‘An diabhal é féin…’ – Suarez ag iarraidh croí na nGánach a bhriseadh arís

Cuireadh Luis Suarez os comhair na meán inné agus ní haon iontas nár léirigh sé aiféala ar bith faoin eachtra a tharla sa chluiche in 2010 nuair a stop sé Gána ag scóráil ag fíordheireadh an chluiche lena lámh

‘An diabhal é féin…’ – Suarez ag iarraidh croí na nGánach a bhriseadh arís

Cluichí

An Chóiré Theas v An Phortaingéil – 3.00in (Grúpa H)
Gána v Uragua – 3.00in (Grúpa H)
An tSeirbia v An Eilvéis – 7.00in (Grúpa G)
Camarún v An Bhrasaíl – 7.00in (Grúpa G)

Rogha an Lae

3.00in (Grúpa H)

Dhá bhliain déag i ndiaidh an chluiche ceathrú ceannais cáiliúil sin ag Corn an Domhain san Afraic Theas, tá Gána agus Uragua in aghaidh a chéile arís i gcluiche mór eile.

Cuireadh Luis Suarez os comhair na meán inné agus ní haon iontas nár léirigh sé aiféala ar bith faoin eachtra a tharla sa chluiche sin in 2010 nuair a stop sé Gána ag scóráil ag fíordheireadh an chluiche lena láimh. Cuireadh Suarez den pháirc ach chuir Asamoah Gyan an cic éirice amú agus chuaigh Uragua ar aghaidh agus bhuaigh an cluiche.

Dúirt iriseoir amháin as Gána go meastar ina thír féin gurb é Suarez “an diabhal féin” ach dearfá nach gcuirfidh sé sin as pioc don tosach inniu agus é ag iarraidh croí na nGánach a bhriseadh arís.

Teastóidh feabhas mór ó Uragua más leo an bua atá ag teastáil uathu a fháil. Dhá dhrochthaispeántas a thug an fhoireann go dtí sna cluichí in aghaidh na Cóiré Theas agus na Portaingéile agus theip ar an bhfoireann aon chúl a scóráil.

Is ar an mbinse a thosaigh Suarez i gcoinne na bPortaingéalach ach seans go dtiocfaidh sé isteach in áit Edinson Cavani don cheann seo. Beidh níos mó ag teastáil ó Darwin Núñez chomh maith mar ní raibh tionchar ar bith ag fear Liverpool ar an dá chluiche atá feicthe againn.

Bhí mí-ádh ar Ghána gur chaill siad in aghaidh na Portaingéile sa chéad chluiche ach bhíodar cumasach ag tús na seachtaine nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an gCóiré Theas. Tá an tosach óg Mohammed Kudus tar éis dul i gcion ar go leor daoine agus imreoir eile é sin nach mbeidh i bhfad eile ag imirt do Ajax má choinníonn sé air ag imirt ar an gcaoi seo.

Má bhuann Gána inniu, beidh siad cinnte dá n-áit i mBabhta an 16 ach d’fhéadfadh comhscór an beart a dhéanamh dóibh. Caithfidh Uragua cluiche na hoíche anocht a bhuachan freisin ach beifear fós ag brath ar an bPortaingéil an ceann is fearr a fháil ar an gCóiré Theas, toradh nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de agus na Portaingéalaigh slán sábháilte sa chéad bhabhta eile cheana féin.

Fág freagra ar '‘An diabhal é féin…’ – Suarez ag iarraidh croí na nGánach a bhriseadh arís'