An daonlathas nó deachtóireacht atá uait, cogadh nó síocháin?

Conas a d’fhéadfaí muinín a chur in aon socrú síochána le réimeas Putin i bhfianaise na ngealltanas briste go léir? 

An daonlathas nó deachtóireacht atá uait, cogadh nó síocháin?

An bhfuil tú i bhfabhar an daonlathais nó na deachtóireachta?

Shamhlóinn gur ‘daonlathas’ an freagra a bheadh ag 99% agaibh. Cad faoi chogadh nó síocháin? 99% ar son na síochána freisin a shamhlóinn.

Dar ndóigh is annamh go mbíonn roghanna chomh simplí leis sin san fhíorshaol.

Shamhlóinn go n-aontódh an cuid is mó agaibh gur deachtóir brúidiúil ab ea Saddam Hussein. Mar sin féin shamhlóinn go síleadh an chuid is mó agaibh gur botún nó fiú coir a bhí in ionradh na hIaráice i bhfianaise an tslada a rinneadh ar mhuintir na tíre sin agus an chíor thuathail atá ansin go dtí an lá inniu féin.

Arbh fhearr ligint do Bashar Al Assad léirsithe an Earraigh Arabaigh a chur faoi chois go brúidiúil in 2011 chun an sléacht agus an t-ár a d’fhulaing muintir na Siria le haon bhliain déag anuas a sheachaint? An bhfuil muintir na Libia níos fearr as leis an tsíorchogaíocht atá sa tír ná mar a bhí siad sular chabhraigh Meiriceá leis an éirí amach i gcoinne Gaddafi in 2011?

Mar an gcéanna le ‘síocháin’ agus ‘cogadh’. I 1938 roghnaigh Neville Chamberlain ‘síocháin lenár linn’. D’aontaigh formhór mhuintir na Breataine lena chinneadh ligint do Hitler seilbh a ghlacadh ar chuid den tSeicslóvaic ar mhaithe le cogadh Eorpach a sheachaint. Is beag duine, i bhfianaise na staire, a shíleann anois go ndearna Chamberlain an cinneadh ceart.

Uaireanta bíonn rogha cuibheasach soiléir idir an daonlathas agus an deachtóireacht, idir cogadh agus síocháin, ach níos minice ná a mhalairt ní bhíonn.

Mar an gcéanna leis an gcaint faoi ‘síocháin’ nó ‘cogadh’ san Úcráin. Bheadh deireadh leis an gcogaíocht dá dtarraingeodh an Rúis amach as an Úcráin, nó, ar a laghad, dá rachfaí ar ais go dtí na línte tosaigh a bhí ann i mí Feabhra. Nó d’fhéadfadh an Úcráin deireadh a chur leis an gcogadh trína neamhspleáchas a thabhairt suas agus géilleadh d’fhorlámhas na Rúise. Is ar éigean a chreidfeadh éinne atá á léamh seo go bhfuil seans ar bith go dtarlóidh ceachtar den dá rud sin.

Mar sin an t-aon bhrí phraiticiúil gur féidir a bhaint as caint faoin ‘síocháin’ faoi láthair ná go stopfadh an chogaíocht agus na línte tosaigh a bheag nó a mór mar atá faoi láthair, rud a d’fhágfadh na tailte atá gafa acu go dtí seo i seilbh na Rúise.

Is léir láithreach go mbeadh buntáistí áirithe sa ghearrthéarma ar a laghad le stop a chur leis an gcogaíocht anois. Ní bheadh a thuilleadh sibhialtach nó saighdiúirí á marú, ní bheadh a thuilleadh bailte nó cathracha á scrios agus bheadh teifigh ábalta filleadh ar an gcuid den Úcráin nach bhfuil gafa ag an Rúis.

Ach dar ndóigh níl sé chomh simplí leis sin. Tá a lán cúiseanna leis seo, ach seo na trí bhac is mó dar liom fhéin.

