An deis ag imreoirí taca dul i bhfeidhm ar Martin O’Neill roimh chluiche na hOstaire

Sula dtabharfaidh foireann sacair na hÉireann aghaidh ar fhoireann na hOstaire an tseachtain seo chugainn i gcluiche cáilithe tábhachtach, imreoidh siad dhá chluiche dúshláin, ceann acu in aghaidh Mheicsiceo anocht

An deis ag imreoirí taca dul i bhfeidhm ar Martin O’Neill roimh chluiche na hOstaire

Bainisteoir na hÉireann, Martin O'Neill. INPHO/Ryan Byrne

Agus Éire ag fáil réidh do chluiche mór in aghaidh na hOstaire i gcomórtas cáilithe Chorn an Domhain 2020 ar an 11 Meitheamh, imreoidh foireann Martin O’Neill dhá chluiche dúshláin in aghaidh Mheicsiceo agus Uragua an tseachtain seo.

Is i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach a bheidh cluiche Uragua ach roimhe sin, tabharfaidh foireann O’Neill aghaidh ar Mheicsiceo i New Jersey sna Stáit Aontaithe. Tá scuad 19 imreoir tugtha leis ag O’Neill trasna an Atlantaigh agus tá cuid mhaith d’imreoirí sinsearacha na foirne fágtha sa bhaile aige.

Is deis iad na cluichí, go háirithe ceann na hoíche anocht, do na himreoirí nua dul i bhfeidhm ar an mbainisteoir.

Kevin Long. INPHO/Ryan Byrne

Kevin Long

Is é seo an chéad uair do Long a bheith mar bhall de scuad na hÉireann tar éis do ghortuithe scrios a dhéanamh ar an seal atá caite aige i Sasana. Tá tréimhse sin an mhí-áidh curtha de aige anois áfach agus d’imir sé trí chluiche do Burnley ag deireadh an tséasúir. Beidh sé ag iarraidh a dheis a thapú i ngeansaí na hÉireann anois, go háirithe agus é ag cailleadh amach ar bhainis a dhearthár chun taisteal go New Jersey.

Cyrus Christie. INPHO/Ryan Byrne

Cyrus Christie

Cé gur thubaiste a bhí ann do Shéamus Coleman nuair a briseadh a chos in aghaidh na Breataine Bige níos luaithe i mbliana, tabharfaidh mí-ádh an Chonallaigh deis do Cyrus Christie áit a bhaint amach dó féin ar fhoireann na hÉireann. D’éirigh go maith le fear Derby sna caimeonna a bhí aige go dtí seo ach beidh níos mó brú air anois agus é ina chéad rogha. Tá cumas ann agus é ag dul chun tosaigh leis an liathróid ach d’fhéadfadh sé feabhas a chur ar a chuid cosanta.

Conor Hourihane. INPHO/Ryan Byrne

Conor Hourihane

Cé go mbeidh Glenn Whelan mar chuid d’fhoireann na hÉireann ar feadh píosa maith eile, ní dhéanfadh sé aon dochar do Martin O’Neill súil a chaitheamh ar imreoirí a d’fhéadfadh teacht isteach in áit imreoir Stoke. Is cinnte go bhfuil Hourihane ar dhuine acu sin. Thóg sé tamall ar fhear Chorcaí dul i dtaithí ar fhoireann Aston Villa tar éis dóibh é a cheannach mí Eanáir ach d’fheabhsaigh i dtreo dheireadh an tséasúir. Cé go bhfuil sé níos compordaí agus é níos gaire don chúl, tá an cumas ann imirt níos faide siar an pháirc chomh maith.

Callum O’Dowda. INPHO/Ryan Byrne

Callum O’Dowda

D’imir O’Dowda beagnach 40 cluiche do Bristol City i mbliana ach is mar ionadaí a bhí sé in os cionn a leath acu. Is léir go bhfuil meas ag O’Neill ar an gcliathánaí áfach agus roinnt deiseanna tugtha aige dó le bliain anuas. Bíonn easpa luais ag cur as d’fhoireann na hÉireann agus is cinnte go bhfuil an choisíocht ag O’Dowda chun an fhadhb sin a mhaolú. Bheadh sé spéisiúil a fheiceáil cén tionchar a bheadh aige agus é ag imirt ón tús.

David McGoldrick. INPHO/Donall Farmer

David McGoldrick

Cé go bhfuil trí bliana ann ó chaith McGoldrick geansaí na hÉireann den chéad uair, níl ach cúig chluiche imeartha aige don fhoireann náisiúnta le linn na tréimhse sin. Ní raibh bliain iontach aige le Ipswich agus gan ach cúig chúl i 31 cluiche aimsithe aige, ach tá McGoldrick chomh sásta céanna cúil a chruthú. Chuir gortuithe isteach air le cúpla bliain anuas ach tá deis aige i New Jersey a chumas a léiriú d’Éirinn, go háirithe gan ach beirt tosaithe, é féin agus Daryl Murphy, sa scuad.

Fág freagra ar 'An deis ag imreoirí taca dul i bhfeidhm ar Martin O’Neill roimh chluiche na hOstaire'