An DUP le cloí lena mbaghcat ar Stormont in ainneoin foilsiú bille faoin bprótacal

Tá ‘feall ar iontaoibh’ agus beart ‘frith-ghnó’ curtha i leith Rialtas na Breataine ag an Taoiseach

An DUP le cloí lena mbaghcat ar Stormont in ainneoin foilsiú bille faoin bprótacal

Liz Truss. Pictiúr: Simon Dawson / No 10 Downing Street

Tá an t-eiteach tugtha ag an DUP don éileamh is déanaí go bhfillfí ar roinnt na cumhachta in Stormont in ainneoin bille a bheith tugtha isteach ag Rialtas na Breataine a chuirfeadh go leor de phrótacal an Tuaiscirt ar ceal. 

Chuir ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, fáilte roimh an bhille ach dúirt sé go mbeadh a pháirtí ag cloí lena mbaghcat ar  Stormont nó go gcuirfí an reachtaíocht tríd Westminster.

Deir an Taoiseach gur “feall bunúsach ar iontaoibh” atá sa reachtaíocht a d’fhoilsigh Rialtas na Breataine chun codanna de phrótacal an Tuaiscirt a chur ar ceal.

Reachtaíocht “fhrith-ghnó” a bhí inti a léirigh easpa tuisceana ar chúrsaí gnó mar atá sa Tuaisceart, a dúirt Micheál Martin.

Dúirt sé go raibh imní ar chuid mhaith de cheannairí an Aontais Eorpaigh nach bhféadfaí brath ar Rialtas na Breataine cloí le comhaontuithe idirnáisiúnta feasta.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go ndearna an cinneadh an reachtaíocht a thabhairt isteach go haontaobhach níos mó dochair don chaidreamh Angla-Éireannach ná aon rud eile a tharla le 25 bliain anuas.

Dúirt Liz Truss, Rúnaí Gnóthaí Eachtracha Rialtas na Breataine go raibh siad á n-iompar féin ar shlí a bhí “réasúnta”.

Mhaígh Truss go raibh dochar á dhéanamh ag an bprótacal do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus do chúrsaí trádála.

Dúirt sí go mb’fhearr le Rialtas na Breataine an cheist a réiteach trí idirbheartaíocht leis an AE ach nach raibh an tAE sásta téacs an phrótacail a leasú.

Tá curtha i leith Rialtas na Breataine ag polaiteoirí sinsearacha ar fud na hEorpa go bhfuil neamhaird á déanamh acu ar an dlí idirnáisiúnta fad is a bhaineann sé leis an bprótacal a tugadh isteach chun teorainn chrua a sheachaint in Éirinn.

Tuairiscítear nach bhfuil sé curtha as an áireamh go ngearrfaí pionóis ó thaobh na trádála ar an mBreatain agus tá sé ina imní go bhféadfadh sé a bheith ina chogadh trádála.

Dúirt príomh-idirbheartaí an AE  Maroš Šefčovič go bhféadfadh go gcuirfí an dlí ar Rialtas na Breataine.

Faoin reachtaíocht chaithfeadh Rialtas na Breataine i dtraipisí seiceálacha ar earraí chomhlachtaí sa Bhreatain a bheadh le díol sa Tuaisceart.

Bheadh ‘lána glas’ ann d’earraí don Tuaisceart agus bheadh ‘lána dearg’ i gceist d’earraí atá le seoladh go dtí an tAontas Eorpach. 

De réir na reachtaíochta ní bheadh aon ról feasta ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach in aighnis trádála agus bhunófaí ina áit sin córas eadránaithe neamhspleách.

Cheadódh an reachtaíocht do chomhlachtaí sa Bhreatain a bhíonn ag easpórtáil earraí go dtí an Tuaisceart rogha a dhéanamh idir cloí le caighdeáin rialúcháin na Breataine nó cinn an Aontais Eorpaigh. 

Fág freagra ar 'An DUP le cloí lena mbaghcat ar Stormont in ainneoin foilsiú bille faoin bprótacal'