An cupán nimhe bainte d’Edwin Poots agus an DUP á alpadh féin

Tá an uile dhuine thíos leis an gcogadh cathartha san DUP, go háirithe agus sinn i mbéal shéasúr na máirseála

An cupán nimhe bainte d’Edwin Poots agus an DUP á alpadh féin

Trí seachtaine a chaith Edwin Poots ina cheannaire ar an DUP. An tréimhse ba ghiorra sa diallait ag aon cheannaire i dTuaisceart Éireann. Réimeas stairiúil ab ea é ar chúiseanna tubaisteacha agus cinn amaideacha, tréimhse a bheidh daoine ag iarraidh a ligean i ndearmad go sciobtha.

Tá an DUP in aimhréidh. Ba chosúil ar an Déardaoin go raibh sé á alpadh féin. Ag cruinniú na hardchomhairle den DUP ba léir do Poots nach raibh an dara rogha aige ach imeacht. Ar a laghad rinneadh an cáineadh agus tugadh an teachtaireacht sin dó lena aghaidh, cúirtéis nár thaispeáin seisean d’Arlene Foster.

Ní haon ribín réidh é dá chomharba – Jeffrey Donaldson is dócha – an páirtí a athaontú nó fiú a leathaontú. Ní hé an DUP amháin atá thíos le praiseach an dá mhí seo thart, fad is atá an páirtí sin gafa lena streachailt inmheánach tá muinín sna hinstitiúidí polaitiúla á creimeadh agus an ghuagacht ag treisiú.

Ba í an chonspóid faoin nGaeilge a thug cúrsaí go cnámh na huillinne ach bhí ceannaireacht Poots ciotach ón tús. Faoina stiúir – dá bhféadfaí stiúir a ghlaoch air – bhí an páirtí ag dul ó philéar go posta agus na scoilteanna ag méadú in aghaidh an lae. Bhí na daoine a thug seirbhís fhada agus an ghlúin óg a chuirfeadh beocht agus fuinneamh sa pháirtí ag fágáil ‘DUP Poots’. Bhí caint ar bhulaíocht, fuath ban, bunchreidmheacht agus ‘cúlú’ chuig na 1970idí.

Níl aon mhaolú ar chol an DUP le reachtaíocht Ghaeilge, beag beann ar an tiomantas a fhógraíonn siad don Ré Nua, Cur Chuige Nua a raibh an pacáiste cultúir ina chroílár. Tugann siad an chluas bhodhar do gach argóint faoi chearta teanga. Ba chosúil tráth gur ghlac Poots leis an reachtaíocht Ghaeilge (teoranta) ach bhí sé ag iarraidh í a chur ar mhéar an-fhada, agus drogall air aghaidh a thabhairt ar an móramh d’aontachtaithe agus dílseoirí a léiríonn freasúra an-láidir do reachtaíocht Ghaeilge, de réir na bpobalbhreitheanna.

Oíche Dé Céadaoin nuair a bhí an margadh déanta idir an Státrúnaí Brandon Lewis agus Sinn Féin go rithfí an reachtaíocht teanga in Westminster, dúirt Sinn Féin go mbeidís toilteanach glacadh le hainmniúchán an chéad-aire agus go n-athainmneofaí an Leaschéad-Aire, Michelle O’Neill.

Dúirt Edwin Poots agus Paul Givan leis an Státrúnaí go n-ainmneodh Poots an Chéad-Aire sa Tionól Déardaoin. Rinne siad an gheallúint sin gan an scéal a chur faoi bhráid a gcomhghleacaithe sa Tionól, a bhFeisirí nó a dTiarnaí.

Tá a fhios ag an saol anois gur vótáil móramh de na hionadaithe sin maidin Déardaoin nach n-ainmneodh an páirtí céad-aire. Níor léir an mbeidís sásta go n-ainmneofaí Paul Givan níos deireanaí, Dé Luain, abair. Is cinnte gur theastaigh níos mó ama uathu, gur shíl siad go bhféadfaí brú a chur ar Brandon Lewis gan rud a dhéanamh ar Shinn Féin agus gan ladar Westminster a chur i ngnóthaí díláraithe. Sa mhéid is gur féidir muinín a chur i bhfocal na dTóraithe, ba chosúil go raibh rialtas na Breataine meáite ar an reachtaíocht chultúir a rith in Westminster mura ndéanfaí in Stormont é roimh Dheireadh Fómhair.

Ba é neamhaird Poots ar thoil na n-ionadaithe tofa a thug orthu an P45 a thabhairt dó mar cheannaire agus b’ábhar suntais é go raibh formhór na ndaoine a thacaigh lena fheachtas ceannaireachta, seachas Ian Óg Paisley, i measc na bhfeisirí agus airí in Stormont a d’iompaigh ina choinne. Díol suntais ab ea é gur mhaígh cuid de na hionadaithe sin go raibh ainmniú Paul Givan mar Chéad-Aire neamhbhailí mar nár vótáil siad ina fhabhar. Rinneadh an cinneadh nach ngabhfadh sé ag cruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas a bhí beartaithe don Aoine agus cuireadh ar ceal é.

Tá cruinniú cinn bhliana an pháirtí beartaithe don Chéadaoin seo chugainn, oíche Fhéile Eoin. Go dtí gur tharla eachtraí drámatúla an Déardaoin ceapadh gur ar oíche na dTinte Cnámh a bheadh ar Poots an téiléireacht a íoc. Tá an buille buailte air cheana féin agus is ar thoghchán ceannaireachta eile a chaithfidh an DUP aghaidh a thabhairt.

Ba é an toghchán a bhuaigh Poots le dhá vóta sa bhreis ar Jeffrey Donaldson an chéad cheann ó bunaíodh an páirtí 50 bliain ó shin. Níor mhaise orthu an próiseas rúnda I measc na 38 vótóir agus easpa díospóireachta a d’fhág nár cíoradh ceisteanna a tharraing achrann le mí. Gach seans gur mhaith le hoifigigh an pháirtí comórtas eile a sheachaint agus an choróin, nó an cupán nimhe, a thabhairt do Jeffrey Donaldson. Tógfaidh sé i bhfad níos mó ná sin chun na créachtaí doimhne sa pháirtí a leigheas agus é a chumasú chun ról dearfach a imirt in Stormont ar mhaithe leis an bpobal trí chéile.

Tá foighid an phobail leis an bpleidhcíocht in Stormont chóir a bheith ídithe. Beidh an DUP ag iarraidh toghchán Tionóil luath a sheachaint chun deis a thabhairt dóibh téarnamh ó shraith de ghéarchéimeanna. Táimid i mbéal shéasúr na máirseála agus tá airteagal creidimh déanta ag an DUP de scrios an Phrótacail iarBhreatimeachta. Tá géarghá acu le guaim a choinneáil orthu féin agus a lucht leanúna. Níor mhór dóibh cruthú i bhfad níos fearr ná mar atá déanta acu le tamall.

Fág freagra ar 'An cupán nimhe bainte d’Edwin Poots agus an DUP á alpadh féin'

  • Pádraig O'hEipicín

    (Maistíneacht) an focal ceart ar (Bulaíocht)

  • An Teanga Bheo

    Easaontas de shíor sin toradh na h impire fiú lastigh ina bPáirtí fhéin.