An Daingean agus Cill na Martra ag súil le taispeántais mhaithe i gcraobhacha na Mumhan

Tabharfaidh an Daingean agus Tráchtálaithe Chluain Meala aghaidh ar a chéile i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe sinsir agus imreoidh Cill na Martra in aghaidh Bhaile an Mhuilinn-Chaisleán na Mainge sa chraobh idirmheánach

An Daingean agus Cill na Martra ag súil le taispeántais mhaithe i gcraobhacha na Mumhan

Craobh Shinsir Peile na Mumhan

...
Tráchtálaithe Chluain Meala v Daingean Uí Chúis – Staid Semple, 1.30in
...

Tar éis do Chiarraí Thoir Craobh an Chontae a bhuachan arís i gCiarraí, is iad fir an Daingin a dhéanfaidh ionadaíocht ar an Ríocht i gCraobh na Mumhan i mbliana agus aghaidh á tabhairt acu inniu ar Thráchtálaithe Chluain Meala i gcluiche leathcheannais an chúige.

Bhí díomá ar an nDaingean leis an gcaoi ar tháinig deireadh leo i gCraobh an Chontae sa bhaile ach léirigh an bua a bhí acu i gCraobh Shinsir na gClubanna sa chontae níos luaithe sa bhliain an cumas atá san fhoireann agus deis mhaith acu cluiche ceannais an chúige a bhaint amach tráthnóna.

Tá breis is mí ann ó fuair Ciarraí Láir an ceann is fearr ar an nDaingean i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh an Chontae ach ní raibh foireann Phádraig Corcoran díomhaoin ó shin. Bhuaigh an Daingean Craobh Shinsir Chiarraí Thiar an deireadh seachtaine seo caite tar éis dóibh bua cumasach a bheith acu ar Abhainn an Scáil, 2-14 in aghaidh 0-9. Fágann an bua go bhfuil an chraobh áitiúil anois buaite sé huaire as a chéile ag an nDaingean agus iad anois cothrom leis an gcuriarracht a bhain foireann Lios Póil amach le linn na n-ochtóidí.

Bhí sé ar chumas an Daingin sos a thabhairt do bheirt dá n-imreoirí contae, Tom O’Sullivan, a bhuaigh gradam All Star an oíche roimh an gcluiche ceannais, agus Paul Geaney, agus fós bhíodar rómhaith d’Abhainn an Scáil. D’aimsigh Conor Geaney 1-4 an deireadh seachtaine seo caite agus ceithre phointe eile faighte ag a dheartháir Dylan.

Dream cumasach iad Tráchtálaithe Chluain Meala ámar sin féin agus tá craobh shinsir Thiobraid Árann buaite acu ceithre huaire le cúig bliana anuas. Bhuaigh Cluain Meala Craobh na Mumhan in 2015 agus cuid mhaith de na himreoirí a bhí ann an uair sin fós i lár an aonaigh acu, Séamus Kennedy, Michael Quinlivan, Jamie Peters, Kevin Fahey agus a leithéidí.

Rinneadar scrios ina gcraobh féin sa bhaile i mbliana – d’aimsigh Cluain Meala sé chúl sa chluiche ceannais – ach beidh an Daingean cuid mhaith níos láidre ná aon dream ar thug na Tráchtálaithe aghaidh orthu go dtí seo.

Craobh Idirmheánach Peile na Mumhan

Cill na Martra v Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge – Cill na Marta, 1.30in

Ní hiad an Daingean an t-aon dream ó Ghaeltacht na Mumhan a bheidh ag dul chun páirce i gcraobh an chúige inniu agus Cill na Martra le haghaidh a thabhairt ar Bhaile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge.

Seans go raibh daoine ann a bhí ag súil go bhfeicfí David agus Paudie Clifford ag imirt i bPáirc Uí Chuana i gCill na Martra an deireadh seachtaine seo ach d’éirigh le Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge An Fosadh a chloí i gcluiche ceannais Chiarraí Dé Domhnaigh seo caite, rud a léiríonn a gcumas.

Tar éis dóibh Príomh-Chraobh Idirmheánach Chorcaí a bhuachan ag deireadh na míosa seo caite, bhain Cill na Martra áit amach i mbabhtaí leathcheannais na Mumhan tar éis dóibh bua slachtmhar a fháil in aghaidh Chill Mhichíl an Chláir cúpla seachtain ó shin.

Ba é Dan Ó Duinnín laoch Chill na Martra sa chluiche sin agus naoi bpointe aimsithe aige, sé cinn acu ag teacht ón imirt, agus baint aige freisin leis an gcúl tábhachtach a scóráil Ciarán Ó Duinnín sa chéad leath. Farasbarr 13 pointe a bhí ag Cill na Martra ar deireadh, toradh a fhágann go mbeidh siad lán le muinín roimh chluiche an lae inniu ach bíonn sé thar a bheith deacair foirne Chiarraí a stopadh sa chomórtas seo.

Seo an 20ú uair ar imríodh Craobh Idirmheánach Peile na Mumhan agus tá cúig cinn déag de na craobhacha sin buaite ag foirne as Ciarraí. Mar a luaigh bainisteoir Chill na Martra John Evans i rith na seachtaine, bhí 24 foireann ag imirt ag leibhéal níos airde i gCorcaigh ná mar a bhí fir Mhúscraí i mbliana, ach ní raibh ach ocht bhfoireann ag imirt ag leibhéal níos airde ná Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge.

Rinne Éanna O’Connor, mac le bainisteoir Chiarraí Jack, gaisce scórála in aghaidh an Fhosaidh agus ocht bpointe scóráilte aige agus fuair Brendan Casey 2-1 sa chluiche céanna. Rinneadh an-chuid cainte ar thaispeántas Chillian Burke, áfach, an lántosach óg láidir as Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge agus seans gur maith an dúshlán a thabharfaidh sé do Thadhg Ó Corcora srian a chur airsean.

Rogha láidir na coitiantachta iad fir Chiarraí agus iad ag tabhairt aghaidh ar Mhúscraí ach ní bhfaighidh siad faic éasca i bPáirc Uí Chuana.

Fág freagra ar 'An Daingean agus Cill na Martra ag súil le taispeántais mhaithe i gcraobhacha na Mumhan'