An díol trua í Theresa May, nó an bhfuil go leor den mhilleán uirthi féin?

Dá uaillmhianaí is atá go leor dá comhghleacaithe ní dheachaigh siad i mbealach a mbasctha faoi mar a rinne Theresa May féin, ach tá go leor botún déanta aici freisin

An díol trua í Theresa May, nó an bhfuil go leor den mhilleán uirthi féin?

Pictiúr: Sky News via RollingNews.ie

An díol trua í Theresa May? Tá go leor daoine maraithe le trua di de bharr chomh crua agus atá sí ag obair le toradh an reifrinn a reáchtáladh sa mBreatain i mí an Mheithimh 2016 a chur i bhfeidhm. Níl sí ag fáil cúnamh ar bith, tá a páirtí féin iompaithe ina haghaidh agus í faoi ordóg an DUP mar gheall ar an gcomhaontú soláthair agus muiníne atá ag a Rialtas leo. An bhean bhocht, nach mór an trua í, is cuma céard a dhéanann sí, tá siad ar fad ina haghaidh!

Is amhlaidh gur mhéadaigh ar an trua a bhí ag daoine áirithe aréir di nuair a buaileadh uirthi an buille is measa a buaileadh ar aon Phríomh-Aire in Westminster riamh.  Mar sin féin, nach uirthi féin atá go leor den mhilleán?

Nuair a d’éirigh David Cameron as ar an 23 Meitheamh 2016 bhí a fhios aige go raibh praiseach déanta. Reáchtáladh feachtas bréagach mí-ionraic nár thug léargas fírinneach ar rialacha agus modhanna oibre an Aontais Eorpaigh. Tugadh geallúintí do phobal Shasana – is iad, go bunúsach, a vótáil ar son imeachta – nach bhféadfaí a chomhlíonadh.

Rinne an tAontas Eorpach soiléir ón tús nach bhféadfadh an Ríocht Aontaithe imeacht agus sárú a dhéanamh ar cheithre bhunphrionsabal an Aontais. Tar éis an méid sin ar fad, chuir Theresa May í féin chun cinn do cheannaireacht an Pháirtí Chaomhaigh. Dá uaillmhianaí is atá go leor dá cuid comhghleacaithe ní dheachaigh siad i mbealach a mbasctha sa gcás seo.

Toghadh May ina Príomh-Aire ar an 13 Iúil 2016. Bean nár theastaigh uaithi imeacht as an Aontas Eorpach. Bean a bhí i mbun feachtais le fanacht san Eoraip. Cén fáth, mar sin, a dtarraingeodh sí uirthi féin an cinneadh a rinneadh a chur i bhfeidhm? ‘Brexit means Brexit,’ a dúirt sí linn. Ar thuig sise céard a chiallaigh sé sin? Is beag duine eile a thuig ag an bpointe sin.

Le brí a thabhairt don ráiteas, chuir sí Airteagal 50 sa tsiúl i mí an Mhárta 2017. (Den chéad uair riamh faoi Chonradh Liospóin bhí bealach ann le himeacht as an Aontas. Níor úsáideadh riamh é go dtí sin.) Ní raibh aon chall go ndéanfaí amhlaidh ag an tráth sin é. Cá raibh a deifir? Nárbh fhearr fanacht go mbeadh tuairim éigin ar dtús faoi na héilimh a bheadh ar an dá thaobh?

Ansin gheall sí nach ngéillfeadh sí do na pobalbhreitheanna a bhí ag tabhairt ugach do Chaomhaigh. Ach ghéill! Reáchtáladh olltoghchán i mí an Mheithimh 2017 agus chaill na Caomhaigh 23 suíochán. Bhí sí anois i ladhar an chasúir ceart. B’éigin di dul i mbun cainte leis an DUP, agus ba shoiléir nach seasfadh siadsan leis an gcineál socraithe a bhí á bheartú leis an Aontas. Tá cead acu vótáil de réir a gcoinsiasa ar cheisteanna bunúsacha a bhaineann le stádas na Ríochta Aontaithe, a deir siad.

Tá fadhbanna go leor ag Theresa May agus is léir anois nach dteastaíonn fiú ón bhfreasúra sa mBreatain tabhairt faoin mBreatimeacht a chur i bhfeidhm. Bhí May diongbháilte faoi i gcónaí nach mbeadh reifreann eile ann. Faillí agus droim láimhe leis an bpróiseas daonlathach a bheadh ansin, dar léi. Ach meas tú an raibh aon chall a bheith chomh dána faoi chur i bhfeidhm an Bhreatimeachta faoi dheifir? Ar tharraing sí go leor de na deacrachtaí atá aici uirthi féin?

Fág freagra ar 'An díol trua í Theresa May, nó an bhfuil go leor den mhilleán uirthi féin?'