An ‘curry-my-yoghurt thing’ a spreag Linda Ervine chun tacú le hAcht Gaeilge

Dúirt an gníomhaí teanga aontachtach nár thuig sí an tábhacht a bhain le reachtaíocht teanga nó an phleanáil teanga nuair a chuir sí spéis sa Ghaeilge ar dtús

An ‘curry-my-yoghurt thing’ a spreag Linda Ervine chun tacú le hAcht Gaeilge

Ba é an ‘curry-my-yoghurt thing’ a spreag an gníomhaí teanga agus aontachtach Linda Ervine chun tacú leis an éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh.

Dúirt Ervine inniu go raibh sí idir dhá chomhairle faoin éileamh ar an Acht ach gur shocraigh sí tacú leis i bhfianaise na heachtra in 2014 nuair a dhein Gregory Campbell scigaithris i gComhthionól Stormont ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

Cuireadh cosc lae ar Campbell labhairt i Stormont nuair a dúirt sé “Curry my yoghurt can coca coalyer”.

“I suppose the thing that pushed me over the line as far as an act is concerned was then the sort of ‘curry-my-yoghurt thing’, when I saw the language very much being treated with disrespect,” a dúirt Ervine leis an nuachtán Feirsteach an Newsletter.

Dúirt Ervine chomh maith nár thuig sí an tábhacht a bhain le reachtaíocht teanga nó an phleanáil teanga nuair a chuir sí spéis sa Ghaeilge ar dtús, ach gur labhair sí le gníomhaithe teanga san Albain agus sa Bhreatain Bheag faoi chearta teanga agus gur thig sí an tábhacht ansin lena leithéid.

Mhol sí go dtabharfaí isteach ó thuaidh acht ar chuma na reachtaíochta teanga ina ndéantar cosaint ar chearta teanga ar bhealach “réasúnta”.

Nuair a fiafraíodh di an raibh Sinn Féin ag úsáid na Gaeilge ar mhaithe leo féin, dúirt Ervine gur le cách an teanga.

“Ok, fair enough. Well then – claim it back. The language belongs to anybody who chooses to speak it.”

Fág freagra ar 'An ‘curry-my-yoghurt thing’ a spreag Linda Ervine chun tacú le hAcht Gaeilge'