1. Cad a tharlóidh d’Úcránaigh sna críocha gafa? 

Is léir anois na huafáis a tharla in Bucha agus sna críocha eile a saoradh ó smacht na Rúise i dtuaisceart na hÚcráine – sibhialtaigh curtha chun báis, céasadh agus éigniú. Tá na huafáis seo dearbhaithe anois ag eagraíochtaí cearta daonna idirnáisiúnta agus ag na Náisiúin Aontaithe. Tá fianaise de choireanna cogaidh i gcoinne sibhialtach sna críocha atá fós faoi smacht na Rúise bailithe ag eagraíochtaí cearta daonna idirnáisiúnta – céasadh agus imeacht as radharc sibhialtach ina measc. Ní fios cé mhéad Bucha eile atá ceilte ag na fórsaí forghabhála.

Is dócha, in imeacht ama, de réir mar a shocróidh na réigiún seo síos faoi riail na Rúise go dtiocfaidh meath ar an mbrúidiúlacht. Ach más aon fhianaise tuarascáil na Náisiún Aontaithe faoi riail na Rúise sa Chrimé agus faoi riail na scarúnaithe in Donbas roimh thús an mhórionraidh i mí Feabhra, leanfaidh an sárú ar chearta an duine ar aghaidh sa bhfadtéarma. D’fhiosraigh na tuarascálacha sin sáruithe cearta daonna sna críocha a bhí faoi smacht na hÚcráine, sna críocha a bhí faoi smacht na scarúnaithe agus sa Chrimé faoi smacht na Rúise. Léirigh siad go raibh na sáruithe cearta daonna i bhfad níos measa i réigiún na scarúnaithe agus sa Chrimé ná mar a bhí san Úcráin. Tuairiscíodh i measc nithe eile nach raibh aon tsaoirse pholaitiúil ná cainte sa réigiún a bhí faoi smacht na scarúnaithe agus go raibh géarleanúint á déanamh ar phobal dúchasach na Crimé, an pobal Tatar. Tuairiscíodh, ní hamháin go raibh i bhfad níos lú den sárú ar chearta ag tarlú sa cheantar faoi dhlínse na hÚcráine ach go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas diaidh ar ndiaidh chomh maith. Bhí 56% de mholtaí na Náisiún Aontaithe chun cearta an duine a chosaint curtha i bhfeidhm go hiomlán ag an Úcráin agus 13% eile curtha i bhfeidhm go pointe áirithe. I réigiún na scarúnaithe ní raibh ach 3% de na moltaí curtha i bhfeidhm go hiomlán agus 18% a bhí curtha I bhfeidhm go pointe áirithe. Agus sa Chrimé ní raibh ach 3% de na moltaí curtha i bhfeidhm go hiomlán nó go pointe áirithe.

An í an argóint atá ann go gcaithfear íobairt a dhéanamh de na hÚcránaigh atá sna críocha gafa ar mhaithe leis an tsíocháin?

2. Cad a stopfadh Putin ó theacht ar ais ag lorg tuilleadh i gceann cúpla bliain?

Tá a fhios againn ar fad nár chuir ‘Síocháin lenár linn’ Neville Chamberlain stop le craos Hitler chun concas a dhéanamh ar thíortha eile – a mhalairt ar fad, meastar anois gur spreagadh a bhí ann dó go bhféadfadh sé tuilleadh dá leithéid a dhéanamh. Ghlac an Rúis seilbh ar cuid den Mholdóiv idir 1990 agus 1992 agus ar cuid den tSeoirsia in 2008. Feabhra agus Márta 2014 ghabh sí cuid den Úcráin – an Chrimé. Thart ar an am céanna thosaigh siad ag tacú le feachtas míleata na ‘Scarúnaithe’ in Donbas in oirthear na hÚcráine. Feabhra na bliana seo rinne an Rúis iarracht seilbh iomlán a ghlacadh ar an Úcráin, iarracht ar theip uirthi. Ach tá sciar mór d’oirthear agus d’oirdheisceart na tíre gafa aici. Má dhéantar margadh le Putin anois ag ligint dó na críocha atá gafa aige a choimeád, cad a stopfadh é ó theacht ar ais i gceann cúpla bliain ag lorg níos mó?

