An DUP – na daoine is Briotanaí RIAMH!

Mura bhfuil agat ach pocán gabhair, bí i lár an aonaigh. Fiaraigh don DUP é…

An DUP – na daoine is Briotanaí RIAMH!

Lena gceart a thabhairt don DUP, táid an-mhaith ag na hoptaic. Tá coráiste agus an-chuing muiníl acu. Le laethanta beaga anuas, tá an páirtí seo, nach bhfuair ach 292,316 vóta san olltoghchán deireanach, páirtí atá go mór ar an eite dheis, páirtí ceartchreidmheach, fíornáisiúnach, ríchoimeádach, atá i gcoinne chearta an phobail aeraigh agus an phobail Ghaelaigh, tar éis an chuma a chur orthu féin go bhfuilid ar comhchéim, nó ar chéim níos airde, le Rialtas tofa na hÉireann, Príomh-Aire na Breataine agus a Rialtas, agus cinnirí an aontais Eorpaigh.

Mura bhfuil agat ach pocán gabhair, deirtear leat a bheith i lár an aonaigh leis, agus tá tuiscint rímhaith ag an DUP ar an bhfírinne a bhaineann leis an seanfhocal Gaelach úd.

Chuireadar éadaí agus gothaí an údaráis orthu féin, agus an chuma orthu go raibh Arlene ina Príomh-Aire ar thír ar leith. Tá a fhios ag madraí an bhaile go dtuigeann an pobal ó thuaidh, agus go háirithe an pobal a vótálann don DUP, tábhacht an tsiombalachais, agus d’úsáid an Páirtí Aontachtach Daonlathach é sin go seoigh ar fad an tseachtain seo, go háirithe agus iad os comhair na gceamaraí.

Cad ina thaobh gur ag seasamh os comhair staighre maorga Stormont a bhíodar agus ceamaraí dírithe orthu? Cad ina thaobh go rabhadar ar Chnoc an Anfa in aon chor, ó níor tionóladh an Tionól le formhór bliana? Cad eile, ach go gcuireann sé cuma na gceannairí rialtais orthu a bheith ann; na ceamaraí nuachta dírithe ar fhoirgneamh mór impiriúlach, údarásach, ar nós Westminster nó Tithe an Oireachtais, agus ansan ag caint le lucht an DUP, ar nós gurb iadsan atá i gceannas ar na sé chontae ar fad.

Ag an am céanna, bhí pictiúir den Taoiseach á dtaispeáint ag na meáin ar fud an domhain, é nach mór ina ghiordaí gan léine ná geansaí air. Ní dhéanann san pioc difríochta domsa – féadfaidh sé pé ní is maith leis a chaitheamh, an fhaid is atá sé ag obair ar leas na tíre – ach go raibh cuma níos údarásaí ar na DUPaigh ná air féin.

Optaic agus siombalachas. Sin é an taobh go mbíonn dealg mhór i bhfoirm na corónach ar Arlene i gcónaí agus í os comhair na gceamaraí. Dá bhféadfadh sí ceann níos mó fós a bhualadh uimpi, dhéanfadh. Tá sí chomh mór le teaghlach ríoga na Breataine is a bheadh bó le coca féir. Is ar mhaithe leis an 292,316 duine úd atá na rudaí seo ar fad á ndéanamh acu – le tabhairt le fios gurb iad féin na daoine is Briotanaí RIAMH, agus gurb iad atá i gceannas ar na sé chontae.

Ina theannta san, tá an t-aineolas fé chúrsaí na hÉireann i measc iriseoirí, polaiteoirí agus lucht tráchtaireachta na Breataine ag déanamh cac asail sa deep freeze den scéal ar fad. De dheasca a raimhreachta tá stádas á thabhairt acu don DUP nach bhfuil ag dul dóibh. Admhaím gurb iad atá ag coimeád Rialtas na gCoimeádach thall ar a gcosa, leis an gcomhaontú iarthoghcháin a deineadh eatarthu, ach ní hé sin atá á thabhairt le fios sna meáin sa Bhreatain. Cloistear ráitis ar nós an chinn a bhí ar Nuacht Sky aréir – “Tá sé seo inghlactha do Bhaile Átha Cliath, do Londain, ach níl sé inghlactha do Bhéal Feirste” – mar dhea gurb iad an DUP Rialtas bailí an Tuaiscirt. Ní hé an t-eireaball atá ag croitheadh an mhadra, ach an sceartán ar bhundún an mhadra. Ach ní chloistear sin sna meáin Shasanacha.

Deirid linn go bhfuil an DUP diongbháilte do Chomhaontú Aoine an Céasta. Deirid nach bhfuil aon teorainn chrua uathu chomh maith. Ní raibh lámh ná páirt acu sa chéad chomhaontú, agus ní miste leo aon teorainn a chruthódh deighilt idir na sé chontae agus an chuid eile. Bhí deis ag pobal na sé chontae cos a bheith acu in dhá cheann de na geilleagair is mó ar domhan, ach níl san ag cur tinnis ar an DUP. Níl uathusan ach a thabhairt le fios go bhfuilid níos Gallda ná na Gaill iad féin.

Táid ar mhuin na muice; iad ag coimeád ceoil le rinceoirí pharlaimint na himpireachta.

Tá Saintí tagtha luath go dtí an DUP.

Fág freagra ar 'An DUP – na daoine is Briotanaí RIAMH!'

  • Traolach

    ‘Ná déan deimhin ded dhóchas’, b’fhéidir go gcuirfidh Foster eolas ar an seanfhocal sin feasta leis. Aiste líofa láidir ó Dháithí.