An dara cló socraithe cheana féin do Tuatha Dé Danann

Deir an foilsitheoir Darach Ó Scolaí gur léir go mbíonn baint mhór ag gradaim, agus an phoiblíocht a ghabhann leo, le díol leabhar Gaeilge

An dara cló socraithe cheana féin do Tuatha Dé Danann

Tá an dara cló socraithe cheana féin do Tuatha Dé Danann, an t-úrscéal le Diarmuid Johnson a bhuaigh an gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag Gradaim Náisiúnta Leabhar An Post an mhí seo.

Seo an dara huair le bliain anuas arbh éigean an dara cló a chur ar leabhar de chuid an fhoilsitheora Leabhar Breac taobh istigh de 12 mí.

Cuireadh an dara cló ar Táin Bó Cuailnge leis an údar agus foilsitheoir Darach Ó Scolaí i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Dúirt Ó Scolaí go raibh “cúpla cóip” de Tuatha Dé Danann fanta i gcónaí ar leabharbreac.com agus go raibh cóipeanna ar fáil “i siopaí maithe leabhar fud fad na tíre”.

“Cé go bhfuil dalladh cóipeanna de Tuatha Dé Danann sna siopaí don Nollaig, níl fanta ar shuíomh leabharbreac.com ach cúpla cóip. Beidh áthas ar léitheoirí craosacha Dhiarmada Johnson go bhfuil an leabhar le cur i gcló arís go luath san athbhliain,” arsa Darach Ó Scolaí, stiúrthóir Leabhar Breac.

Dúirt Darach Ó Scolaí gur léir go mbíonn baint mhór ag gradaim, agus an phoiblíocht a ghabhann leo, le díol leabhar Gaeilge.

“Ní hionadh díol chomh mór ar an leabhar áirithe seo ó tharla gurb í a bhain gradam An Post Irish Book Awards amach i mbliana — éacht nach beag nuair a chuimhnítear nár chuir moltóirí an Oireachtais fiú ar an ngearrliosta do Dhuais Ghradam Uí Shúilleabháin í. Bhain an leabhar deireanach le Diarmuid Johnson, Conaire Mór, Gradam Uí Shúilleabháin amach in 2017,” arsa Darach Ó Scolaí.

Sa Bhruiséil atá cónaí ar Dhiarmuid Johnson, scríbhneoir rialta le Tuairisc.ie, agus is ann atá sé ag obair i láthair na huaire ar Éadaoin, an tríú leabhar sa tsraith leis atá bunaithe ar luathlitríocht na nGael. Beidh údar Tuatha Dé Danann i gConamara sa bhliain nua d’oíche litríochta agus cheoil atá á heagrú dó ag Leabhar Breac Tigh Mholly ar an Lochán Beag ar an gCéadaoin 2 Eanáir. Beidh an veidhleadóir as Tír Eoghain, Bríd Harper, i mbun tionlacain leis.

Dúirt Diarmuid Johnson féin gur aige a bhí “an dá chroí” nuair a bronnadh gradam An Post ar a shaothar an mhí seo caite.

“Sméar mhullaigh ar an gcraobh a thug mé liom in 2017 nuair a tugadh Gradam Uí Shúilleabháin dom ar Conaire Mór. Sa deireadh thiar ar ndóigh, is tábhachtaí ná gradam díol a bheith ar na leabhra, díol agus léamh, agus spreagadh a bheith faighte ag pobal léite na Gaeilge. Cá bhfuil an scríbhneoir nach údar bróid dó an chéad chló dá shaothar a bheith ídithe, agus an dara cló ar na bacáin? Agus mura mbeidh an tríú cló ann, beidh an tríú leabhar ann; tá Éadaoin ag cogarnach liom cheana féin!” arsa Diarmuid Johnson.

Fág freagra ar 'An dara cló socraithe cheana féin do Tuatha Dé Danann'