An DUP chun cur i gcoinne mholadh May i Westminster – Arlene Foster

Dúirt ceannaire an DUP tráthnóna go bhfágfadh cúlstop don Tuaisceart amháin go bhféadfadh go dtiocfadh deighilt de réir a chéile idir Tuaisceart Éireann agus an Ríocht Aontaithe

An DUP chun cur i gcoinne mholadh May i Westminster – Arlene Foster

Tá ráite ag ceannaire an DUP Arlene Foster nach nglacfaidh sí le moladh Theresa May go mbeadh stádas speisialta ag Tuaisceart Éireann i ndiaidh an Bhreatimeachta agus go mbeadh teorainn i muir Éireann.

Ag labhairt di le RTÉ Nuacht, dhearbhaigh Foster nach dtacódh an DUP, ar a bhfuil Rialtas May ag brath, lena leithéid de mholadh.

Dúirt Foster gur údar mór buartha di a cheapadh go mbeadh Tuaisceart Éireann faoi smacht rialacha an Aontais Eorpaigh ach gan aon chur isteach acu ar na rialacha sin.

Dúirt Foster gur plean “easnamhach” ó thaobh an daonlathais é go bhfanfadh Tuaisceart Éireann amháin a  sa mhargadh aonair agus san aontas custaim sa chás go dteipfeadh ar na cainteanna Breatimeachta. Dúirt sí go bhfágfadh a leithéid go bhféadfadh go dtiocfadh deighilt de réir a chéile idir Tuaisceart Éireann agus an Ríocht Aontaithe as seo go ceann deich mbliana.

Dúirt ceannaire an DUP nach raibh ach aon bhunphrionsabal amháin ag a páirtí i dtaobh an Bhreatimeacha agus sin an t-aontas a chosaint.

Dúirt Foster níos túisce inniu gur “údar mór imní” dóibh siúd ar mór acu “sláine” na Ríochta Aontaithe í litir ó Theresa May faoin mBreatimeacht.

Tá an ghoimh ar an DUP faoin litir agus iad den tuairim gur fianaise í go bhfuil sárú déanta ag Príomh-Aire na Breataine ar a gealltanas nach nglacfadh sí le moladh ar bith a chaithfeadh ar bhealach difriúil le Tuaisceart Éireann seachas mar a chaithfí leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe.

Thug May le fios sa litir, ar éirigh le nuachtán an Times cóip a fháil di, go bhfuil plé fós ar bun leis an Aontas Eorpach sna cainteanna Breatimeachta faoi Thuaisceart Éireann amháin a fhágáil san aontas custaim agus sa mhargadh aonair sa chás go dteipfeadh ar an idirbheartaíocht. 

I dtvuít a chuir sí amach inniu, dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster gur údar mór imní an litir i dtaca le sláine “our precious union” agus mhaígh sí gur léirigh an méid a bhí scríofa ag May go bhfuil an Príomh-Aire sásta go mbeadh teorainn i muir Éireann.

Tá rialtas Theresa May ag brath ar thacaíocht fheisirí parlaiminte an DUP in Westminster agus dúirt duine de na feisirí sin, Sammy Wilson, inniu “nach raibh an cath caillte”.

Ag labhairt dó ar an Sean O’Rourke Programme ar RTÉ, dúirt Wilson go gcuirfí stop le plean May sa Pharlaimint fiú dá n-éireodh léi tacaíocht na comh-aireachta a fháil.

“Íocfar as má bhriseann an Rialtas a dtaobhsan den mhargadh,” arsa Wilson. 

Dúirt urlabhraí de chuid Phríomh-Aire na Breataine nach nglacfaí le margadh imeachta ar bith a d’fhágfadh go mbeadh dhá limistéar custaim sa Ríocht Aontaithe nó teorainn chrua in Éirinn.

Fág freagra ar 'An DUP chun cur i gcoinne mholadh May i Westminster – Arlene Foster'