AN DAONÁIREAMH: Leibhéal níos airde oideachais ag cainteoirí Gaeilge ná mar atá ag an bpobal i gcoitinne

Céim tríú leibhéal, ar a laghad, ag 49% de chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, i gcomparáid le 28.5% i measc an phobail i gcoitinne

AN DAONÁIREAMH: Leibhéal níos airde oideachais ag cainteoirí Gaeilge ná mar atá ag an bpobal i gcoitinne

Tá leibhéal níos airde oideachais ag cainteoirí laethúla Gaeilge an stáit ná mar atá ag an bpobal i gcoitinne, de réir eolas nua atá eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Bhí céim tríú leibhéal, ar a laghad, ag 49% de chainteoirí laethúla Gaeilge in 2016.

Bhí céim tríú leibhéal nó cáilíocht níos airde ag 28.5% den phobal i gcoitinne nuair a deineadh Daonáireamh 2016 in Aibreán na bliana seo caite.

6% de chainteoirí Gaeilge an stáit a bhí taobh le bunoideachas amháin ach bhí níos mó ná a dhá oiread sin i gceist i measc an phobail i gcoitinne, 12.6%.

Iar-bhunoideachas “íseal” amháin a bhí ar 5.8% de chainteoirí laethúla Gaeilge, is é sin le rá an Teastas Sóisearach nó a mhacasamhail (an Mheánteistiméireacht nó an Grúptheastas).

Bhí beagnach a thrí oiread daoine i measc an phobail i gcoitinne nach raibh acu an cháilíocht oideachais sin, 14.8%.


Na slite beatha is coitianta i measc phobal na Gaeltachta



D’fhág 14.8% de chainteoirí laethúla Gaeilge an córas oideachais i ndiaidh na hArdteistiméireachta, nó a mhacasamhail. 27.3% den phobal i gcoitinne a d’fhág an córas oideachais agus an Ardteist déanta acu, tuairim is dhá oiread na gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Bhain 7.8% de chainteoirí laethúla Gaeilge cáilíocht iarscoile, nach céim í, amach sular éirigh siad as an oideachas i gcomparáid le 10.8% den phobal i gcoitinne.


CLÚDACH TUAIRISC.IE AR DHAONÁIREAMH 2016 AR FÁIL ANSEO


Is í an mhúinteoireacht an tslí bheatha is coitianta i measc cainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht. Thug 914 cainteoir laethúil Gaeltachta le fios sa Daonáireamh anuraidh gur múinteoirí a bhí iontu. Ba mhúinteoirí bunscoile agus naíscoile a bhformhór acu sin, 569 duine, agus múinteoirí meánscoile an chuid eile, 345 duine.

Feirmeoireacht an dara gairm is coitianta i measc cainteoirí laethúla Gaeilge na Gaeltachta. 520 cainteoir laethúil Gaeltachta a thug le fios gur feirmeoirí iad.

Slite beatha a bhain le “riarachán” a bhí ag 304 duine de chainteoirí laethúla Gaeilge na Gaeltachta agus b’oibrithe sláinte, idir oibrithe cúraim, chúramóirí baile, altraí agus chnáimhseacha iad 420 duine.

Is in earnáil an díolacháin agus an mhiondíola, nó mar airgeadóirí agus mar chúntóirí cuntar íocaíochta, a d’oibrigh 282 duine de na daoine sa Ghaeltacht a thug le fios i nDaonáireamh 2016 go labhraíonn siad Gaeilge gach lá.