An dtugann tú do mhasc leat nuair a fhágann tú an teach?

Tá an díospóireacht faoi fhiúntas na mascanna agus an plé faoin bpaindéim féin neartaithe arís an tseachtain seo

An dtugann tú do mhasc leat nuair a fhágann tú an teach?

An gcaitheann tú do mhasc i gcónaí? An ritheann sé leat agus tú ag tabhairt aghaidh ar an doras go dteastaíonn sé uait? Nuair a théann tú le héirí as an gcarr an mbíonn do mhasc ort nó i do lámh agat? Tá an díospóireacht faoi fhiúntas na mascanna chomh maith leis an bpaindéim féin agus an plé ina taobh neartaithe arís an tseachtain seo.

Nuair a d’fhógair an rialtas nach mbeadh sé éigeantach níos mó masc a chaitheamh ach amháin in áiteacha sa gcóras sláinte, thapaigh daoine an deis iad a chaitheamh uathu. Níl éinne ar m’eolas a bhí compordach ag caitheamh maisc. Bhí deacrachtaí ar leith ag an té a mbíonn orthu spéaclaí a chaitheamh ar feadh an ama. Chaith tú leath do shaoil gan amharc ar thada agat má bhí masc ort in éineacht leo. A mhíchompordaí agus a ghráinne dá raibh siad is cosúil go raibh fiúntas leo.

Dhá bhliain is an t-am seo bhain an díospóireacht faoi Covid-19 le fiúntas na mascanna céanna agus ar cheart iachall a chur ar dhaoine iad a chaitheamh. Ní raibh aon phlean ann a leithéid a dhéanamh ag an tráth sin mar nach raibh aon fhianaise faoin leas a dhéanfaidís. Nuair a dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis Tony Holohan an méid sin i mí Bealtaine 2020 is beag a cheap aon duine againn gur ag caint ar chomhairle bhreise faoi chaitheamh mascanna a bheifí faoi Earrach 2022.

Thug an Tánaiste le fios an tseachtain seo go nglacfar le haon chomhairle a thagann ón bPríomh-Oifigeach Leighis faoi shrianta sláinte phoiblí a chur i bhfeidhm in athuair má thagann siad. Tá na moltaí d’eagraíocht nua a thiocfadh in áit NPHET curtha faoi bhráid an Aire Sláinte a dúirt an Tánaiste agus foilseofar iad go luath. Idir an dá linn, ba chóir i gcónaí a bheith ciallmhar, a dúirt an Tánaiste. Lean an chomhairle faoi chaitheamh mascanna, glanadh lámh agus an scaradh sóisialta, a dúirt sé mar ní theastaíonn uainn mar rialtas a bheith ag cur srianta i bhfeidhm agus á mbaint arís agus arís eile. 

Bhí os cionn 20,000 cás den Covid-19 sa tír lá éigin i rith na seachtaine seo. Bíonn os cionn 1,000 duine san ospidéal ar bhonn leanúnach a bhfuil an galar orthu. Tá os cionn trí chéad ráig den ghalar i dtithe altranais ar fud na tíre.  Níl an galar chomh marfach agus a bhí, buíochas le Dia, ach tá sé fós ann agus ag scaipeadh ar nós na gaoithe. Ní theastaíonn ó aon duine again filleadh ar an dianghlasáil agus scoileanna agus láithreacha eile a bheith dúnta. Céard is féidir le haon duine againn a dhéanamh? 

Beart amháin simplí a chuideodh go mór de réir lucht na heolaíochta. Caith do mhasc!

Fág freagra ar 'An dtugann tú do mhasc leat nuair a fhágann tú an teach?'