An dóchas agus an brú a bhaineann le bib an bhainisteora a bheith ort…

Beidh súil ghéar á coinneáil ar Pádraig Fanning i bPort Láirge agus ar Liam Sheedy i dTiobraid Árann

An dóchas agus an brú a bhaineann le bib an bhainisteora a bheith ort…

Bainisteoir Thiobraid Árann, Liam Sheedy. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Le scata blianta anuas is beag foireann a ndearnadh an oiread sin mionscrúdaithe ar a stíl imeartha agus a rinneadh ar Phort Láirge faoi Derek McGrath.

Bhí an-mholadh á thabhairt dóibh agus caint thar a bheith dearfach á déanamh fúthu nuair a bhuadar roinn 1B den tsraith in 2015. Bhí caint faoi ré nua a bheith ag tosnú d’iománaithe sinsir an chontae. An bhliain ina dhiaidh sin chuireadar an chraobh faoi fiche haon leis an éacht sin.

Sea, bhí Port Láirge ar ais i measc na bhfoirne móra. Diaidh ar ndiaidh thóg McGrath foireann a raibh féinmhuinín agus córas cinnte acu.

Agus go pointe áirithe, d’éirigh leo an beart á dhéanamh mar gheall ar an gcóras cosantach sin –cosantóir le cois agus beirt sa líne lántosach. Ach diaidh ar ndiaidh, thosaigh an lucht leanúna agus na tráchtairí ag éirí tuirseach de. 

Mar sin féin, shroicheadar craobh na hÉireann in 2017 agus é de mhí-ádh orthu a bheith i gcoinne fhoireann as Gaillimh a bhí láidir agus cumasach. Lean an mí-ádh iad, (más mí-ádh é) i mbliana nuair a dícháilíodh ó roinn 1A iad. Mar bharr ar an donas, bhí ceithre chluiche craoibhe i ndiaidh a chéile acu as baile agus sa mhullach air sin chuaigh cinntí móra réiteoireachta ina gcoinne sa chluiche i gcoinne Thiobraid Árann.

Ansin d’fhógair a mbainisteoir ábalta Derek McGrath go raibh deireadh lena ré agus thosaigh an cuardach d’fhear a líonfadh a bhróga. Bhí mórán ráflaí agus daoine mór le rá á lua agus ag deireadh thiar is é Pádraig Fanning Chnoc Síon an té atá tofa agus níl aon dabht ach go bhfuil dúshlán ollmhór os a chomhair amach.

Bhí Fanning ina roghnóir ag Davy FitzGerald i bPort Láirge agus i Loch Garman ach beidh bib an bhainisteora air feasta agus gach a mbaineann leis an onóir agus an dualgas le hiompar aige.

Agus ná bíodh aon dabht ar éinne ach go bhfuil dúshlán nach beag roimhe.

An chéad sprioc ná na himreoirí is fearr sa chontae go léir a chur ag imirt. Ansin beidh air spiorad agus muinín a chruthú agus a chothú, rud nach mbeidh éasca agus a ghlacfaidh am.

Tá caighdeán iomána na Mumhan thar a bheith ard agus gan mórán idir na foirne ach mar a sheasann cúrsaí faoi láthair is é Port Láirge atá thíos in íochtar, rud a fhágann go mbeidh mórán le déanamh ag Fanning.

Coimeádfaimid súil ghéar air.

Má tá na Déise sa chúigiú háit, is iad Tiobraid Árann sa cheathrú háit. Ach tá slánaitheoir a bhfuil gean go leor air ag teacht chun iad a threorú amach  as an bhfásach. Sea tá an t-iarbhainisteoir gradamúil Liam Sheedy ar ais agus mórán gleo sa chontae toisc gur eisean a bheidh i bhfeighil don chéad trí bliana eile. Ní Ní éiríonn i gcónaí leis na Tiobraid Árannaigh barr a gcumais a bhaint amach cé go mbíonn foirne cumasacha acu, ach is minic go ligeann siad uisce isteach i dtreo dheireadh na gcluichí.

Tá an t-uafás dóchais ag daoine de bharr ainmniúchán Sheedy ach tagann brú leis an ndóchas. Ach oiread le lucht leanúna Chill Chainnigh agus Chorcaí, níl ach an t-aon sprioc amháin ag muintir Thiobraid Árann – Corn Mhic Cárthaigh. Is teip a bheadh in aon rud eile.

Agus maidir le Fanning is aigesean atá an tua agus caithfidh sé í a úsáid.

Nó b’fhéidir gurbh fhearr an chomhairle air: ‘Labhair go séimh ach bíodh bata mór agat’. Tá cuid mhaith imreoirí sa chontae atá ar an gcaighdeán is airde, ach caithfidh sé teacht ar shlí éigin chun iad a ghríosú chun dul níos airde ná mar atá déanta acu le tamall.

Rinne sé an beart cheana. Tá creatlach láidir aige, na deartháireacha McGrath, na Mahers, Jason Forde agus Séamus Callinan ach caithfidh sé roinnt cuileála a dhéanamh freisin.

Coinneofar an tsúil ghéar eile airsean. 

Fág freagra ar 'An dóchas agus an brú a bhaineann le bib an bhainisteora a bheith ort…'