An dúshlán is mó riamh roimh Southgate agus é ag iarraidh srian a chur ar Mbappé

Imreoidh an Phortaingéil agus Maracó in aghaidh a chéile sa chéad chluiche ceathrú ceannais inniu ach is mó suim atá sa choimhlint idir Sasana agus an Fhrainc níos deireanaí anocht

An dúshlán is mó riamh roimh Southgate agus é ag iarraidh srian a chur ar Mbappé
Ronaldo. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne


3.00in

D’fhéadfadh Maracó a n-ainm a chur sna leabhair staire tráthnóna dá mbuafadh siad ar an Phortaingéil. Níor éirigh le haon fhoireann ón Afraic babhtaí leathcheannais Chorn an Domhain a bhaint amach go dtí seo i stair an chomórtais ach tá an-deis ag Maracó é sin a dhéanamh inniu.

Tar éis dóibh greadadh a thabhairt don Eilvéis sa bhabhta deireanach, is iad an Phortaingéil rogha na coitiantachta sa chluiche seo ach ní ghéillfidh Maracó gan cath. Tá foireann Walid Regragui ar cheann den bheagán atá fágtha sa Chatar nár chaill cluiche go dtí seo sa chomórtas agus d’éirigh le Maracó críochnú chun tosaigh ar an Chróit agus an Bheilg ag barr Ghrúpa F.

Mheas go leor go dtiocfadh deireadh lena n-aistear in aghaidh na Spáinne i mBabhta an 16 ach fuair na Maracaigh an ceann is fearr ar fhoireann Luis Enrique ar chiceanna éirice tar éis don chluiche críochnú ar comhscór. Cur chuige cosantach go maith a bhí ag Maracó sa chluiche céanna ach chaithfeá iad a mholadh as an díograis agus an smacht a léirigh siad chun na Spáinnigh a choinneáil amach. Cé go raibh seilbh ag an Spáinn ar an liathróid d’fhormhór mór an chluiche, is ar éigean a bhíodar in ann deiseanna ar chúl a chruthú.

Déarfá go mbeidh an patrún céanna sa chluiche inniu, an Phortaingéil ar an ionsaí agus Maracó ag iarraidh iad a choinneáil amach.

Ba é cinneadh an bhainisteora, Fernando Santos, Cristiano Ronaldo a fhágáil i measc na n-ionadaithe an scéal mór roimh an gcluiche i mBabhta an 16 in aghaidh Uragua. B’iontach an toradh a bhí ar an gcinneadh sin, áfach, mar scóráil an té a tháinig isteach in áit Ronaldo, an t-ógánach Gonçalo Ramos, trí chúl. Níl ach ceithre chluiche imeartha ag Ramos don Phortaingéil ach thug sé taispeántas den scoth uaidh i rith na seachtaine agus déanfaidh sé sin rudaí i bhfad níos éasca do Santos agus é ag fágáil Ronaldo amach arís inniu.

Má fhaigheann an Phortaingéil cúl luath sa chluiche tráthnóna, mar a tharla in aghaidh na hEilvéise, ní bheidh Maracó in ann a bheith chomh cosantach is a bhí in aghaidh na Spáinne. A fhad is a choinníonn siad na Portaingéalaigh amach, is fearr an mhuinín a bheidh acu.

 


7.00in

D’éirigh le Gareth Southgate Sasana a thabhairt chomh fada leis na babhtaí leathcheannais sa dá mhórchomórtas ina raibh sé i gceannas ar an bhfoireann go dtí seo ach seans nach bhfuil cluiche chomh deacair le ceann na hoíche anocht imeartha ag a fhoireann le linn a thréimhse mar bhainisteoir.

Sa Rúis in 2018, bhuaigh Sasana ar an Cholóim agus ar an tSualainn sna babhtaí díbeartha sular sháraigh an Chróit iad i gcluiche leathcheannais. Chuaigh siad céim níos faide ag EURO 2020 ach arís, ní raibh aon bhua suntasach. Fuaireadar an ceann is fearr ar an nGearmáin i mBabhta an 16 ach foireann í sin a bhí seargtha go mór ó bhuaigh siad Corn an Domhain in 2014. Chloígh Sasana an Úcráin agus ansin an Danmhairg ina dhiaidh sin agus cé gurb iad na Danmhargaigh is fearr de na foirne sin, tá foireann seo na Fraince céim nó dhó chun tosaigh orthu.

Is í an cheist mhór roimh an gcluiche ná céard a dhéanfaidh Southgate chun dul i ngleic le Kylian Mbappé. Is é tosach PSG an t-imreoir is fearr ar domhan i láthair na huaire agus beidh Sasana dírithe ar é a stopadh.

Córas 4-3-3 a bhí in úsáid go dtí seo sa chomórtas ag Sasana ach tá tuairim ann go bhfillfidh Southgate ar an gcóras 3-4-3 a bhí in úsáid aige nuair a shroich Sasana cluiche ceannais EURO 2020. Thabharfadh sin an deis do Kyle Walker agus Kieran Trippier oibriú le chéile chun srian a choinneáil ar Mbappé.

An phríomh-argóint atá ann i gcoinne an athraithe sin ná go mbeadh sé ag géilleadh rómhór do láidreachtaí na Fraince agus ag tabhairt cúl leis na rudaí atá déanta go maith ag Sasana go dtí seo sa chomórtas.

Níor scóráil aon fhoireann eile níos mó cúl ná mar a d’aimsigh Sasana sa chéad cheithre chluiche sa Chatar agus bhí baint ag imirt Jude Bellingham le cuid mhaith acu. Nuair a bhíonn beirt taobh leis i lár na páirce, tugann sé níos mó saoirse dó dul ar an ionsaí agus bheadh air níos mó obair chosanta a dhéanamh i gcóras 3-4-3. Bheadh ceist ann fiú an dtosódh Southgate é nó an rachadh sé le Jordan Henderson nó Kalvin Phillips taobh le Declan Rice, beirt a bhfuil níos mó taithí acu a bheith ag imirt sa ról sin.

Más beirt a bheidh ag Sasana i lár na páirce, d’fhéadfaí níos mó spáis a fhágáil ag Antoine Griezmann na Fraince. Níl an chaint chéanna tarraingthe ag taispeántais Griezmann is atá ag imirt Mbappé ach tá fear Atlético Madrid ar fheabhas ar fad sa chomórtas agus é ag imirt beagáinín níos faide siar ná mar a bhíonn go hiondúil.

Má choinníonn Southgate leis an 4-3-3, d’fhéadfadh Sasana an Fhrainc a chur faoi bhrú le leithéidí Bellingham agus Bukayo Saka ag dul ar an bhfrithionsaí nó leas a bhaint as coisíocht Walker fiú chun Mbappé a chur ag cosaint.

Bainisteoirí coimeádacha iad Southgate agus Didier Deschamps ach tugann Deschamps beagáinín níos mó saoirse do shárthosaithe na Fraince agus fios maith aige go mbeidh a gcumas cinniúnach.

Fág freagra ar 'An dúshlán is mó riamh roimh Southgate agus é ag iarraidh srian a chur ar Mbappé'