TOGHCHÁN WESTMINSTER: Suíocháin de chuid an SDLP faoi bhrú sa Dún Theas agus i mBéal Feirste Theas

Beidh dianchoimhlint i dtoghcheantair áirithe i dtoghchán Westminster na seachtaine seo chugainn. Caitear súil sa tsraith seo ar na toghcheantair imeallacha is cinniúnaí. An babhta seo An Dún Theas agus Béal Feirste Theas atá faoi chaibidil

TOGHCHÁN WESTMINSTER: Suíocháin de chuid an SDLP faoi bhrú sa Dún Theas agus i mBéal Feirste Theas

An Dún Theas

Chris Hazzard

An cath is mó le scór go leith bliain atáthar ag tabhairt ar an gcoimhlint idir Margaret Ritchie, iarcheannaire an SDLP agus Chris Hazzard Teachta Tionóil agus iar-aire i Stormont de chuid Shinn Féin. Bua ar gheall le crith talún polaitiúil ab ea é i 1987 nuair a bhain Eddie McGrady an SDLP an suíochán san Dún Theas de Enoch Powell an sean-chaomhach frith-inimirce a bhí ina fheisire don UUP ó 1974.

Ghlac McGrady seilbh dhocht ar an suíochán agus ba é an scéal céanna é ag Margaret Ritchie a toghadh i gcomharbacht air in 2010.

Is fada Sinn Féin sa tóir ar an Dún Theas agus ceapadh go raibh seans maith acu in 2015 nuair a tháinig Hazzard i gcomharbacht ar Chaitríona Ruane mar iarrthóir. Theip orthu agus bhí móramh gar do 6,000 vóta ag Margaret Ritchie. Cé gur thit vóta an SDLP níor mhéadaigh vóta Shinn Féin. 42.3% an sciar den vóta a bhí ag an SDLP i gcomparáid le 28.5% do Shinn Féin. Bhí beagnach 16% ag an DUP.

Cuireadh cor nua ar fad sa scéal i dtoghchán an Tionóil sa Mhárta i mbliana, áfach. Bhí dhá shuíochán ag Sinn Féin agus an SDLP araon agus an cúigiú ceann ag an DUP. Bhí 6,650 vóta sa bhreis ag Sinn Féin ar an SDLP, 38.6% i gcomórtas le 25%. Dá réir is é seo an seans is fearr ariamh ag Sinn Féin chun an ceann is fearr a fháil ar Ritchie.

Tá tréaniarracht á déanamh ag Sinn Féin agus ceannairí uile an pháirtí i mbun feachtasaíochta sa toghcheantar agus sluaite móra d’oibrithe tugtha isteach ón deisceart agus ó cheantair eile abhus. Tá acmhainn Shinn Féin – idir dhaoine agus mhaoin le sonrú anseo. Níl acmhainní inchurtha leo ag an SDLP ach tá foireann Ritchie meáite an fód a sheasamh. Bhí seoladh mór ag an bpáirtí ar an gCaisleán Nua agus triúr feisirí an pháirtí i láthair chomh maith le Colum Eastwood, a gceannaire, agus maithe eile an SDLP.

Fuair Ritchie tacaíocht ó vótóirí aontachtacha cheana, an chuid is mó acu ag iarraidh a chinntiú nach dtoghfaí iarrthóir de chuid Shinn Féin.

Tá amhras, áfach, faoin tacaíocht sin an t-am seo – an uair is mó a mbeadh gá aici leis. Tá athrú ar phort na n-aontachtach i bhfianaise an mhóraimh i Stormont a bheith caillte acu.

Teastaíonn uathu a chinntiú go mbeidh iomlán na vótaí aontachtacha níos mó ná suim na vótaí náisiúnacha.

Tá Harold McKee, iarrthóir an UUP a chaill a shuíochán Tionóil i mbliana ag tathant ar a lucht tacaíochta a chinntiú an t-am seo nach vótálfaidh siad ‘in aghaidh an Aontais’.

Cé nach bhfuil seans ar shuíochán ag McKee ná iarrthóir an DUP Diane Forsythe atá ag seasamh don chéad uair ní féidir leis an SDLP talamh slán a dhéanamh de thacaíocht aontachtach an t-am seo.

Tá iarrthóir ag Alliance chomh maith, Andrew McMurray ach is idir Margaret Ritchie an SDLP agus Chris Hazzard, ó Shinn Féin, a bheidh sé.