3. Conas a d’fhéadfaí muinín a chur i socrú síochána leis an Rúis?

B’fhéidir gurbh é an réiteach a mholfadh duine ar fhadhb a dó thuas [ionsaí eile ó Putin] ná go mbeadh comhaontú idirnáisiúnta ann faoina ngeallfadh an Rúis gan an Úcráin a ionsaí arís agus faoina mbeadh cumhachtaí an iarthair páirteach ann mar bharántas don Úcráin. Ach tá an socrú sin ann cheana féin. Meamram Budapest an t-ainm atá air agus shínigh an Rúis, an Bhreatain agus Meiriceá é i 1994. Gheall an Rúis nach n-ionsódh sí an Úcráin agus go nglacfadh sí lena neamhspleáchas agus a teorainneacha. Mar gheall ar na geallúintí seo thoiligh an Úcráin a n-airm núicléacha a thabhairt suas. Briseadh gach ceann de na geallúintí sin ó 2014 ar aghaidh. Gheall an Rúis arís agus arís sna seachtainí roimh an 24 Feabhra nach raibh rún ar bith acu ionradh a dhéanamh ar an Úcráin ach is bréag a bhí ansin.

Conas a d’fhéadfaí muinín a chur in aon socrú síochána le réimeas Putin i bhfianaise na ngealltanas briste seo? Agus conas a d’fhéadfaí a chur ina luí ar rialtas agus muintir na hÚcráine a muinín a chur in aon chomhaontú síochána dá leithéid?

Níl a fhios agamsa conas na ceisteanna achrannacha seo a réiteach. Ach is léir go gcaithfear iad a fhreagairt má tá seans ar bith ar shíocháin a bheith ann. Cur i gcéill atá ann ag tráchtairí áirithe a bheith ag cur i leith daoine eile go bhfuil siad ‘i gcoinne na síochána’ nuair nach bhfuil aon phlean á thairiscint acu fhéin chun na deacrachtaí seo a réiteach.

Fág freagra ar 'An daonlathas nó deachtóireacht atá uait, cogadh nó síocháin?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt tomhaiste ón Drisceoileach faoi chás na hUcráine.

  • Dónall Mór Mac Billings /Bilie

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *************************************************************************************

    Alt den scoth ó Fhachtna i dtaobh fhadhb Ionraidh na hÚcráine .

    Dá mbeadh na Naisiúin ‘Aontaithe/Neamh-Aontaithe’ in inmhe arm a chur ar na líntí tosaigh idir an dá tír mar a rinne siad ar fud an Domhain bheadh tús le réiteach.

    Ach a chloisim uait ní fhéadfaí sin a chur i gcrích de thairbhe smacht ag na hOllChumhachtaí (Meiriceá agus an Rúis) ar chúrsaí inmheánacha na hEagraíochta sin.

    Is soiléir go bhfuiltear ag fanacht ar ‘Shocrú’ Hitler agus go mbeadh slad mar is ceart ann, ar an droch-uair !!!!

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    *************************************************************************************

  • Ciarán

    Alt tomhaiste go pointe, ach gan aon tagairt don ról atá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an ‘proxy war’ atá ar bun acu. D’fhógair Biden inniu go bhfuil sé sásta $3 billiúin eile a chaitheamh ar airm le cur leis an slad. Cé atá ag baint tairbhe as na billiúin atá caite ar airm go dtí seo? Cé mhéid teifeach ón Úcráin atá glactha ag SAM leo?

  • Anton O'Muimhneachain

    Cé hé na deachtóirí go direach ? Ar dtús san iarthar níl muid in ann claracha nuachtain a fheiceáil, mar shampla RT, an dara ceann stop muid Rúiseacha uile cuairt a chur chuig Eoraip, agus a trí bhunaigh na húcráine suiomh gréasáin go bhfuil na ainmneacha air de dhaoine a cheaptar a bheith ina bhagairt chuig an tuath sin. Cheana féin bhasaigh daoine éigin. Agus i ndeireadh an lae is náire é na meáin chumarsáide san iarthar ar fad. Iad go léir (nuachtain agus teilifís) ghlac siad an taobh na hÚcranaigh. Agus nuair a daoine airithe labhair amach glaodh orthu fealltóirí ó seafoid eigin eile. Cad a daonlathas go hiontach !

