An daonlathas deighilte…rudaí ag feabhsú ach ní do chách

Tá an feabhsú eacnamaíochta soiléir, ach tá scata mór daoine sa tír nár bhain tairbhe ar bith as an bhfeabhas

Lán

Díol gluaisteán – má tá folláine eacnamúil á meá, is deacair teacht ar shlat tomhais níos simplí ná an cuntas ar chéadchlárú gluaisteán a eisíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (www.cso.ie) gach mí. Cur síos a oireann do chuntas na míosa seo caite: scéal iontais.

Tháinig ardú 48.5 faoin gcéad ar líon na ngluasteán a cláraíodh an chéad uair i mí na Márta (17,054) má chuirtear i gcomparáid é le cuntas na míosa céanna anuraidh (11,485).

Táthar fós i bhfad ón bhfigiúr a shroich nuachlárú gluaisteán (77,441) i 2008, díreach sarar thit an tóin as an margadh, ach ní cóir beag is fiú a dhéanamh den ardú is deireanaí. Dál an scéil, tháinig méadú níos mó (56.3 faoin gcéad) ar líon na bhfeithiclí tráchtála (1,593) a cláraíodh an chéad uair i mí na Márta.

Tá neartú an gheilleagair léirithe i gcuntais oifigiúla eile (díol earraí sna siopaí, an ráta dífhostaiochta, as chur déantúsaíochta srl.) a foilsíodh le tamall. Ach mar is eol do gach teachta Dála, níl an scéal iomlán inste sna figiúirí.

Gan dabht, is léir do mhórán an feabhas ina saol féin, ach ní foláir trí ‘Má’ a chur mar choinníoll lena léargas pearsanta.

Má…

1 Tá post réasúnta maith agat…

2 Tá sé d’ádh ort nach bhfuil géarghá ag duine atá muinteartha leat le cóir leanúnach leighis nó le seirbhís phoiblí eile…

3 Tá teach agat nár íoc tú praghas craiceáilte air idir 2000 agus 2008…

Tá cúrsaí ag dul i bhfeabhas gan dabht. Agus mura bhfuil carr nua ceannaithe agat, fós, is féidir leat smaoineamh air anois ar a laghad. Ach níl gach duine sa riocht céanna, ná dearcadh chomh dearfa acu ar a saol féin, ná ar shaol na tíre.

Rinne an t-eacnamaí John Kenneth Galbraithe cíoradh ar an mbearna seo idir saibhir agus daibhir, agus ar a thionchar ar shaol tíre, ina leabhar The Culture of Contentment (1992). Is dlúthchuid den daonlathas é, dar leis, go mbíonn an móramh sásta – ní bheadh rialtas i gcumhacht marach móramh a bheith sásta leo. Ar ndóigh, is ag caint ar shásamh bunúsach a bhí sé; bíonn ábhair ábhair éagsúla míshásaimh ann i gcónaí.

Shíl Galbraith go raibh trí dhrochthoradh ar róthionchar an mhóraimh seo ar shaol na Stát Aontaithe sna 1980í agus 1990í: (a) machnamh gearr-radharcach, (b) infheistíocht gearrthéarmach, agus (c) neamhthoil cur le caiteachas rialtais.

Is mar gheall ar an meon seo, a dúirt sé, a cuireadh plé ar chothromaíocht agus ar leas iomlán fadtéarmach an náisiúin i leataobh.

Níl Éire lenár linn cosúil ar go leor bealaí leis na Stáit Aontaithe breis agus fiche bliain ó shin. Ach is léir an dochar atá ag bagairt orainn, sílim, murar féidir lenár bpolaiteoirí freastal dáiríre ar lánriachtanais an phobail.

Ní gnó simplí é seo, agus is fusa cur síos air i gcolún mar seo ná tabhairt faoi mar pholaiteoir. Ní theastaíonn crógacht as cuimse chun polasaí a fhógairt a mheallann an móramh nó a thugann glór do mhíshásamh an mhionlaigh.

Is déine go mór teacht ar chomhthuiscint idir an móramh agus an mionlach, go háirithe, b’fhéidir, nuair atá cúrsaí ag dul i bhfeabhas tar éis tréimhse fhada anró.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'An daonlathas deighilte…rudaí ag feabhsú ach ní do chách'