‘An dtabharfaidh mé é seo chun críche? Tabharfaidh…’ – May ag seasamh an fhóid

Dúirt Theresa May tráthnóna nach go réidh a glacadh leis an gcúlstop maidir le teorainn na hÉireann sa mhargadh Breatimeachta, ach gurb é an margadh 'ceart' a bhí déanta

‘An dtabharfaidh mé é seo chun críche? Tabharfaidh…’ – May ag seasamh an fhóid

Sheas Príomh-Aire na Breataine an fód tráthnóna i gcoinne lucht a cáinte agus dúirt go raibh sí meáite ar an margadh Breatimeachta a chur tríd an bparlaimint.

Ag labhairt di ag preasócáid tráthnóna, thug Príomh-Aire na Breataine dúshlán an dreama atá ag iarraidh í a chur ar ionnarbadh agus dúirt sí go gcuirfeadh sí an margadh a dhéanfadh “leas na tíre” faoi bhráid na Parlaiminte.

“An dtabharfaidh mé é seo chun críche? Tabharfaidh…” arsa Príomh-Aire na Breataine. 

 Dúirt May go raibh fúithi ar iarr muintir na Breataine sa reifreann a chur i bhfeidhm. Dúirt sí nach go réidh a glacadh leis an gcúlstop maidir le teorainn na hÉireann sa mhargadh ach gurb é an margadh “ceart” a bhí déanta. Dúirt sí go raibh sí “ar an gcúrsa ceart” agus nach n-athródh sí an cúrsa sin. 

Tháinig ráiteas May sna sála ar an scéala gur éirigh a Rúnaí Breatimeachta as a phost mar gheall ar a mhíshástacht faoin margadh Breatimeachta ar ghlac Rialtas na Breataine aréir leis.

Sa litir inar fhógair sé go raibh sé ag éirí as, dúirt Dominic Raab gur “bhagairt an-dáiríre” do “shláine na Ríochta Aontaithe” a bhí sa chúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Seachtar Tóraithe ar fad a d’éirigh as inniu mar gheall ar an margadh imeachta a aontaíodh leis an Aontas Eorpach an tseachtain seo.

Cé go bhfuair sí beannacht a rialtais don mhargadh imeachta aréir tá May faoi bhrú mór i gcónaí agus tuairiscí ann go dtacódh go leor feisirí le rún mímhuiníne sa Phríomh-Aire mar cheannaire a páirtí. 

48 feisire a theastaíonn chun a leithéid de rún a chur faoi bhráid na Parlaiminte. 

D’fhógair Jacob Rees-Mogg, duine de na feisirí is diongbháilte ar son an Bhreatimeachta, inniu go raibh dúshlán May mar cheannaire á thabhairt aige féin agus cuid dá chomhghleacaithe. Ina theannta sin, tá ráite ag an DUP, ar a bhfuil Rialtas May ag brath, go gcuirfidh siad i gcoinne an mhargaidh in Westminster.

Chun go n-éireodh leis an margadh in Westminster chaithfeadh May tathant ar fheisirí de chuid ghrúpaí éagsúla vótáil ar a shon. Meastar go bhfuil idir 40 agus 80 feisire ina páirtí féin sa ghrúpa is diongbháilte ar son an Bhreatimeachta agus gur ar éigean go n-éireodh léi mórán acu siúd a mhealladh.

Bheadh uirthi an plean a dhíol chomh maith leis an DUP, leis na Tóraithe atá go mór ar son na hEorpa (thart ar dhosaen feisirí) agus leis an 13 Tóraí as Albain, dream a thug le fios inné nach nglacfaidís le margadh ar bith a chuirfeadh isteach ar chearta iascaireachta.

Fág freagra ar '‘An dtabharfaidh mé é seo chun críche? Tabharfaidh…’ – May ag seasamh an fhóid'

  • Des O Murchu

    Ni feidir liom fanacht do Brexit The Movie!