    Anton

  • Donncha Ó hÉallaithe

    A Chiaráin, nach maith an rud é go bhfuil SAM sásta armlón a chur ar fáil don Ucráin agus iad ag iarraidh an tír a chosaint ón ionsaí barbartha atá á dhéanamh ag an Rúis? An mb’fhearr leat NACH mbeadh SAM agus tíortha eile ag tacú le Arm na hUcráine? Nach mbeadh an deabhal ar fad déanta mura mbeadh SAM agus tíortha eile ón Iarthar sásta airm a chur ar fáil? An amhlaidh go bhfuil tú ag iarraidh go dtroidfidh an Ucráin le clocha agus maidí nuair a rithfidís as armlón? Shílfeá go bhfuil fadhb agat chomh maith le líon na dteifeach atá ag tíocht ag an tír againne.

  • Dónall Mór -- Billings/Bilie

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *************************************************************************************
    An Úcráin Abú

    Alt den scoth ó Fhachtna i dtaobh fhadhb Ionraidh na hÚcráine .

    Dá mbeadh na Naisiúin ‘Aontaithe/Neamh-Aontaithe’ in inmhe arm a chur ar na líntí tosaigh idir an dá tír mar a rinne siad ar fud an Domhain bheadh tús le réiteach.

    Ach a chloisim uait ní fhéadfaí sin a chur i gcrích de thairbhe smacht ag na hOllChumhachtaí (Meiriceá agus an Rúis) ar chúrsaí inmheánacha na hEagraíochta sin.

    Is soiléir go bhfuiltear ag fanacht ar ‘Shocrú’ Hitler agus go mbeadh slad mar is ceart ann, ar an droch-uair !!!!

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    *************************************************************************************

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Duine ar bith a bheadh ag braith ar RT le nuacht a fháil faoin gcogadh sa Ucráin, ní bheadh le fáil ann ach bréaga faoin Ucráin, bréaga faoin gcogadh agus bollscaireacht aon taobhach leagaithe síos ag deachtóireacht PUTIN.

  • Ciarán

    Mar fhreagra ar an méid a dúirt Donncha Ó hÉallaithe inné: Tá dul amú ort, a Dhonncha, má cheapann tú go bhfuil ‘fadhb’ agam le líon na dteifeach atá tagtha go dtí an tír seo. Tá taithí beag pearsanta agam ar chás na dteifeach in Éirinn. Maidir leis na hÚcráinigh, táim bródúil as an fháilte atá curtha ag muintir na tíre seo rompu agus molaim an tréaniarracht atá á dhéanamh ag na húdarais chun tacú leo. Ach is fiú an cheist a chur ó thaobh cothrom na Féinne de. De réir USA Today, dhá lá ó shin, tá breis is 150,000 teifeach ón Úcráin i Stáit Aontaithe Mheiriceá (Daonra 330,000 milliún in 2020). Bhí Biden sásta glacadh le 100,000 ar dtús. Dar le Gov.UK, bhí 95,400 teifeach sa Ríocht Aontaithe (Daonra 67 milliún in 2020) faoi Iúil na bliana seo. Tá an Rúis ciontach as dúnmharú san Úcráin agus as go leor coranna uafásacha eile. Ach ná bíodh aon dul amú orainn maidir le Biden agus Johnson agus cibé duine a thagann i gcorbacht air. Is ag cuimilt ar a gceirtlín féin atádar. Bhí iompar Johnson náireach le 6 mhí anuas agus é ag iarraidh aird an phobail a tharraingt óna mhí-iompar féin trí cuairteanna thabhairt ar an Úcráin, agus thuig muintir na Breataine é sin. Bhí sé ann arís inné! Is fiú an cheist a chur cé tá ag baint tairbhe go príomha as na billiúin atá á gcaitheamh ar airm atá déanta in SAM is sa mBreatain? Tá a fhios againn cé rinne go maith as an gCéad Chogadh Domhnda agus as chuile chogadh eile ó shin.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Go raibh maith, a Chiaráin. Mo leithscéal má cheap mé go raibh fadhb agat leis an tír seo againne ag glacadh leis an oiread sin teifigh ón Ucráin. Ar ndóigh tá rialtas Johnston náireach, ag cur bacanna roimh na teifigh ón gcogadh. Seans gur chuid den chúis a bhfuil an oiread ag tíocht go hÉirinn: ní féidir leo fáil isteach go Sasana.