An dara cás den choróinvíreas in oirthear na tíre deimhnithe

Thug an Roinn Sláinte le fios go bhfuair siad amach tráthnóna inné go raibh an galar tolgtha ag bean a bhí i dtuaisceart na hIodáile le déanaí.

An dara cás den choróinvíreas in oirthear na tíre deimhnithe

Tá an dara cás den choróinvíreas aimsithe in oirthear na tíre.

Thug an Roinn Sláinte le fios go bhfuair siad amach tráthnóna inné go raibh an galar tolgtha ag bean a bhí i dtuaisceart na hIodáile le déanaí. Seo an dara cás den choróinvíreas ó dheas. Thángthas ar an gcéad chás in Éirinn ó thuaidh an tseachtain seo caite.

Táthar anois ag iarraidh teacht ar aon duine a raibh gartheagmháil acu leis an mbean atá buailte ag an aicíd.

Tá tasatáil don ghalar curtha ar nach mór 400 duine ó dheas agus bhí toradh diúltach ar gach ceann acu seachas sa dá chás in oirthear na tíre.

Idir measartha agus mór atá an baol go mbuailfidh an coróinvíreas níos mó daoine in Éirinn, de réir an ráitis is déanaí ón Rialtas faoin ngalar a bhfuil tíortha ar fud an domhain buailte aige.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna inné go mb’fhéidir go dtiocfadh an lá gur dírithe ar an ngalar a mhaolú seachas é a shrianadh a bheifí ach nach raibh an lá sin tagtha fós.

Dúirt sé nach raibh aon chinneadh déanta go fóill faoi cheiliúradh na Féile Pádraig ach go raibh súil á coinneáil ar an scéal i gcónaí. Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan aréir nach bhfaca sé aon chúis go gcuirfí imeachtaí na féile ar ceal.

Thug an Taoiseach le fios go mbeadh treoirlínte nua maidir le tionól ollchruinnithe á n-eisiúint ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Tá na treoirlínte sin le heisiúint tráth a deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, WHO, nach fios cad atá amach roimh an domhan mór maidir leis an ngalar.

Bhí cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí inné chun plé a dhéanamh ar bheartais éagsúla i leith an choróinvíris.

Tá a naoi n-oiread cásanna nua den víreas anois á n-aimsiú lasmuigh den tSín ná mar atá á n-aimsiú sa tSín féin.

Tá an galar tolgtha ag breis is 90,000 duine ar fud an domhain agus tá seisear básaithe leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

An Iodáil, an Chóiré Theas agus an Iaráin na tíortha is measa atá buailte ag Covid-19.

Dúirt ceannasaí an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus “nach léir dúinn cad atá amach romhainn” maidir leis an ngalar.

“Ní fhacamar riamh cheana pataigin riospráide a bhfuil ar a cumas scaipeadh i measc an phobail ach gur féidir, ag an am céanna, srian a chur léi ach na bearta cuí a chur i gcrích.”

Is ionann scaipeadh i measc an phobail agus scaipeadh ó dhuine go duine sa phobal seachas scaipeadh thar dúiche isteach.

Meastar go bhfuil sé i gceist ag an bhfoireann saineolaithe sa Roinn Sláinte a mholadh chomh maith go ndéanfaí tástálacha áirithe don ghalar in áiteanna eile seachas in ospidéil, sa bhaile, mar shampla.

Bhí cruinniú an tseachtain seo le saineolaithe ón HSE ag tuismitheoirí na scoile i mBaile Átha Cliath a dúnadh nuair a fuarthas toradh dearfach don ghalar ar dhuine de dhaltaí na scoile.

Dúradh gur deimhníodh cé hiad na daoine go léir a raibh gartheagmháil acu leis an dalta, buachaill sna déaga. Is ionann ‘gartheagmhálaí’ ag na saineolaithe leighis agus duine a bhí i ngartheagmháil leis an othar ar feadh 15 nóiméad nó níos mó.

Dúradh leis na tuismitheoirí chomh maith go ndéanfar an scoil i mBaile Átha Cliath a ghlanadh ó bhun go barr sula n-osclófar arís í.

Tá iarrtha ar dhaltaí agus foireann na scoile coinneáil amach ó dhaoine eile ar feadh coicíse. Tá iarrtha chomh maith ar bhaill de bhanna ceoil a bhí ag cleachtadh ceoil in éineacht leis an othar ag an deireadh seachtaine iad féin a choinneáil amach ó dhaoine ar feadh coicíse.

Fág freagra ar 'An dara cás den choróinvíreas in oirthear na tíre deimhnithe'