An DUP agus an Pápa Proinsias

Ní bheidh aon ionadaí ag an DUP ag an bhfáiltiú don Phápa agus is bocht an straitéis é sin chun vótaí na gCaitliceach a mhealladh

An DUP agus an Pápa Proinsias

Ní fada ó bhí an DUP ag maíomh go raibh tacaíocht á cruinniú acu ó vótóirí Caitliceacha i ngeall ar a ‘luachanna morálta’. Bhí Arlene Foster, Jeffrey Donaldson agus Ian Paisley glórach faoin ngaisce a bhí á dhéanamh acu i ngeall ar a seasamh in aghaidh an ghinmhillte agus an phósta comhghnéis. Tá a fhios againn go bhfuair siad vótaí ó dhream beag Caitliceach a bhíonn ag feachtasaíocht in aghaidh an ghinmhillte. Ní fios an bhfuair siad mórán eile vótaí ó Chaitlicigh.

Tá a fhios againn go raibh frithChaitliceachas de dhlúth agus d’inneach san DUP, agus a mbunaitheoir, an tUrramach Ian Paisley ina scéith bhéil as a oilbhéas agus a mhaslaí do Phápaí, striapach na Babalóine agus an tAinchríost mar a thugadh sé air. Tá a fhios againn freisin go dtuigeann Peter Robinson agus daoine eile san DUP go mbeidh gá acu le vótaí ó Chaitlicigh chun fanacht san Ríocht Aontaithe. Léirigh an daonáireamh is deireanaí agus gach scrúdú ar na hathruithe déimeagrafacha gur gearr eile an t-achar a bheidh móramh Aontachtach abhus. D’aithin Robinson é sin ocht mbliana ó shin; rinne sé óráid ag moladh don DUP a bheith níos tarraingtí don ‘taobh eile’. Ansin theip air aon ní a dhéanamh faoina mholadh féin.

Mar iarcheannaire, tá sé ag gríosú an pháirtí chun an fhírinne sin a aithint agus gníomhú dá réir. Ceapadh go gcinnteodh an realpolitik go nglacfadh an DUP le cuireadh chuig ócáid le linn chuairt an Phápa, chun meas a léiriú ar na Caitlicigh sin abhus ar mór acu teacht an Phápa Proinsias go hÉirinn. Ceap nach ndéanfadh aon bhróg!

Thug ceannaire an DUP, Arlene Foster, an t-eiteachas do chuireadh an Taoisigh chuig an bhfáiltiú don Phápa i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn. Bhí aiféala uirthi ach beidh sí as baile lena teaghlach. Maith go leor, tuige nach mbeadh briseadh ag an teaghlach sula ngabhfaidh na gasúir ar ais ar scoil?

Ach ní hé sin iomlán an scéil. Ní bheidh ionadaí ag an DUP ansin ina háit ach an oiread. Is iondúil go bhfreastalaíonn ball eile den pháirtí ar ócáid nuair nach féidir leis an gceannaire a bheith i láthair. Sin é atá á dhéanamh ag an UUP; beidh an Teachta Tionóil do Ghleann an Lagáin, Robbie Butler i láthair. Ní féidir leis an gceannaire Robin Swann a dhul ó dheas mar beidh sé ag máirseáil leis an Ord dílseach, the Black Preceptory.

Deis curtha amú, freagra ciotach, easpa críonnachta, aimhleas an DUP mar gur masla é do Chaitlicigh Thuaisceart Éireann. Níor chaill an UUP an deis chun sáiteán a thabhairt don DUP.

Céard is fiú don DUP a bheith ag caint ar lámh a shíneadh amach chuig Caitlicigh nuair a dhiúltaíonn siad an rud is lú a dhéanamh, a dúirt Stephen McCarthy comhairleoir Caitliceach de chuid an UUP. Má chreideann siad a maíomh gur ‘do gach éinne an Ríocht Aontaithe’ ba cheart dóibh freastal ar an ócáid mar atá á dhéanamh ag an UUP, a dúirt an Comhairleoir McCarthy.

Cháin Alliance cinneadh an DUP chomh maith á chur i gcodarsnacht le cruinnithe Martin McGuinness agus an Bhanríon Eilís lena chéile nó an Ghaeilge a labhair an Bhanríon. Dúirt Kellie Armstrong, Teachta Tionóil Alliance a bheidh i láthair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go raibh sé de cheart ag Arlene Foster a dhul ar saoire ach dá b’fhíor gurbh é sin an chúis gur eitigh sí an cuireadh gur cheart di ionadaí a ainmniú. Is polaiteoirí iad, ba cheart dóibh a bheith ionadaíoch ar an bpobal ar fad.

Cháin Alban Maginness, iarTheachta Tionóil an SDLP cinneadh an DUP. Masla é do na mílte Caitliceach a bhfuil míniú tuillte acu ón bpáirtí, a dúirt sé. B’ait leis go mbeadh Arlene Foster ag dul ar saoire an deireadh seachtaine seo nuair a bhí a fhios le míonna cathain a thiocfadh an Pápa agus gur cinnte go raibh a fhios aici go bhfaigheadh sí cuireadh. Ba mhór idir a hiompar, ar sé agus Modhnóir na hEaglaise Preispitéirí, an Dr Charles McMullan a bheidh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus a bheidh i bPáirc an Chrócaigh lena bhean chéile ar chuireadh ón Ardeaspag Éamonn Martin.

Ar an láimh eile cháin ministir ón Eaglais Shaor Phreispitéireach, an Eaglais a bhunaigh Ian Paisley, cinneadh an Dr McMullen freastal ar imeachtaí don Phápa. Feall ar Íosa Críost ab ea é, a dúirt an tUrramach Ian Brown mar gur ‘mealltóir reiligiúnach’ é an Pápa agus toisc go bhfuil teagasc na hEaglaise Caitlicí uaibhreach, neamh-scrioptúrtha. Dúirt Jim Wells ón eite is coimeádaí den DUP gur thuig sé seasamh an pháirtí. Dúirt sé go mbeadh an chuid is mó acu ag máirseáil Dé Sathairn agus go mbeadh deacracht diagachta ag daoine eile, gan trácht ar na scéalta is deireanaí faoi mhí-úsáid ghnéis.

Ar ndóigh ní féidir le héinne neamhaird a dhéanamh de na scannail faoi mhí-úsáid agus faoi cheilt freagrachta ach céard a dhéanfaidh an DUP fúthu sin is iad as láthair? Bhí feachtas athmhuintearais ar siúl ag Arlene Foster le déanaí, í ag cluiche peile agus cruinniú LADT i Stormont ach tá an bonn bainte aici de na hiarrachtaí sin anois, é soiléir nach raibh iontu ach comharthaí aon lae, gan substaint. Is bocht an straitéis é chun vótaí na gCaitliceach a bhailiú.

Fág freagra ar 'An DUP agus an Pápa Proinsias'

  • Mairéad

    Agus coiriúlacht na heaglaise Rómhánaí Caitlicí maidir le mí-úsáid páistí fós ag dul ar aghaidh nárbh fhearr do Arlene Foster dul go’n bhigil i dTuaim ar an Domhnach seo chugainn chun tacú le gaolta na bpáistí a caitheadh a gcorp i ndabhach séarachais ansin ar nós conablaigh muice?