‘An-díomá’ ar an gConradh faoi thuarscálacha na Ranna Rialtais ar an Straitéis 20 Bliain

Tá ‘díomá’ ar Chonradh na Gaeilge faoin ‘easpa dul chun cinn’ a léirítear sna tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise

Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá “an-díomá” ar Chonradh na Gaeilge faoi na tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a foilsíodh le cúpla lá anuas ar shuíomhanna na Ranna Rialtais. Níl ach 150 focal i dtuarascáil Roinn an Taoisigh agus 396 focal i dtuarascáil na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá éilithe ag an gConradh ar Roinn an Taoisigh “ról i gcur chun cinn na Straitéise a ghlacadh” agus ar an Taoiseach féin acmhainní a chur i dtreo na Straitéise. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, nach ndéanfar aon dul chun cinn faoin Straitéis gan na hacmhainní cuí a chur ar fáil.

“Tá bearta ionadaíochta á lorg ag Conradh na Gaeilge agus ag na grúpaí pobail eile chun go gcuirfear an infheistíocht chuí ar fáil don teanga, ina measc go gceapfaí Aire Sinsearach chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta ag bord an Rialtais, chun cur i bhfeidhm iomlán na Straitéise a chinntiú, agus chun na hacmhainní cuí chuige seo a chinntiú,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt Conradh na Gaeilge go n-aithnítear an “réamhobair thábhachtach” atá á cur i gcrích i réimsí áirithe den Straitéis ach go léiríonn na 16 tuarascáil “a laghad airde atá tugtha ag an Stát trí chéile ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht le cúig bliana anuas”. Dúradh freisin nach ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an locht mura mbíonn na Ranna eile Rialtais ag cloí le “spiorad ná le spriocanna na Straitéise.”

“Is cúis díomá do Chonradh na Gaeilge go bhfuil bac á chur ag Ranna Rialtais an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach gan tacaíocht trasrannach chuí ón Rialtas.

“Cé go bhfuil réamhobair mhaith déanta ag ranna ar leith i dtaobh codanna den Straitéis, is deacair le Conradh na Gaeilge a chreidiúint gur foilsíodh tuarascálacha rialtais atá in ainm is cur síos a dhéanamh ar obair thrasrannach cúig bliana agus cuid acu níos lú ná leathanach ar fhaid,” a dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha.

Fág freagra ar '‘An-díomá’ ar an gConradh faoi thuarscálacha na Ranna Rialtais ar an Straitéis 20 Bliain'