An dílseoir Jamie Bryson iompaithe ar an nGaeilge ‘chun freagra níos sciobtha a fháil ón DUP’

Dúirt an blagadóir aitheanta Jamie Bryson gur cheap sé gur cheart dó litir a fháil aistrithe ó tharla an DUP a bheith ‘chomh díograiseach faoin nGaeilge’

An dílseoir Jamie Bryson iompaithe ar an nGaeilge ‘chun freagra níos sciobtha a fháil ón DUP’

Jamie Bryson agus Arlene Foster

Tá an dílseoir agus blagadóir aitheanta Jamie Bryson iompaithe ar an Ghaeilge chun, a deir sé, ‘aird’ an DUP a fháil.

Scríobh Bryson, i mBéarla agus i nGaeilge, go dtí príomhfheidhmeannach an DUP ag iarraidh air a bheith ina fhinné ar son na cosanta sa chás dlí ina bhfuil Bryson sáite maidir le comhcheilg a bhain le NAMA.

Dúirt sé gur cheap sé gur cheart dó an comhfhreagras a fháil aistrithe go Gaeilge ó tharla an DUP a bheith “chomh díograiseach faoin Ghaeilge agus cosaintí reachtúla” a bhí ag teacht “le spiorad an New Decade, New Approach“.

Bhí cás Bryson os comhair Chúirt Dúiche Bhéal Feirste inné, mar a socraíodh dáta d’éisteacht a chás go gcuirfí stop leis na himeachtaí cúirte ina choinne.

Thug Bryson, duine de na daoine is binbí i gcoinne na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh, míniú chomh maith ar na meáin shóisialta ar a chinneadh iompú ar an teanga.

“Cheap mé dá n-aistreoinn an comhfhreagras go Gaeilge don DUP go bhfreagróidís níos gasta mé ó tharla an cion atá acu ar an Ghaeilge le déanaí,” a dúirt sé agus a theanga ina leathbhéal aige.

Ina chomhfhreagras dátheangach, d’iarr Bryson ar Timothy Johnston, príomhfheidhmeannach an DUP, a chur in iúl dó taobh istigh de choicís an mbeadh sé sásta freastal ar an chúirt mar fhinné ar son na cosanta dá dheoin féin.

Sa chás nach mbeadh sé sásta sin a dhéanamh, dúirt an tUasal Bryson nach mbeadh “an dara rogha” aige ach toghairm a eisiúint chun “iallach a chur air freastal ar an chúirt mar fhinné”.

Dhiúltaigh an DUP aon rud a rá faoi bheart an dílseora.

Tá Bryson ag lorg chomh maith aon ríomhphoist a bhaineann le NAMA agus aon “chumarsáid leictreonach” eile. Tá sé ráite aige le príomhfheidhmeannach an DUP go bhféadfadh sé ordú faisnéisithe tríú páirtí a lorg sa chúirt chun aon ábhar dá leithéid a fháil.

Tá Jamie Bryson cúisithe i gcomhcheilg chun mí-iompar in oifig phoiblí a dhéanamh, é féin agus beirt eile, an t-iarChomhalta den Tionól Reachtach de chuid Shinn Féin, Daithí McKay, agus ball den pháirtí sin, Thomas O’Hara.

Bhí sé os comhair cúirte inné, tráth a socróidh an Breitheamh Fiona Bagnall dáta don éisteacht a shocróidh a chimiú.

Tá Bryson á chosaint féin sa chás seo, cás a d’fhéadfadh a bheith an-chonspóideach.

Baineann na cúisimh le Bryson a bheith os comhair Choiste Airgeadais Stormont in 2015, coiste a raibh Daithí McKay ina chathaoirleach air agus a bhí ag fiosrú sócmhainní i dTuaisceart Éireann a dhíol NAMA le ciste infheistíochta as na Stáit Aontaithe. Chruthaigh rialtas na hÉireann NAMA, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní chun déileáil leis na hiasachtaí lofa a bhí ag iasachtóirí a tarrtháladh nuair a chlis cúrsaí eacnamaíochta go tobann.

Fág freagra ar 'An dílseoir Jamie Bryson iompaithe ar an nGaeilge ‘chun freagra níos sciobtha a fháil ón DUP’'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Léir é léir é
    Lile ba léir é
    Lile ba léir é
    Ba linn a’ lá
    Lile ba léir é
    Ba linn a’ lá
    Tá Dílseoirí ag gaeilgeoireacht i nganfhios dóibh féin le fada!

  • file

    Níl an Ghaeilge sa litir chomh holc le Google Translate, ach níl sí thar mholadh beirte ach oiread,