An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Samhlaíonn ár gcolúnaí an t-agallamh beirte a bheadh ann agus agóid uisce na Céadaoine á plé.

8//8/2013 First Irish Water Meter Installed in May
Pictúir: Photocall Ireland

 

DIÚLTÓIR: Gabhaim mo leithscéal. Ar mhaith leat teacht inár dteannta go Baile Átha Cliath chun páirt a ghacadh san agóid in aghaidh táillí uisce taobh amuigh de Theach Laighean. Deich euro atá ar thicéad, agus beimíd ar ais roimh a naoi.

ÍOCÓIR: Níl a fhios agam. Nílim sásta in aon chor leis an rialtas, agus ní cóir go n-iarrfaí orainn íoc faoi dhó as soláthar uisce. Ach thugadar aird ar an agóidíocht cheana. Tá na táillí íslithe. Tá comhréiteach réasúnta á thairiscint, sílim.

DIÚLTÓIR: Aontaíonn tú linn i bprionsabal, mar sin. Ní dóigh leat gur chóir dhá cháin a ghearradh ar an bpobal chun íoc as an tseirbhís chéanna, go háirithe nuair a rachaidh ceann acu chun sochair do chomhlacht príobháideach.

ÍOCÓIR: Ní aontaím leat go hiomlán. Ní comhlacht príobháideach é Uisce Éireann, agus tá an tír i gcruachás. Toisc gur mar sin atá, ba chóir do dhaoine ar leor a n-acmhainn, mo leithéid, mar shampla, an táille a íoc. Cuimhnigh: beidh €6bn beagnach níos mó ná luach gach cáin a bhaileofar á chaitheamh ag an rialtas i 2015. Is bocht an scéal é, ach sin mar atá.

DIÚLTÓIR: Agus nach léir an fáth go bhfuil an scéal amhlaidh? Toisc go bhfuil bainc, sealbhóirí bannaí agus lucht amhantraíochta á n-aisíoc ag ár rialtas meata. Dá seasfadh Enda Kenny agus a rialtas gualainn ar ghualainn linne seachas lena máistrí sa Bhruiséil, i bhFrankfurt agus i mBeirlín, ní bheadh gá le táillí uisce in aon chor.

ÍOCÓIR: Cúis eile go bhfuilim ar aon tuairim leat, go dtí pointe áirithe. Ach tugaim faoi deara gur ‘máistrí’ a dúirt tú. Nuair nach acmhainn do thír íoc as costais reatha, gan trácht ar aisíoc fiacha, ní bhíonn mórán rogha ag polaiteoirí. B’fhearr liom é dá mbeadh iarracht níos láidre seasamh ina gcoinne déanta ag an rialtas, ach cé acu a bhfuil an lámh in uachtar acu. Ár ‘máistrí’, mar a dúirt tú féin.

DIÚLTÓIR:  Nach neartódh slógadh mór taobh amuigh den Dáil ní hamháin ár gcás in aghaidh na dtáillí, ach cás an rialtais in aghaidh ár ‘máistrí’ chomh maith?

ÍOCÓIR: B’fhéidir go neartódh. Cinnte, ní dhéanfadh sé aon dochar.

DIÚLTÓIR: An dtiocfaidh tú linn, mar sin, Dé Céadaoin?

ÍOCÓIR: Déanfaidh mé machnamh air. Ach seo ceist nach léir dom a réiteach. Deir pobalbhreith an Irish Times go bhfuil sé ar intinn ag 48 faoin gcéad táillí uisce a íoc, agus ag 33 faoin gcéad gan iad a íoc. Tá an dá thaobh glan in aghaidh a chéile, agus…

DIÚLTÓIR: Agus má chuirimíd iachall ar an rialtas an córas éagothrom ar fad a chur ar ceal, cé a bheas ag gearán?

ÍOCÓIR: Ní bheidh duine ar bith ag gearán. Ní maith liom ‘iachall’ dála an scéil. Ach déanfaidh mé machnamh air.

DIÚLTÓIR: Freagra réasúnta. Go raibh maith agat. Slán leat!

ÍOCÓIR: Slán leatsa! (agus í ag machnamh: ‘An rachaidh mé? Seans dá laghad.’)

AN FHÍRINNE LOM

“You closed down Templemore.” – An Tánaiste Joan Burton agus freagra breá seachantach á thabhairt aici ar cheist, a chuir Niall Collins ó Fhianna Fáil uirthi sa Dáil, a bhain le coireanna agus easpa Gardaí i mBaile Átha Cliath.

Ar ndóigh, dá mbeadh greim docht daingean ag Joan Burton agus a páirtí ar an IMF agus iad ag déileáil leo i 2010, ní bheadh coláiste na nGardaí dúnta in aon chor.

Nóta: d’athoscail an rialtas doirse an choláiste sa Teampall Mór  i mí Meán Fómhair – trí bliana go leith tar éis an olltoghcháin.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE.

Fág freagra ar 'An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?'