An DUP ag feadaíl sa dorchadas

Roghnaigh an DUP a gcúrsa féin agus díolfaidh siad as an rogha sin mura dtabharfaidh siad malairt treo orthu féin

An DUP ag feadaíl sa dorchadas

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tráth imní don DUP is ea an tréimhse chinniúnach seo romhainn, rogha an dá dhíogh ag bagairt orthu agus fearg an phobail. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil an Bhreatain ag druidim le himeacht gan mhargadh as an Aontas Eorpach agus lorg an DUP go ríshoiléir ar an bpraiseach. É sin, nó déanfar feall orthu.

Tá a fhios ag an saol go bhfuil athbhreithniú ar siúl ag Sinn Féin tar éis léasadh a fháil ó na vótóirí ó dheas agus an status quo a chaomhnú, ar éigean, sa tuaisceart. Ba phléisiúr don DUP é a bheith in ann a rá gur mhéadaigh siadsan a gcéatadán den vóta sna toghcháin áitiúla murab ionann agus Sinn Féin. Ach níor fhéad siad an fhírinne a cheilt, is é sin gur chaill siad ocht suíochán.

Tá daoine tuirseach d’éagumas an dá pháirtí i leith Stormont gan dabht, ach mar fhreagra air sin bhí an DUP ag déanamh gaisce faoina dtionchar in Westminster. Mhaígh siad go raibh seirbhís don phobal déanta acu leis an gciste a fuair siad ó na Caomhaigh mar aisíoc as an margadh muiníne agus soláthair.

Bhí blas den bhfeadaíl sa dorchadas ar an ngaisce sin. Ní chuirfeadh sé an dallamullóg ar éinne faoi ról an pháirtí i leith an Bhreatimeachta. D’úsáid siad a dtionchar in Westminster chun tacú leis an mBreatimeacht a bhfuil móramh an phobail abhus dubh dóite ina choinne agus scanraithe roimhe.

Ní hamháin sin ach rinne siad comhghuaillíocht leis an dream sna Caomhaigh, an ERG, a bhfuil an Breatimeacht is déine ar fad uathu, buíon atá ar nós cuma liom faoin éifeacht a bheadh ag a leithéid ar an saol abhus. Ina theannta sin ba iad an DUP a d’áitigh ar a gcairde i measc na gCaomhach diúltú don chúlstad agus vótáil in aghaidh Theresa May.

Deir urlabhraithe an pháirtí arís agus arís nach bhfuil imeacht crua uathu ach nach féidir glacadh leis an idirdhealú idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe a dhéanfadh an cúlstad. Is béas leo, mar a rinne Jeffrey Donaldson i mBaile Átha Cliath le déanaí, a rá gurb é rialtas na hÉireann atá freagrach as na deacrachtaí agus gur slat é an cúlstad chun muintir na hÉireann a sciúrsáil. Sa mhullach air sin maíonn siad go bhfuil an tAontas Eorpach ag iarraidh díoltais. Bíodh do rogha ceap milleáin agat, ainmneoidh an DUP é chun iarracht a dhéanamh freagracht as a gcuid botún féin a cheilt.

Seans go bhfágfaidh an t-athrú ceannaireachta ar na Tóraithe lomnocht iad. Tuigim gurbh fhearr leo Jeremy Hunt mar chomharba ar Theresa May i ngeall ar a leagan amach i dtaca le ginmhilleadh agus a dtuairim gur féidir brath ar a fhocal. Ceist eile an féidir brath ar a bhreithiúnas faoina bhfuil cloiste aige, dar leis, ó cheannairí Eorpacha.

D’ainneoin a bhfuil ráite ag an Seansailéir Merkel agus státairí eile nach ndéanfar aon phlé in athuair ar an gconradh aistarraingthe mhaígh Hunt gur dúradh leis féin go mbeadh fáilte roimh idirbheartaíocht nua. Ní cheaptar go bhfaighidh sé an ceann is fearr ar rogha na coitiantachta, Boris Johnson, sin mura ndéanfaidh Johnson botún mór nach mbeidh aon éalú uaidh.

Chuir an DUP na múrtha fáilte roimh Boris Johnson mar aoichainteoir ag a gcomhdháil bhliantúil mí na Samhna seo caite. Ba bhinn leo a eiteachas as éadan don chúlstad ach taobh istigh de chúpla mí vótáil sé ina fhabhar. Tá taithí acu ar ghiorracht saoil na ngeallúintí a thugann Johnson mar sin.

An gcloisfidh siad aon cheo a chothódh muinín as in athuair ag na cruinnithe stocaireachta an mhí seo romhainn? An nglacfadh Johnson mar Phríomh-Aire leis an gcúlstad? Ní féidir sin a chur as an áireamh má bhíonn sé in ann cuma dhearfach a chur ar choinníoll éigin san dearbhú polaitiúil. Admhaíonn foinsí sa pháirtí faoi rún go bhfuil imní orthu. Tá imní orthu freisin go roghnóidh sé imeacht gan aon mhargadh nó go ligfidh sé dó sin tarlú ‘trí thimpiste’. Beidh an DUP ag brath ar Theach na Parlaiminte chun é sin a chosc cé gur vótáil siad féin le gairid chun ‘no deal’ a choinneáil mar rogha.

Meabhraíonn ionadaithe dúinn go mbeidh rialtas Caomhach fós i dtuilleamaí vótaí an DUP chun fanacht i gcumhacht. Tá a fhios acu áfach nach féidir olltoghchán a chur as an áireamh. Má éiríonn leis na Caomhaigh móramh a fháil nó páirtnéir eile a fháil is gearr a thógfaidh sé orthu a léiriú gur féidir déanamh d’uireasa an DUP.

Roghnaigh an DUP bealach aonair, iad chomh sásta leo féin faoina gcumhacht in Westminster nárbh fhiú leo a dhul i gcomhar le páirtithe eile Stormont faoin mBreatimeacht. Dhiúltaigh Arlene Foster do chuireadh ón Taoiseach Enda Kenny a bheith páirteach i gcainteanna uile-Éireann faoin mBreatimeacht agus í ag rá nach mbeadh iontu ach cabaireacht. Fágann sin gurb iad an DUP an t-aon pháirtí logánta a gcuirfear an locht orthu faoin dochar a mheastar a dhéanfaidh an Breatimeacht. Ar a laghad beidh an tuairim ann nach bhfuil siad iontaofa mar gur cheannaigh siad muc i mála ó Thóraithe a rinne feall orthu.

Ba mhaith leo Stormont a athnuachan gan mhoill chun nach mbeadh siad ar an taobhlíne sa bhfómhar tráth a mbeidh an tuarascáil faoi scannal an RHI agus praiseach an Bhreatimeachta ag bagairt orthu. Ach an bhfuil siad toilteanach comhghéilleadh a dhéanamh chun margadh i dtaobh Stormont a aimsiú? Tá ceannaireacht éifeachtach, shamhlaíoch de dhíth – ní hiontas go bhfuil imní orthu.

Fág freagra ar 'An DUP ag feadaíl sa dorchadas'