Béal Feirste Theas

Máirtín Ó Muilleoir

Tá suíochán Alasdair McDonnell, iarcheannaire eile ar an SDLP faoi bhrú ollmhór agus ceithre pháirtí ag maíomh go bhféadfaidís féin an chraobh a bhreith leo anseo.

’Sé deisceart Bhéal Feirste an toghcheantar is ilchultúrtha de na hocht gcinn déag, suíocháin Tionóil ag cúig pháirtí éagsúla, DUP, SDLP, Alliance, Sinn Féin agus Comhaontas Glas. ’Sé an Dr McDonnell an feisire Parlaiminte ó 2005 nuair a bhí bua stairiúil aige san dúnáras aontachtach. Choinnigh sé a shuíochán gan stró go dtí 2015 nuair a bhí bua aige ar éigean, leis an sciar ba lú de vóta a bhí ag buaiteoir ariamh faoi chóras an chéad duine abhaile – 24.5%.

Bhí an DUP sa dara háit, le Jonathan Bell an t-iar-theachta tionóil a raibh ról mór aige anuraidh sa chonspóid faoin scéim fuinnimh inathnuaite agus titim Stormont.

I dtoghchán an Tionóil i mbliana bhí an DUP sa chéad áit le 20.8% den vóta, cé gur chaill Emma Little Pengelly a suíochán, bhí an SDLP sa dara háit le 19.4%, bhí Alliance sa tríú háit le 17.8% agus Sinn Féin a bhí sa cheathrú háit le 17.7%. Fuair Comhaontas Glas an cúigiú suíochán, ach bhí siad i bhfad chun deiridh le 9.9%. Ní raibh ach 1,365 vóta idir an té a tháinig sa chéad áit agus an té a tháinig sa cheathrú háit.

Deir na páirtithe sin ar fad go dtig leo féin an suíochán a bhaint agus ceaptar gur féidir an Teachta Tionóil Clare Bailey, ón gComhaontas Glas, a chur as an áireamh ar an toirt. ’Siad Alasdair McDonnell an SDLP, Emma Little Pengelly an DUP, Paula Bradshaw ó Alliance agus Máirtín Ó Muilleoir ó Shinn Féin na príomhiarrthóirí, agus iad go léir, cé is moite de bhean an DUP, in éadan imeacht as an Aontas Eorpach. Bhí móramh mór sa toghcheantar in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann freisin. Theip ar iarrachtaí chun iarrthóir amháin frith-Bhreatimeachta a fháil le seasamh in aghaidh an DUP. Tá Michael Henderson san iomaíocht don UUP agus Caomhach í Clare Salier.

Ceantar liobrálach é Béal Feirste Theas ina bhfuil freasúra ann i gcoinne Alasdair McDonnell i ngeall ar a leagan amach coimeádach ar cheisteanna sóisialta. Ar an láimh eile, tá an DUP i bhfad níos coimeádaí ná an SDLP agus tá imní ar vótóirí áirithe go dtoghfar an DUP má scaipeann siad a vótaí idir Alliance, Sinn Féin agus Comhaontas Glas. Tá daoine (neamhphoblachtánacha) buartha faoi neamhfhreastal Shinn Féin ar Westminster, go háirithe in aimsir seo an Bhreatimeachta.

Thairis sin is údar conspóide sa cheantar é tacaíocht an UDA don DUP tráth a bhfuil faicsin den eagraíocht pharaimíleatach sin sáite i bhfíoch marfach. Maraíodh beirt fhear le tamall anuas. Bhuail ceannaire an DUP Arlene Foster le Jackie McDonald, ceannaire an UDA, i ndeisceart Bhéal Feirste agus mhol McDonald do dhaoine vóta a thabhairt don DUP.

Beidh an DUP buacach má éiríonn leo cur leis na hocht suíochán a bhí acu. Chomh maith le Béal Feiste Theas tá tréaniarracht á déanamh acu in Aontroim Theas, mar a bhfuil Paul Girvan (ní Paul Givan – an té a chuir deireadh le scéim Líofa!) ag iarraidh an suíochán a bhain Danny Kinahan ón UUP díobh i 2015 a bhaint ar ais.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN WESTMINSTER: Suíocháin de chuid an SDLP faoi bhrú sa Dún Theas agus i mBéal Feirste Theas'