An cuma mura nochtann scríbhneoir a chlaonadh gnéis?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Chuir an t-údar Céiniach Binyavanga Wainana a chlaonadh gnéis i bhfolach ar feadh an chuid is mó dá shaol, agus dar lenár gcolúnaí, d’fhág sé sin lorg ar a chuid scríbhneoireachta

An cuma mura nochtann scríbhneoir a chlaonadh gnéis?

Nuair a léim leabhar le scríbhneoir nár léigh mé aon saothar leis cheana, seachnaím an Vicipéid: ní theastaíonn uaim aon cheo a fháil amach faoin údar roimh ré; teastaíonn uaim mo thuairim faoin saothar a bhunú ar an scríbhneoireacht féin, ní ar chúlra an té a scríobh.

Ar an gcaoi sin, ní bhfuair mé amach gur fear aerach a bhí in Binyavanga Wainana (1971-2019), údar ficsin agus neamhfhicsin ón gCéinia a bhí faoi chaibidil agam anseo an tseachtain seo caite, go dtí gur bhain mé amach an t-iarfhocal le Achal Prabhala sa bhailiúchán aistí agus scéalta le Wainana a bhí á léamh agam, How to Write about Africa.

Ní thráchtann Wainana ar a chlaonadh gnéis féin in aon áit ina chuid scríbhneoireachta sa chnuasach sin, a scríobhadh idir lár na 90idí agus lár na 00idí, agus is beag iontas sin, óir tháinig Wainana ar an saol i gceann de na réigiúin is homafóbaí ar chlár na cruinne, oirthear na hAfraice. Go deimhin níor tháinig sé amach go dtí 2014, cúig bliana roimh a bhás, mar fhreagairt ar rabharta reachtaíochta frith-LADT+ i dtíortha éagsúla san Afraic um an dtaca sin.

Anois, an rud aisteach: ní raibh aon iontas orm nuair a fuair mé amach gur fear aerach a bhí in Wainana.

Saothar heitreanormatach atá in How to Write about Africa gan aon agó. Tá neart gnéis ann, ach gnéas idir fir agus mná a bhíonn i gceist, agus san aon eachtra homa-earótach amháin sa chnuasach ar fad, sa ghearrscéal An Affair to Dismember, déanann fear inste an scéil cinnte de go dtagann a heitrighnéasacht féin slán agus go léiríonn sé díspeagadh (dá chaolchúisí féin) ar charachtar homaighnéasach, fear seachadta an uisce:

Ndirangu likes me. Correction: Ndirangu likes my biceps and abs. I get a prod, followed by a full examination whenever he comes round. I don’t mind. Those whom he doesn’t like get water that has fluffy brown flakes doing languid somersaults just below the surface.

Ní hionann fear inste agus údar in aon saothar ficsin, gan dabht, agus níl sé i gceist agam anseo Binyavanga Wainana a cháineadh as cloí leis an heitreanormachas ina chuid scríbhneoireachta go dtí gur tháinig sé amach i ndeireadh a shaoil róghairid; cé mise le breithiúnas a ghearradh ar chinntí duine a tháinig ar an saol i gcúinne den domhan nár chuir mé féin cos ann riamh.

Níl sé i gceist agam ach oiread scéal mór a dhéanamh faoin gcaoi ar éirigh le Wainana cur síos chomh hinchreidte sin a dhéanamh ina chuid scríbhneoireachta ar an ngnéas idir fir agus mná, rud a bhíonn orm féin a dhéanamh ó am go chéile i mo chuid ficsin féin – tharlódh gur daoine díreacha iad cuid de mo chuid carachtar – agus i gcónaí i gcónaí, is iad na radhairc sin is mó a thugann trioblóid dom.

Is éard a theastaíonn uaim a chíoradh ná seo: an chaoi nach raibh iontas ar bith orm nuair a fuair mé amach, sa deireadh thiar thall, gur fear aerach a bhí in Wainana. Saghas Aha-erlebnis a bhí ann go deimhin: sin é, mar sin, ba chúis leis an mbraistint aisteach sin in íochtar mo ghoile agus na haistí agus na scéalta in How to Write about Africa á léamh agam, braistint go raibh rud éigin as alt, go raibh rud éigin á cheilt, agus ag an am céanna, go raibh rud éigin san insint, sa chur síos, a bhí chomh taibhseach, chomh péacach, chomh spleodrach sin – na fluffy brown flakes sin ag déanamh languid somersaults – nach bhféadfadh sé ach gur … aithníonn ciaróg ciaróg eile.

An cuma? Céard é an pointe atá mé ag iarraidh a dhéanamh? Cén ceacht atá le baint as seo?

Níor bhain an bhraistint aisteach sin a mhothaigh mé i mo ghoile agus How to Write about Africa den eispéireas léitheoireachta; ag féachaint siar, breathnaím ar an mbraistint chéanna mar fhreagairt nádúrtha ar chúlra stairiúil na scríbhneoireachta sa chnuasach sin, aistí agus scéalta ó pheann dhuine nár lig cúinsí sóisialta a thíre dúchais dó a chlaonadh gnéis a nochtadh go dtí go raibh sé beagnach rómhall.

Ach déarfaidh mé seo: fágfaidh an t-údar a chuirfeas rud éigin bunúsach i bhfolach lorg ar a chuid scríbhneoireachta, easnamh nó go deimhin róchúiteamh éigin a chothóidh míshocracht, dá éadroime í, i ngoile an léitheora.

Fág freagra ar 'An cuma mura nochtann scríbhneoir a chlaonadh gnéis?'

  • Niall Ó Flatharta

    An- shuimiúil- an t’alt deireanach ach go h-áirithe.