An Daingean ag súil le teacht aniar aduaidh ar na Crócaigh

Imreofar cluiche ceannais Chraobh Shinsir na gClubanna tráthnóna agus níor mhór don Daingean taispeántas den scoth a thabhairt chun seaimpíní 2017 a shárú

An Daingean ag súil le teacht aniar aduaidh ar na Crócaigh

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Na Crócaigh v Daingean Uí Chúis, Páirc Aibhistín de Staic, 2.30i.n.

Lá mór atá inniu ann do pheileadóirí an Daingin agus iad ag dul chun páirce tráthnóna i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na gClubanna i gCiarraí. Is i gcoinne sheaimpíní 2017, agus ríthe an chomórtais le cúpla bliain anuas, Crócaigh Chill Airne a bheidh Daingean Uí Chúis tráthnóna.

Seo é an seachtú cluiche ceannais as a chéile ag na Crócaigh agus ceithre chraobh buaite acu ó 2012. Tabharfaidh sé misneach don Daingean, áfach, gurb iad fathaigh Chill Airne féin a sháraigh siad nuair a bhuaigh siad Craobh na gClubanna den chéad uair in 2015. Mar sin féin, is maith is eol dóibh an dúshlán ollmhór atá rompu tráthnóna.

Chas na foirne seo ar a chéille i Roinn 1 na sraithe an deireadh seachtaine seo caite agus bhí bua éasca ag na Crócaigh, 2-12 in aghaidh 0-7. Níor cheart an iomarca béime a chur ar an toradh sin áfach mar go raibh a n-imreoirí idirchontae in easnamh ar an dá fhoireann.

Níor thosaigh Barry O’Sullivan, Matthew Flaherty, an bheirt Tom O’Sullivan nó na Geaneys, Conor agus Paul, don Daingean agus is láidre go mór a bheidh an Daingean agus fáil orthu. Tá Paul Geaney i mbarr a mhaitheasa faoi láthair agus 6-10 san iomlán aimsithe aige sna trí chluiche a bhuaigh an Daingean i mbabhta na ngrúpaí.

Ar ndóigh, bhí Johnny Buckley, Micheál Burns, Shane Murphy agus Daithí Casey ar iarraidh ar na Crócaigh chomh maith.

Beidh aithne mhaith ag bainisteoirí na bhfoirne seo ar a chéile. Bhí Seán Geaney, a thosaigh mar bhainisteoir an Daingin i mbliana, ina roghnóir ag Pat O’Shea nuair a bhí bainisteoir na gCrócach i bhfeighil ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2007.

Tá go leor imreoirí óga cumasacha tagtha chun cinn sa Daingean le blianta beaga anuas agus dóchas ann go bhfuil bunús maith acu le mórghaisce a dhéanamh i gCiarraí i mbliana. Ar ndóigh, is í Chraobh Shinsir an chontae níos deireanaí sa bhliain an phríomhsprioc a bheadh acu ach is maith agat aon chraobh a bhuachan.

Beidh dearcadh réadúil ag lucht bainistíochta an Daingin faoi chluiche an lae inniu ach cé gurb iad fir Chill Airne rogha na coitiantachta, ní féidir talamh slán a dhéanamh dá mbua nuair atá imreoirí chomh cumasach le Paul Geaney ag an bhfoireann as iarthar an chontae.

Rogha Tuairisc.ie: Na Crócaigh

Fág freagra ar 'An Daingean ag súil le teacht aniar aduaidh ar na Crócaigh'