AN DÍOSPÓIREACHT: Agus na dragúin ag scóladh a chéile, ba bhinn béal ina thost ag an Uachtarán…

Ní raibh ar aird na ndragún sa chéad chuid de dhíospóireacht uachtaránachta Prime Time ach an tUachtarán, ach fuair an téististéarón an ceann is fearr orthu tar éis tamaill agus thosaíodar ag bruíon eatarthu féin

AN DÍOSPÓIREACHT: Agus na dragúin ag scóladh a chéile, ba bhinn béal ina thost ag an Uachtarán…

Beidh reifreann againn chomh maith Dé hAoine faoi dhlí na blaisféime, agus déarfainn gur cuireadh tástáil mhaith ar an dlí céanna ó cheann ceann na tíre aréir agus gur iomaí Dia a maslaíodh le linn díospóireacht uachtaránachta Prime Time ar RTÉ.

Uaireanta, ba ar éigean a d’éirigh leis an láithreoir féin, David McCullagh, a dhímheas ar an gcúram a cheilt agus thug sé an chuid is mó den oíche ag féachaint faoina fhabhraí ar na hiarrthóirí le drochamhras. “I’m almost out,” a dúirt sé i ndiaidh babhta gearraighnis idir na dragúin agus é ag labhairt ar son mhuintir na hÉireann chomh maith le haon duine acu.

Ag tráth eile chaith sé uaidh a pheann le teann frustrachais, beart tromchúiseach nár facthas a leithéid i Montrose ó spréach Eamon Dunphy i ndiaidh an chluiche idir foireann na hÉireann agus an Éigipt i gCorn an Domhain i 1990.

Bhí freagra giorraisc chomh maith ag McCullagh ar Sheán Gallagher nuair a d’iarr an fear gnó air éirí as a bheith ag tabhairt dragúin ar na dragúin.

“Maybe in seven years we’ll have three candidates from Ireland’s Fittest Family,” arsa McCullagh le seanbhlas.

An triúr dragún a bheith san iomaíocht faoi ndeara é is dócha, ach is minic é ráite nach bhfuil aon oidhre ar an bhfeachtas ach clár teilifís réaltachta.

Ach dá mba chlár teilifíse réaltachta an toghchán seo (‘Ireland’s Least Fit Candidate for the Presidency’?), ní dócha go raghadh sé mórán níos faide ná an chéad agallamh coimisiúnaithe. Cá bhfuil an teannas? a d’fhiafrófaí. An t-ábhar iontais? An tsiamsaíocht? An iomaíocht?

Is í fírinne an scéil ná gur deineadh gnó glan den chomórtas seo fadó riamh agus go raibh an chuid eile acu ag sodar i ndiaidh Mhichíl D Uí Uigínn ó thús, iadsan i dtaobh le capall is cairt agus scairdeitleán aige siúd.

Bhíomar leath ag súil aréir, ar mhaithe le faoiseamh éigin ón leamhas, go gcaillfeadh Ó hUigínn an ceann le duine éigin, nach n-éireodh leis foighneamh a thuilleadh leo, go spriúchfadh sé agus go dtabharfadh sé ‘wan*er’ ar Peter Casey, mar a thug sé ar an dtráchtaire sin as Meiriceá blianta ó shin.

Aon seans go dtabharfadh an tUachtarán sracfhéachaint ar a uaireadóir agus go bhfógródh sé go crosta go raibh an Learjet ag fanacht lasmuigh dó agus go raibh sé chun scaoileadh faoin Áras chun bailchríoch a chur ar an mír ina óráid cheiliúrtha faoin gceangal idir cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí éiceolaíochta sa tsochaí nualiobrálach?

Beag an baol. Agus seacht mbliana caite aige i nead chluthair an Árais tá taithí mhaith aige ar dhul chun suain sa ghleo. Is binn béal ina thost nuair atá isteach is amach le 70% sna pobalbhreitheanna agat.

‘Sea, bheadh sé chomh maith ag na hiarrthóirí eile a bheith ag caitheamh cloch in aghaidh cuain, ach caitheadh na clocha arís aréir mar sin féin.

Ba é Peter Casey ba thúisce a chuir scaimh air féin nuair a chuir sé bréaga i leith Uí Uigínn.

Tá Casey chomh dána le muc agus é lán de chleithireacht, ach d’imigh an spórt as nuair a chrom sé ar a iarracht shuarach dul i bhfeidhm ar an gcuid is táire de nádúr mhuintir na hÉireann lena chaint faoin lucht siúil. Uachtarán “interesting and exciting” a bheadh ann, a dúirt sé aréir, agus chuir sé a phointe abhaile orainn trí fhógairt go n-ainmneodh sé a bhean ar Chomhairle an Stáit toisc gurb í is fearr chun srian a choimeád air nuair a bhuaileann spadhar é.

Ní fhéadfá a rá go bhfuil ionramháil oilte déanta ag an Uachtarán ar na ceisteanna atá á gcur air ó thús an fheachtais faoi chúrsaí caiteachais san Áras, agus thug Liadh Ní Riada agus na dragúin go léir fogha faoi maidir leis an scéala faoina thuras go Béal Feirste ar scairdeitleán an Rialtais.

“What about the topic of my lecture in Belfast, about remembering, forgiving and forgetting?” arsa Ó hUigínn go caointeach.

