An dea-chaidreamh Angla-Éireannach? Nach soineanta a bhíomar…

Bhain reifreann an Bhreatimeachta croitheadh as an gcaidreamh idir na comharsana ach is baolach gur scrios ‘bille an phrótacail’ é 

An dea-chaidreamh Angla-Éireannach? Nach soineanta a bhíomar…

Nach soineanta a bhí! Ár ré dhearfach. Sna blianta i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta ba mhinic a rinneadh ceiliúradh ar fheabhas an chaidrimh idir an Riocht Aontaithe agus Éirinn. Bhí comhchuspóir agus comhoibriú idir an dá rialtas daingnithe ar bhealach a bheadh doshamhlaithe aimsir Dhomhnach na Fola nó stailceanna ocrais na H-Bhlocanna. 

Saothraíodh an feabhas go daor. Liosta le háireamh iad na daoine a chothaigh é. Ina measc bhí na taidhleoirí agus polaiteoirí ón dá thír a rinne cion fathaigh sna hochtóidí agus a bhfuil cuntas breá ar a saothar i gcuimhní cinn David Goodall The Making of the Anglo Irish Agreement. Ar an gcéim sin a thóg an grúpa mór ilchineálach a chruthaigh an próiseas síochána as ar eascair Comhaontú Aoine an Chéasta faoi chomhchoimirce an dá rialtas agus Bertie Ahern is Tony Blair i 1998.

Ba mhinic a bhí cúrsaí sách achrannach sna blianta i ndiaidh 1998 ach thug an dá rialtas faoi na fadhbanna i gcomhar le chéile. Le himeacht ama, seans gur tháinig gnóthaí ar nós an tubaiste a bhain don eacnamaíocht idir na rialtais agus fosaíocht le hinstitiúidí an Chomhaontaithe ach bhíothas aireach faoi chomhar na gcomharsan. Ba chabhair é a mballraíocht den Aontas Eorpach mar ar oibrigh siad as lámha a cheile go rialta. 

Comhartha sóirt ar an dea-chaidreamh ab ea an fháilte a cuireadh roimh an mBanríon Eilís II go hÉirinn in 2011, ise ag cromadh a cinn le hómós sa nGairdín Cuimhneacháin nó ag labhairt Gaeilge. Athdhearbhú ar an gcaidreamh dearfach ab ea an chuairt stairiúil. Chonacthas gné eile den bhfeabhas nuair a d’éirigh Sinn Fein as a mbaghcat ar an mbanríon an bhliain dár gcionn agus nuair a bhuail Martin McGuinness léi go minic. Briseadh sean-nós eile in 2014 nuair a thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt oifigiúil ar an mBreatain agus cuireadh na múrtha fáilte roimhe i gcaisleán Windsor.

Cé a cheapfadh an uair sin go loiscfí an caidreamh taobh istigh de chúpla bliain?

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin gcroitheadh a bhain sé as na cinnteachtaí iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta nuair a vótáil muintir na Ríochta Aontaithe i bhfabhar an tAontas Eorpach a fhágáil. Ní raibh ballraíocht na hÉireann agus na Breataine luaite mar riachtanas i gComhaontú Aoine an Chéasta ach bhí spiorad an Chomhaontaithe go mór faoi anáil an chomhoibrithe eatarthu ansin agus an tacaíocht ón mBruiséil. Ní raibh caomhnú na teorann oscailte luaite ach an oiread ach bhí an dul chun cinn a rinneadh ar chealú custaim agus ionaid slándála i mblianta tosaigh phróiseas na síochána lárnach i dtuiscint na bpáirtithe a rinne an margadh i 1998.

Bhí móramh i dTuaisceart Éireann in éadan an Bhreatimeachta ach rinne lucht ‘Fág’ neamhshuim dá mianta agus dá bhfainic faoi na deacrachtaí a chothófaí ar oileán na hÉireann. Seanscéal is meirg air is ea é gur mhaígh lucht an Bhreatimeachta, an DUP go háirithe, go raibh teicneolaíocht ar fáil chun teorainn chrua idir an tuaisceart agus an deisceart a sheachaint. Ní raibh siad in ann sampla ar bith a thabhairt dá leithéid de theicneolaíocht. 

Is in olcas atá cúrsaí imithe ó 2016 ar aghaidh. Chinntigh iarrachtaí Theresa May chun fadhbanna in Éirinn a sheachaint gur cuireadh dá cois í ar mhaithe le Breatimeacht crua a fháil. Ba é an rogha sin faoi ndear an prótacal agus an teorainn i Muir Éireann. Géaraíodh ar an teannas nuair a shéan an Príomh-Aire Boris Johnson a chonradh féin, roinnt den bharúil nár thuig sé an prótacal ach a thuilleadh deimhin de gur ag bréagadóireacht a bhí sé.

Léiríonn an dréachtbhille a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte an tseachtain gur beag í suim rialtas Boris Johnson i gcomhoibriú le hÉirinn ná leis an AE. Bhí bille an Státrúnaí Ghnóthaí Eachtracha, Liz Truss níos déine ná mar a ceapadh a bheadh sé. Shéan urlabhraithe rialtais gur shárú é ar an dlí idirnáisiúnta ach bhí an tAE agus rialtas na hÉireann ar buile. Níor thug na Caomhaigh aird dá laghad ar achainí na hÉireann gan céim aontaobhach a thógáil.

 Ní rud nua é sin i gcás rialtas Boris Johnson. Is é an Breatimeacht a chuir an nimh sa chorcán ach thug Johnson agus Brandon Lewis an chluas bhodhar do Bhaile Átha Cliath faoi cheist íogair eile le déanaí, an plean chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí. Dúirt Simon Coveney go raibh an pháirtnéireacht a bhí tairbheach i gcónaí faoi chruacheisteanna an Tuaiscirt ‘in easnamh faoi láthair’. I bhfianaise na guagachta faoin mBreatimeacht agus an lúbaireacht faoin bprótacal is léir gur amhlaidh a bheidh. An cheist – cathain a bheifear in ann an caidreamh riachtanach a chothú arís?

Fág freagra ar 'An dea-chaidreamh Angla-Éireannach? Nach soineanta a bhíomar…'

  • An Teanga Bheo

    An “Tea sock” mar a deir siad sa mBreatain !!!!!