An dlí á chur ag an AE ar Rialtas na Breataine mar gheall ar chás an Tuaiscirt

Chuir an AE litir fógra fhoirmiúil chuig Rialtas na Breataine inniu mar gheall ar bhille trádála Boris Johnson a chuirfeadh ar ceal gnéithe den chonradh aistarraingthe

An dlí á chur ag an AE ar Rialtas na Breataine mar gheall ar chás an Tuaiscirt

Tá an dlí á chur ag an Aontas Eorpach ar Rialtas na Breataine mar gheall ar a gcur chuige maidir le ceist an Tuaiscirt sa chomhaontú Breatimeachta.

Chuir an AE litir fógra fhoirmiúil chuig Rialtas na Breataine inniu mar gheall ar bhille trádála Boris Johnson a chuirfeadh ar ceal gnéithe den chonradh aistarraingthe a síníodh anuraidh.

D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ar maidin go bhfuil tús curtha ag an AE leis na himeachtaí dlí mar gur theip ar Rialtas na Breataine ina dhualgas gníomhú “le dea-thoil”.

Dúirt Ursula von der Leyen go mbeadh an reachtaíocht “glan in aghaidh” an phrótacail a cuireadh sa chonradh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

An litir fógra fhoirmiúil an chéad chéim sa phróiseas dlí, a dúirt sí.

Socraíodh dul chun dlí toisc nár thug Príomh-Aire na Breataine aon fhreagra ar éileamh an AE go gcaithfeadh sé i dtraipisí an chuid den bhille a bheadh in aghaidh an mhargaidh Bhreatimeachta agus a sháródh an dlí idirnáisiúnta.

Iarradh ar an mBreatain sin a dhéanamh roimh dheireadh na míosa seo caite.

Tá admhaithe ag Rialtas na Breataine féin gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bheadh i gceist leis an mbille trádála nua.

Dúirt urlabhraí de chuid Rialtas na Breataine go dtabharfaí freagra ar an litir fógra fhoirmiúil “in am trátha”.

Dúirt sé go raibh an chuid den bhille a bhain leis an Tuaisceart ann le tacú le sláine mhargadh na Ríochta Aontaithe agus le cosaint a thabhairt don phróiseas síochána agus do Comhaontú Aoine an Chéasta.

De réir an bhille, cheadófaí d’airí neamhaird a dhéanamh de ghnéithe den socrú faoin Tuaisceart sa chomhaontú aistarraingthe. Thabharfadh an Bille cead d’airí rialacháin a thabhairt isteach a d’fhágfadh nach mbeadh aon fheidhm ag dlí an AE maidir le státchabhair sa Bhreatain ná sa Tuaisceart.

Bheadh a leithéid i gcoinne an phrótacail faoin Tuaisceart sa chomhaontú Breatimeachta.

Faoin bprótacal sin, ní mór don Bhreatain an tAE a chur ar an eolas faoi aon chabhair stáit a fhaigheann comhlachtaí sa Bhreatain a dhíolann táirgí sa Tuaisceart.

Fág freagra ar 'An dlí á chur ag an AE ar Rialtas na Breataine mar gheall ar chás an Tuaiscirt'