gcuid bpócaí a bheith teann go maith agus iad ag tacú lena laochra na laethanta seo. Tá na ticéid is saoire féin costasach go leor agus ar ndóigh ní bheadh sé d’acmhainn ag bunáite an phobail na cinn is daoire a cheannach.

Mar shampla d’imir na Celtics agus na Charlottesville Hornets a chéile sa Boston Garden arú aréir – $53 a bhí ar an ticéad ba shaoire agus a dheich oiread sin ar cheann a d’fhágfadh in aice na cúirte duine. Lucht an haca oighir a bhí ansiúd aréir, costas idir $47 – $300 a bhí ar na Bruins a fheiceáil ag imirt in aghaidh na Toronto Maple Leafs.

Dá chostasaí sin, bhánódh an pheil agus an baseball duine. I dtús na seachtaine $25 an ceann a thug mise ar thicéid a fhágfaidh feiceáil agam féin agus ag cúpla cara ar thrí chluiche iomána i Fenway Dé Domhnaigh seo chugainn, áit a mbeidh traidhfil ceoil agus teacht le chéile Gaelach ar bun freisin.

Chosnódh na ticéid a d’fhágfadh sna suíocháin cheannann chéanna mé i dtús an Aibreáin seo chugainn ag an gcluiche idir na Red Sox agus na Yankees $100 an ceann agus beidh $800 ar thicéad a fhágfadh buailte ar pháirc na himeartha tú an lá sin.

Imríonn foirne an baseball 162 cluiche in aghaidh an tséasúir – a leath ag baile. Dá bharr is beag duine a mbeadh sé d’am ná de shuim acu freastal ar a leath sin féin. Ná an t-airgead acu, fiú dá mbeadh.

Costas idir $5,000 a bheadh ar thicéad séasúir baseball do mo shuíochánsa agus $11,502 ar na cinn is fearr i Fenway.

Tá costas níos mó ag baint le dul ag féachaint ar na Patriots i Foxborough ná atá le dul ag breathnú ar aon fhoireann eile san NFL. Ar an meán, íocann lucht a leanta siúd $380 an ceann ar a gcuid ticéad i gcomparáid leis an $86 a íocann muintir Cincinnati le freastal ar chluichí na Bengals.

Déarfaidh mé leis an Méara Marty go raibh sibh ag cur a thuairisce. Bhí sé féin a’inn!

Fág freagra ar 'An é an Méara Marty Walsh a chaithfidh isteach an sliotar i Fenway Park?'