AN DAONÁIREAMH: Cé mhéad múinteoir agus Garda sa Stát ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad?

7.8% de mhúinteoirí bunscoile agus naíscoile an stáit a labhraíonn an Ghaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den scoil

AN DAONÁIREAMH: Cé mhéad múinteoir agus Garda sa Stát ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad?

Ní labhraíonn ach 7.8% de mhúinteoirí bunscoile agus naíscoile an stáit an Ghaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den scoil, de réir na bhfigiúirí nua a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh.

Thug 4.4% de mhúinteoirí bunscoile agus naíscoile le fios go labhraíonn siad an Ghaeilge ar bhonn seachtainiúil taobh amuigh den scoil.

Tá 18% de na múinteoirí ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad taobh amuigh den scoil ina gcónaí i gceantair oifigiúla Ghaeltachta. Is múinteoirí meánscoile iad 345 de na cainteoirí laethúla Gaeilge atá sa Ghaeltacht.

LÉARÁID LE CÓS/Tuairisc.ie

Thug 313 ball den Gharda Síochána, nó 2.5% den fhórsa iomlán, le fios go labhraíonn siad Gaeilge ar bhonn laethúil. Thug 611 eile, nó 4.9% den fhórsa iomlán, le fios go labhraíonn siad Gaeilge ar bhonn seachtainiúil. Is cainteoir laethúil Gaeltachta é Coimisinéir Gníomhach an Gharda Síochána, Dónall Ó Cualáin, as Carna i nGaeltacht na Gaillimhe.

Labhraíonn 840 feirmeoir, nó 1.2% de líon iomlán na bhfeirmeoirí sa stát, Gaeilge ar bhonn laethúil.


CLÚDACH TUAIRISC.IE AR DHAONÁIREAMH 2016 AR FÁIL ANSEO


De réir na bhfigiúirí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh níos luaithe i mbliana, is cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais iad 1.6% den phobal i gcoitinne. Fágann sé sin go bhfuil céatadán níos airde cainteoirí Gaeilge ag obair mar mhúinteoirí agus mar Ghardaí ná an meán náisiúnta.


Na slite beatha is coitianta i measc phobal na Gaeltachta