Is léir in intinn an Uachtaráin gurb é an rud is gaire do bheith ag tabhairt ceann dá óráidí tábhachtacha ná a bheith ag insint dúinn faoi chomh tábhachtach is atá na hóráidí sin.

Ba dhóigh leat air gurb ionann a bheith ag gearán faoin tslí a bhain sé Ollscoil na Banríona amach chun an Sixth Annual Harri Holkeri Lecture a thabhairt agus a bheith ag caitheamh anuas ar Abraham Lincoln as taisteal ó Washington go dtí Gettysburg ar an traein seachas ar a chapall.

Ba í Joan Freeman an t-aon duine a d’fhan glan ar chonspóid na gcostas agus í ag cáiseamh a laghad deiseanna a bhí ann a fís don uachtaránacht a chur inár láthair, an t-aon ábhar cainte, de réir dealraimh, a mheasann sí gur fiú a haird é faoin dtráth seo.

Nuair a tugadh an deis sin di faoi dheireadh labhair sí faoina ‘theme of wellness’, agus faoi ‘empowering communities’.

Is mór an obair atá curtha ag Freeman roimpi agus mian aici “to encourage, influence and inspire”, ach ní hí amháin a bhfuil meas an ghaiscígh aici uirthi féin. ‘I am a catalyst’ arsa Seán Gallagher, mar shampla, nuair a chaith McCullagh amhras ar a chuid cainte faoi jabanna a chruthú faoin dtuath. Dhiúltaigh Gallagher ina dhiaidh sin insint don láithreoir cé mhéad cánach a íocann sé. “I am tax compliant,” ar sé, amhail is gur ábhar mór mórtais a bhí ann. ‘A Tax Compliant Catalyst’ – mana do na póstaeir in 2025.

Ní raibh ar aird na ndragún sa chéad chuid den díospóireacht ach an tUachtarán, ach fuair an téististéarón an ceann is fearr orthu tar éis tamaill agus thosnaíodar ag bruíon eatarthu féin faoi chúrsaí cánach, faoin bhfiontar sóisialta, faoi scileanna nó easpa scileanna cumarsáide Gavin Duffy, faoi pheacaí Peter Casey agus faoi chinneadh Gallagher gan freastal ar na díospóireachtaí ar fad.

Déarfainn nach bhféadfadh Michael D a bheith aon phioc níos sásta dá mba ag tabhairt an Seventh Annual Harri Holkeri Lecture a bhí sé.

Pé trua a bheadh ag duine do na dragúin, leáfadh sí léi ach cuimhneamh, mar a dúirt tráchtaire áirithe i dtús an fheachtais, gurb iad seo an saghas daoine a fhéachann sa scáthán agus a deireann leo féin, ‘Bhfuil a fhios agat ach deinim amach go ndéanfainnse Uachtarán iontach ar Éirinn’.

Ar a laghad bhí sé mar leithscéal ag Liadh Ní Riada gur theastaigh óna páirtí iarrthóir a chur chun tosaigh agus gurbh í a rachadh sa bhearna bhaoil.

Dála an Uachtaráin is dócha gur chun leas iarrthóir Shinn Féin a bhí seó aonaigh na ndragún, ach thuas seal thíos seal a bhí bean na Gaeltachta aréir.

Lag go leor a bhí an freagra a thug sí ar cheist faoina maíomh, agus í faoi agallamh ag Hot Press, nach mbíonn aici mar luach saothair ar a cuid oibre san Eoraip ach an meánphá náisiúnta. Níor dhéileáil sí i gceart riamh ach oiread leis an gconspóid faoina dearcadh i leith na vacsaíne HPV agus is bocht an freagra i gcónaí é a rá nach raibh fáil ar mhórán eolais faoin vacsaín cúpla bliain ó shin.

Dúirt sí go raibh aithreachas uirthi faoin scéal agus mar a mheabhraigh sí dúinn, is “work in progress” an uile dhuine againn. Léirigh bean Mhúscraí an mianach atá inti le cúpla seachtain anuas agus ní dhéanfaidh a haistear toghcháin aon díobháil di, go háirithe má éiríonn léi an ceann is fearr a fháil ar Gallagher agus an dara háit a bhaint amach Dé hAoine.

Faoi dheireadh dhíospóireacht Prime Time bhíomar chomh cortha den saol is a bhí David McCullagh. Níor baineadh geit asainn fiú nuair a thosaigh Ní Riada agus Ó hUíginn ag Gaeilgeoireacht lena chéile gan scáth gan náire ar phríomhstáisiún an chraoltóra náisiúnta.

Beidh díospóireacht amháin eile anocht ar Virgin Media One. An cúigear cróga amháin a bheidh i láthair, ach is cuma faoin dtráth seo. Toghfar ina uachtarán an té is uachtaránúla acu, an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn.

Tabharfar óráidí.

Fág freagra ar 'AN DÍOSPÓIREACHT: Agus na dragúin ag scóladh a chéile, ba bhinn béal ina thost ag an Uachtarán…'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Cúpla babhta do chuir Liadh Ní Riada a lámh ar Mhichael D. a bhí taobh léi, ar chuma uasal is íseal. Má ba a mhalairt a deineadh, bheadh go leor le rá!
    Agus fé mar a dúirt duine ar maidin, bhí na dragúin comh mór in adhairc ar a chéile, go mb’fhéidir le Michael D, dul amach agus siúlóid a thabhait dá mhadraí!

  • Brian-less

    Níor cheart d’aon seó teilifíse a bheith ann. Íslitear dignít na oifige.