Beidh an dara téarma ag Emmanuel Macron mar Uachtarán na Fraince i ndiaidh dó an ceann is fear a fháil ar Marine Le Pen, an t-iarrthóir an-fhada amach ar an eite dheis.
Nuair a fógraíodh na torthaí aréir bhí liúnna áthais ag lucht tacaíochta Macron a bhí bailithe ag bun an Túir Eiffel agus ríméad orthu gur éirigh leis an Uachtarán an dream atá an-fhada amach ar an eite dheis a chloí.
De réir na bpobalbhreitheanna díreach tar éis na vótála d’éirigh le Macron 58.2% de na vótaí a fháil agus 41.8% a bhí ag Le Pen.
Níor éirigh le haon uachtarán eile sa bhFrainc an dara téarma a bhuachan ó 2002, ach bhí an sciar den vóta a bhí ag Macron i bhfad níos ísle ná mar a fuair sé in 2017.
66.1% a bhí ag Macron agus 33.9% a bhí ag Le Pen cúig bliana ó shin.
Cé go raibh bua réasúnta bog ag Macron, fágann torthaí an lae inné gur chuaigh Le Pen agus a páirtí níos giorra do bheith i gcumhacht ná aon dream eile i bhfad amach ar an eite dheis ó 1944.
Mhaígh Le Pen gur “bua” dá páirtí, Rassemblement National, a bhí i dtoradh an toghcháin agus gur toradh stairiúil a bhí ann.
D’éirigh le Le Pen a híomhá a bhogadh agus teacht i dtír ar mhíshástacht an phobail i dtaca leis an gcostas maireachtála agus fadhbanna eile.
Meastar gur chabhair do Macron ab ea an tslí ar láimhseáil sé an phaindéim Covid-19 agus an tslí ar éirigh leis beocht a chur sa gheilleagar.
Chuir ceannairí ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, an Taoiseach Micheál Martin ina measc.
“Tá comhghairdeas ó chroí déanta agam le Emmanuel Macron faoina bhua mór i dtoghchán uachtaránachta na Fraince inniu.
“Tráth a bhfuil go leor dúshlán roimh an Eoraip, an cogadh san Úcráin go háirithe, tá sé tábhachtach go bhfuil uachtarán i bPáras againn atá chomh tiomanta is atá sé do bhunluachanna an Aontais Eorpaigh agus do rath an Aontais.
“Le linn a chéad théarma in oifig bhí sé ina cheannaire láidir diongbháilte prionsabálta.”
Uinseann Ó hIfearnáin
Tá an áthas Orm go bhuaigh Macron
Is eorpach day gram é