An díospóireacht faoi bhóthar Chonamara theas dúisithe arís

Ní raibh aon toradh soiléir ar an bplé bríomhar a tharraing ceist an bhóthair ag cruinniú de Chomhairleoirí Contae Chonamara, ach is léir nach é deireadh na hargóinte é

An díospóireacht faoi bhóthar Chonamara theas dúisithe arís

Dúisíodh sean-argóintí a bhain leis an iarracht a rinneadh le bóthar nua a fhorbairt sa taobh ó dheas de Chonamara ag an gcruinniú is déanaí de Chomhairleoirí Contae an cheantair i nGaillimh. Ní raibh aon toradh soiléir ná críochnúil ar an bplé bríomhar a tharraing ceist an bhóthair ach is léir nach é deireadh na hargóna é.

Gheall an t-innealtóir sinsearach, Damian Mitchell, go gcuirfeadh sé tuairisc sa Roinn Iompair le soiléiriú a fháil ar an dearcadh atá acusan ar iarracht as an nua a dhéanamh le dul in éadan phleanáil an bhóthair ó dheas aríst.

Ach b’fhacthas dó go mbeadh sé deacair aird na Roinne a dhíriú ar bhóthar Chonamara an fhaid agus atáthar ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar an gcuarbhóthar i nGaillimh. Tá Éisteacht Phoiblí faoi scáth an Bhoird Pleanála ar bun faoi phlean chuarbhóthar chathair na Gaillimhe.

Bheadh imní air féin, a deir Damian Mitchell, go spreagfadh iarracht le bóthar Chonamara theas a chur sa gcomhaireamh ag an tráth seo agóidí in aghaidh an bhóthair nua sa gcathair.

“Tá sé róluath le bheith ag tabhairt iarraidh faoi bhóthar Chonamara Theas anois,” a deir sé.

An Comhairleoir Pádraig Mac an Iomaire (Fine Gael) a chuir tús leis an díospóireacht agus dúirt seisean nach bhféadfaí cás an R366 (teideal oifigiúil bhóthar dheisceart Chonamara) a ligean i ndearmad. Níor cheart, a deir an Comhairleoir Mac an Iomaire, go mbeadh ar phobal Chonamara fanacht nó go mbeadh ceist an chuarbhóthair nua i gcathair na Gaillimhe réitithe sula dtosófaí plean nua don bhóthar nua as Bearna siar go Conamara.

Bhí an phleanáil agus an obair chomhairleoireachta agus innealtóireachta ar bun ar feadh dhá bhliain déag nó gur caitheadh an vóta cinniúnach bliain go leith ó shin.

Tarraingíodh anuas an stair arís inné agus bhí an milleáin dá roinnt amach faoin gcaoi ar chríochnaigh an scéal.

Mheabhraigh an t-innealtóir, Damian Mitchell do na Comhairleoirí gur vótáil Comhairle Bhardasach Chonamara (naonúr Comhairleoirí an cheantair) i Feabhra 2019 go gcuirfí deireadh leis an iarracht a bhí ar bun an uair sin leis an mbóthar a fhorbairt agus go gcuirfí na cúrsaí éagsúla a bhí san áireamh lena aghaidh ar ceal.

Ní rabhthas ag teacht ar shocrú faoi chúrsa a mbeadh glacadh leis, a deir sé, agus bhíothas den bharúil go raibh na cúrsaí a bhí leagtha síos ag stopadh cead pleanála. Deimhníodh freisin, a deir sé, go bhfanfaí go mbeadh toradh ar an iarracht le cuarbhóthar a fhorbairt i gcathair na Gaillimhe sula dtosófaí aon phlean nua do bhóthar dheisceart Chonamara.

Tugadh an bóthar R336 as Bearna go Scríb ar an tionscnamh seo, cé gurb é an bóthar as Bearna go Ros a Mhíl an teideal a tugadh dó ar chlár oibre na gComhairleoirí inné.

Dúirt an Comhairleoir Eileen Mannion gur vótáil sí féin go gcuirfí an bóthar ar an gcúrsa a bhí marcáilte i ndath donn.

B’in é an cúrsa siar tríd an sliabh ó thuaidh den Spidéal agus ó thuaidh do Chois Fharraige.

“Bhí a fhios agam nach nglacfaí leis an gcúrsa sin ach vótáil muid ar a shon. Ní raibh muid macánta leis an bpobal sa gcás sin,” a deir an Comhairleoir Mannion.

“D’éalaigh muid as an tsáinn,” a deir sí.

Bhí an Comhairleoir Thomas Welby as Uachtar Ard istigh ar an gcaint de léim.

“Mise an t-aon duine amháin nár vótáil i bhfabhar an chúrsa sléibhe,” a deir sé.

“Bhí sé ina cheantar caomhnaithe SAC agus ní raibh seans go nglacfaí leis. Bhí cúrsa eile ag teastáil ach níor roghnaigh muid aon cheann eile.”

Bhí leathdhosaen roghanna leagtha amach ag an gcomhlacht comhairleoireachta le haghaidh an bhóthair in imeacht na mblianta. Bhí a bhformhór ag dul thrí ghabháltais talún agus dhéanfaí scoilt ar roinnt bailte fearainn dá bharr.

“Níl mise ar an bhfocal céanna leis an gComhairleoir Welby,” a deir an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin ó Shinn Féin Poblachtach. “Tuige a mbeadh muid ag dul thrí ghabháltais le bóthar agus neart spáis amach ó thuaidh sa sliabh. Tuige nach bhféadfaí bóthar maith breá siar thríd an sliabh a dhéanfadh ceangal le Carna agus an Clochán? Chuir an tAontas Eorpach agus a gcuid rialacha timpeallachta an mála orainn,” arsa an Comhairleoir Ó Curraoin, “agus is minic ráite agam é go mba dhona an socrú a rinne muid nuair a chuaigh muid isteach leo i 1973.”

Dúirt Comhairleoir an Chomhaontais Ghlais, Alastair McKinstry, go bhféadfaí a bheith ag dul anonn agus anall leis an stair agus leis an scéal go brách ach go raibh rud amháin soiléir: “Níl an R366 in ann ag an trácht agus an brú atá air anois,” a deir seisean. “Níor mhór a bheith sa tóir ar airgead le haghaidh bóthar nua agus níor mhór é a ardú suas go maith nuair a bheifí á dhéanamh,” a deir an Comhairleoir McKinstry “sa gcaoi agus go mbeadh sé slán ó thaoillí arda”. Dúirt an Comhairleoir McKinstry go n-ardódh leibhéal na dtaoillí sna blianta amach romhainn agus go gcaithfí é sin a chur sa gcomhaireamh.

Ag cur leis an díospóireacht, dúirt an Comhairleoir Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, go bhfuil an R366 ar an tríú bóthar is mó a bhfuil trácht air i gcontae na Gaillimhe agus nach féidir an cheist faoi bhóthar nua a chur ar an méar fhada.

Ach bhí iarraidh amháin eile fanta agus an díospóireacht á críochnú. Mheabhraigh an Comhairleoir Thomas Welby d’fheidhmeannaigh agus d’innealtóirí gurbh iadsan a loic. “Is ag bainistíocht agus feidhmeannas na Comhairle a bhí an chumhacht le socrú a dhéanamh faoi chúrsa an bhóthair,” a deir seisean “agus ní dhearna sibh sin.”

Chuile sheans go mbeidh plé ar bhóthar Chonamara Theas ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ag Comhairle Bhardasach Chonamara ar an 10 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'An díospóireacht faoi bhóthar Chonamara theas dúisithe arís'