Ciarraí
Theip ar Dhaingean Uí Chúis Craobh Shinsir na gClubanna a thabhairt leo don dara bliain as a chéile i gCiarraí agus an ceann is fearr faighte ag na Crócaigh as Cill Airne orthu sa gcluiche ceannais Dé Domhnaigh. Bhí fir Chill Airne in uachtar don chluiche uile agus an bua 1-15 in aghaidh 0-11 sa deireadh acu.
Chuir na Crócaigh tús maith leis an lá agus cúl aimsithe ag Cian McMahon gan ach cúig nóiméad imeartha agus bhíodar seacht bpointe chun tosaigh is gan ach ceathrú uaire caite. D’éirigh le triúr de mhuintir Geaney, Conor, Mikey agus Dylan, pointí a aimsiú don Daingean chun an bhearna a laghdú ach d’fhág scóranna eile ó Tony Brosnan agus Micheál Burns go raibh ceithre phointe go fóill idir na foirne ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-5.
Scóráil Dylan Geaney, a bhí ar fheabhas don Daingean, pointí chun an bhearna a laghdú go dtí ceithre phointe agus deich nóiméad fágtha ach níor éirigh leo an bhearna a laghdú tuilleadh. Chríochnaigh na Crócaigh ní ba láidre chun a gcéad chraobh ó 2018 a bhuachan, an 11ú ceann acu ar an iomlán.
Bhí ábhar díomá ann do cheann eile d’fhoirne Chorca Dhuibhne ar an Satharn agus Lios Póil sáraithe ag an gCordal i mbabhtaí ceathrú ceannais chraobh na sóisear, 2-15 in aghaidh 1-11.
Gaillimh
Tar éis dóibh bua maith a fháil sa gcéad bhabhta, bhí Naomh Anna, Leitir Móir dóchasach go bhféadfadh siad teacht aniar aduaidh ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach ag an deireadh seachtaine ach d’fhág taispeántas leamh go maith ó fhir na Gaeltachta gur ag a gcéilí comhraic a bhí an bua, 1-14 in aghaidh 0-9.
D’fhág pointí ó na deartháireacha Oisín agus Fionn Mac Donnacha nach raibh ach pointe amháin idir na foirne leath bealaigh tríd an gcéad leath ach, díreach agus Naomh Anna socraithe isteach sa gcluiche, ghearr Bóthar na Trá trí lár na páirce agus d’aimsigh Tomo Culhane cúl tábhachtach. Bhí Culhane ar dhuine de cheathrar ag Bóthar na Trá a bhí ar fhoireann shinsir na Gaillimhe i mbliana. D’aimsigh an triúr eile, John Maher, Daniel O’Flaherty agus Cathal Sweeney pointí agus Sweeney, go háirithe, ar fheabhas dá fhoireann.
Ar an Satharn a bhí an dá fhoireann Ghaeltachta sa gcraobh shinsir ag imirt. Bhí bua neafaiseach go maith ag Maigh Cuilinn ar sheaimpíní idirmheánacha na bliana seo caite, Muine Mheá-An Mhainistir, 4-11 in aghaidh 1-5. Trí chúl a scóráladh sa gcéad leath. Owen Gallagher agus Dessie Conneely a d’aimsigh an sprioc do Mhaigh Cuilinn agus chinntigh siad go mbeadh an bua acu sa dara leath nuair a d’aimsigh Conneely agus Niall Walsh dhá chúl eile do sheaimpíní 2022.
Chaill Bearna an dara cluiche as a chéile nuair a bhuaigh Cill Aithnín orthu, 1-14 in aghaidh 1-8. Ní raibh ach pointe idir na foirne ag leath ama agus 1-2 aimsithe ag Seán Dunne do Bhearna sa gcéad 30 nóiméad, Bhí Cill Aithnín go mór i gceannas sa dara leath agus cúig phointe aimsithe acu i ndiaidh a chéile go luath tar éis leath ama, agus theip ar Bhearna teacht ar ais.
Sa gcraobh idirmheánach, d’éirigh leis an Spidéal teacht ar ais ón gcailliúint a bhí acu sa gcéad bhabhta agus taispeántas cumasach tugtha acu i gcoinne Bhaile Liam. Bua trí phointe dhéag a bhí ag an Spidéal ar fhir thuaisceart an chontae, 2-18 in aghaidh 0-11.
Beidh bua ag teastáil ó chomharsana an Spidéil, Micheál Breathnach, sa mbabhta deireanach más leo na babhtaí dícháilithe a sheachaint. Chaill na Breathnaigh i gcoinne Chill Chóirín-Cluain Bheirn le haon phointe amháin, 0-12 in aghaidh 1-8, toradh a fhágann go mbeidh orthu an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Chortúin sa gcéad bhabhta eile chun seans a bheith acu na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach.
Gach seans gur bua a bheidh ag teastáil ó Oileáin Árann chomh maith agus iad ag bun Ghrúpa 1. Comhscór a bhí idir na hoileánaigh agus Naomh Breandán ag an deireadh seachtaine, 2-10 an taobh agus cluiche amháin roimh fhir na Gaeltachta i gcoinne an Chlocháin.
Maigh Eo
Bhí Béal an Mhuirthead d’uireasa Ryan agus Eoin O’Donoghue don chluiche mór acu i gcoinne Bhealach an Doirín i nGrúpa 3 de chraobh shinsir peile Mhaigh Eo ag an deireadh seachtaine. Mar sin féin, bhí deiseanna acu an cluiche a bhuachan ach chuireadar an iomarca amú sa chluiche a chríochnaigh 1-10 in aghaidh 1-7.
An t-iar-imreoir AFL Cian Hanley a d’aimsigh an cúl do Bhealach an Doirín sa gcéad leath ach thug Séamus Howard freagra air le cúl do Bhéal an Mhuirthead. Trí phointe chun deiridh a bhí fir Iorrais ag an mbriseadh ach chinn orthu an bhearna a laghdú agus an dara cluiche as a chéile caillte acu sa ngrúpa.
Sa gcraobh idirmheánach, tháinig Cill tSéadhna aniar aduaidh ar an bPáirc/Caológa/Cromghlinn chun an cluiche eatarthu a bhuachan le haon phointe amháin, 1-14 in aghaidh 1-13.
An Mhí
Sa mbabhta deireanach i nGrúpa A de chraobh shinsir iomána na Mí, buaileadh Clann na nGael go dona i gcoinne Chill Dealga, 4-21 in aghaidh 1-9, rud a fhágann go mbeidh an cumann Gaeltachta anois ag déanamh ar na babhtaí leathcheannais sa chraobh shinsir B. Sa gcraobh idirmheánach, bhuaigh Gaeil Cholmcille ar Bhulf Tón agus iadsan anois ag fáil réidh do chluiche ceathrú ceannais sa gcomórtas B den chraobh sin.
Fág freagra ar 'An Daingean cloíte i gCiarraí agus foirne na Gaeltachta ag streachailt i nGaillimh'