Bhí cruinniú tábhachtach againn faoi chás mo mháthar, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, leis na húdaráis an lá cheana. Bhí an síceolaí a choinníonn súil go míosúil ar chás mo mham, bean ón gcomhairle cathrach, mo mham féin agus mo dheartháir óg i láthair i dteach mo mham. Ghlac mé féin páirt sa chruinniú i bhfísghlaoch.
Is éard a bhí faoi chaibidil ná cúram baile páirtaimseartha do mo mháthair. Agus nach mór dhá bhliain ann anois ó deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer uirthi, tá mo mham fós ina cónaí léi féin. An chuid is mó den am, bíonn sí go breá. Ní chuireann sí an teach trí thine, ní fhágann sí na sconnaí ar siúl, bíonn an áit réasúnta glan, níonn sí a cuid éadaí agus í féin. Gach lá, tugann sí aghaidh ar an ollmhargadh agus ceannaíonn sí comhábhair do bhéile. Ach – agus seo í an fhadhb – ní réitíonn sí an béile. Fágann sí na comhábhair sa chuisneoir agus bíonn ar mo dheartháir óg iad a chaitheamh amach, chomh maith le pé béile a réitigh seisean di an uair dheireanach a raibh sé ar cuairt.
Is ea go díreach, déanann mo mháthair dearmad í féin a bheathú. Íosfaidh sí arán agus dáileog suibhe nó slisín cáise air nuair a thagann ocras uirthi, ach nuair nach mbíonn aon duine eile thart, ní bhacann sí le béile ceart toisc go bhfuil an bealach lena réiteach dearmadta aici. An toradh: tá mo mháthair go maith faoi bhun an ghnáthmheáchain.
San Ísiltír, mar a bhfuil cónaí ar mo mham, is iad na comhairlí cathrach atá freagrach as riaradh na seirbhísí cúram baile. Bhí iarratas déanta ag an síceolaí a choinníonn súil ar chás mo mham ar 6 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ionas go bhféadfadh cúramóir baile dhá thráthnóna in aghaidh na seachtaine a chaitheamh le mo mham – an tsiopadóireacht a dhéanamh le chéile, béile a réiteach le chéile agus an béile sin a ithe le chéile.
Ar dtús, shíl bean na comhairle cathrach go raibh sé sin iomarcach. Nach réiteodh ‘béilí ar rothaí’ an fhadhb? Nach bhféadfadh mo mham dul chuig an ionad buail isteach iontach i lár na cathrach agus a cuid béiltí a chaitheamh ansin, saor in aisce?
Ní réiteodh, a dúirt an síceolaí, mo dheartháir óg agus mise. Fianaise iad na béiltí a réitíonn mo dheartháir óg do mo mham agus a bhíonn air a chaitheamh amach an tseachtain dár gcionn nach n-íosfaidh mo mham béile te ach amháin nuair a bhíonn duine i láthair chun é a mheabhrú di. Agus mura gcuimhníonn sí ar bhéile a fágadh di ina cuisneoir féin, is ar éigean a rithfeadh sé léi dul ar a rothar chuig ionad buail isteach chun béile a chaitheamh ansin.
Chaith bean na comhairle cathrach féachaint dhian chuntasóra orainn thar a cuid spéaclaí. Ba léir di ar ndóigh go raibh cónaí orm féin ar an taobh eile den domhan, go raibh mo dheartháir óg faoi bhrú mór mar atá agus go raibh teorainn leis an méad cúnaimh a bhí muid féin in ann a thabhairt. Dúirt sí go mbeadh sí i dteagmháil.
Nach orainne a bhí an t-iontas nuair a bhí sí i dteagmháil an lá dár gcionn chun muid a chur ar an eolas gur ceadaíodh an t-iarratas iomlán – 6 uair an chloig de chúram baile in aghaidh na seachtaine.
Faoiseamh mór dúinn a bhí ansin gan dabht. Ach baineadh siar asam freisin. Fianaise a bhí sa chinneadh go gceapann na húdaráis go bhfuil cás mo mham chomh práinneach agus a cheap muid féin.
Fág freagra ar 'An droch-chomhartha é gur ceadaíodh iarratas ar chúram baile do mo mháthair chomh sciobtha sin?'