An dream óg daortha chuig príosúin an chíosa phríobháidigh agus gan aon athrú i ndán dúinn

An é go bhfuil daoine ag glacadh leis nach bhfuil aon saol polaitiúil ann ach saol seo na héagothroime

An dream óg daortha chuig príosúin an chíosa phríobháidigh agus gan aon athrú i ndán dúinn

Dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, fágann na harduithe ar an gcostas maireachtála le tamall anuas go mbíonn deacrachtaí ag beagnach an ceathrú chuid den mheitheal oibre greim a choinneáil faoin bhfiacail.

Admhaítear freisin gur in olcas atá an scéal sin ag dul, i bhfianaise thionchar na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise ar an eacnamaíocht abhus agus, go deimhin, ar fud na hEorpa.

Ní daoine ar na hioncaim is ísle amháin atá á mbualadh, ámh. Ag tionóil na gceardchumann múinteoireachta i rith na Cásca, chualathas scéal i ndiaidh scéil ó dhaoine, a bhfuil ioncam atá níos mó ná an meán acu,  a dúirt go mbíonn siad ag streachailt leis an saol i gcónaí – cé gur cuireadh siar na héilimh go reáchtálfaí stailc le brú a chur ar an rialtas arduithe pá a thabhairt.

Is fíor go mbeadh na smachtbhannaí fós ann fiú dá seasfadh an tír seo amach i gcoinne na smachtbhannaí. Tá níos mo dochair á dhéanamh ag na smachtbhannaí don Eoraip ná don Rúis, ach is cuma fúinne agus an drochthoradh a leanann iad.

Ach bíonn rialtas ann ar mhaithe le réiteach a fháil ar dheacrachtaí den chineál seo agus níl aon rud déanta ag an rialtas faoin gcostas maireachtála. Ná ní cosúil go bhfuil sé ar intinn an rialtais aon rud a dhéanamh le stop a chur leis na harduithe agus faoiseamh a thabhairt dóibh siúd, daoine óga go háirithe, atá buailte go dona ag an ngéarchéim seo.

Sea, tá costas maireachtála níos airde anois ar liosta na bhfadhbanna a chuireann as do dhaoine, ná cúrsaí tithíochta.  Ach tá tithíocht ríthábhachtach i gcónaí agus tá ceist na tithíochta ceangailte go dlúth le fadhb an chostais maireachtála.

Mar shampla, na múinteoirí arís. Ní féidir le múinteoir óg atá ag obair i mBaile Átha Cliath teach ar bith a cheannach sa gcathair sin, mar tá na praghsanna ró-ard ar fad, ná ní féidir go minic smaoineamh fiú ar ionad cónaithe ar bith a fháil ar chíos réasúnta – mar níl aon chíos réasúnta ar fáil.

Agus tá comharthaí ann go bhfuil a lán daoine óga ag smaoineamh ar imeacht ar imirce toisc nach féidir leo aon saol fiúntach a bheith acu anseo, fiú agus post maith acu. Tá siad daortha chuig príosúin an chíosa phríobháidigh.

Ach fós, níl an rialtas sásta briseadh leis an mbéim gan cheist ar an rachmas agus ar an margadh saor a bhfuil ag teip air os comhair ár súl aon réiteach a aimsiú ar na fadhbanna seo. Ní bhíonn rialtas sásta aon rud a dhéanamh le cabhrú lenár muintir féin mura bhfuil cead acu – sea, cead – ón Aontas Eorpach.

Bíonn ballstáit eile ann – an Fhrainc, an Ghearmáin, an Danmhairg, an Ungáir, an Iodáil, an Pholainn agus eile – sásta an chluas bhodhar a thabhairt do rialacha an AE nuair a oireann sin do riachtanais a bpobail féin. Ach tá muidne ródhílis don AE lena leithéid a dhéanamh.

Ábhar iontais mar sin go bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil agus Fhine Gael sna fichidí i gcónaí, de réir pobalbhreithe IpsosMRBI a foilsíodh san Irish Times. Cinnte, tá Sinn Féin go mór chun tosaigh orthu beirt, agus 33% acu go seasta, ach bunaithe ar na figiúirí sin ní bheidh ar chumas Shinn Féin rialtas a bhunú leo féin.

Tá an deacracht seo pléite go minic cheana. Sea, tá Sinn Féin go mór chun tosaigh, go háirithe i measc daoine óga, an dream is mó atá buailte ag teip an rialtais, ach is léir nach bhfuil aon bharántas ann go n-éireoidh leo dul i gceannas ar an gcéad rialtas eile. 

Is é sin le rá nach bhfuil aon bharántas ann gur féidir linn teacht slán as an tsáinn ina bhfuil muid faoi láthair: easpa dóchais don aos óg, easpa cothroime don phobal ar fad, easpa athbheochana don tír.

An é go bhfuil daoine ag glacadh leis nach bhfuil aon saol polaitiúil ann ach saol seo na héagothroime?

Ní féidir linn glacadh leis an saol mar atá sa todhchaí. Mar sin, ní féidir fanacht le páirtithe polaitiúla – Sinn Féin nó eile – chun an rogha atá riachtanach a chruthú. Caithfimid go léir a bheith páirteach i ndíothú an tseanchórais agus i gcruthú an chórais úr.

Is léir na deacrachtaí atá ag an bpobal. Is léir an réiteach ar na deacrachtaí sin. Is léir nach féidir brath ar an Margadh. 

Ach an bhfuil an misneach againn ár ladar a chur isteach sa scéal? Nó an rachaidh muid ar ár nglúine le ribe a tharraingt in ómós na dtiarnaí? 

Fág freagra ar 'An dream óg daortha chuig príosúin an chíosa phríobháidigh agus gan aon athrú i ndán dúinn'

  • Pól

    Tá an ceart agat. Ghlac mé leis na blianta ó shin nach i mBaile Átha Cliath atá an rialtas ach sa mBruiséil… agus ní cuimhin liom vóta a thabhairt d’éinne san áit sin riamh. An imirce atá in ann dár saoránaigh óga chumasacha thallanacha agus ní luafaidh mé cé atá ag teacht ina n-áit. Ní fearacht na dtíortha eile san AE a luaigh tú tá easpa chórasach bhróid náisiúnta sa tír seo… ní gá ach breathnú ar an bhfreastal cainte a thugtar ar ár dteanga agus ar ár ngaeltacht atá i gcróilí a báis mar shampla. Is pinsinéir mé féin agus níor mhaith liom mo shaol a mhaireachtáil arís sa tír seo, mar sin féin tádar ann na tíortha atá níos measa ach tádar ann na tíortha níos fearr chomh maith, cheapfainn.