An cúlstad a chinnteoidh go mbeidh teorainn chrua in Éirinn

Ba chóir dúinn glacadh le teorainn ama ar an gcúlstad ach geallúint a fháil go reáchtálfar reifreann faoi athaontú na hÉireann…

An cúlstad a chinnteoidh go mbeidh teorainn chrua in Éirinn

Tá comharthaí beaga ann go bhfuil eagla áirithe ag teacht ar an Rialtas mar gheall ar an mBreatimeacht. Mar sin fhéin, níl comhartha ar bith go fóill ann go bhfuil an rialtas ag smaoineamh ar a bpolasaí a athrú nó géilleadh do leasú ar an gComhaontú Aistarraingthe sa gcaoi go mbeadh seans éigin ann go nglacfaí leis.

Ghlac an Rialtas go fonnmhar leis an gcúlstad, is é sin fógra an Aontais Eorpaigh nach n-imeodh an Bhreatain ón Aontas Custam go dtí go mbeadh socrú ann a chinnteodh nach mbeadh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann.

Go deimhin is ar na Sasanaigh atá an milleán mar dhiúltaigh siad Tuaisceart na hÉireann a dheighilt amach ón socrú ginearálta. Ar ndóigh ceann de na cúiseanna a bhí leis sin ná go bhfuil rialtas Westminster ag brath ar vótaí an DUP le fanacht in oifig agus ní ghlacfadh an DUP le socrú dá leithéid.

Ach anois is é an cúlstad, a bhí in ainm is a chinntiú nach mbeadh aon teorainn chrua in Éirinn a chinnteoidh a mhalairt.

Ní hé go gcuirfidh na Sasanaigh bacanna in airde ar an teorainn, ach beidh an tAontas Eorpach ag iarraidh sláine an mhargaidh aonair a chosaint, agus tá an Taoiseach Leo Varadkar tar éis géilleadh don éileamh sin cheana féin.

Is cosúil gur tábhachtaí leis an rialtas agus le bunaíocht an stáit sláine an mhargaidh aonair ná sláine na hÉireann féin.

Ag an am céanna tá an rialtas ag admháil anois go mbeidh cailliúint mhór i ndán do thionscal na mairteola sa tír seo má bhíonn teorainn chrua ann is má chuirtear táillí orainn de réir rialacha an WTO (an Eagraíocht Dhomhanda Trádála).

Díolann muid 300,000 tonna mairteola leis an mBreatain gach bliain, ach mar bharr ar an donas tá muid faoi bhagairt ón gconradh trádála le Mercosur (An Airgintín, an Bhrasaíl, an Uragua is an Pharagua) a ligfeadh 90,00 tonna mairteola isteach ar mhargadh na hEorpa, tráth go bhfuil farasbarr ar an margadh sin cheana féin.

Is é sin le rá go bhfuil muid i mbaol an margadh le Sasana a chailliúint gan cúlchosaint a bheith againn san Eoraip.

Is fiú a thuiscint freisin go raibh Mercosur ag lorg cead 300,000 tonna a chur isteach ar mhargadh na hEorpa agus go mbeidh cead acusan conradh trádála a dhéanamh leis an mBreatain iarBhreatimeachta i dtaobh an méad mairteola a chuireann muid chuig an tír sin, agus ár sciar a laghdú dá réir.

Thug an staraí Diarmuid Ferriter rabhadh freisin dúinn ag rá go mbeidh an Coimisiún Eorpach ag déanamh buartha faoina leas féin chomh maith le comhbhá ar bith a bheith acu do chás na hÉireann, agus dúirt sé go bhféadfadh an comhsheasamh le hÉirinn teacht faoi bhrú de réir mar a rachadh cúrsaí ar aghaidh tar éis an Bhreatimeachta gan mhargadh.

’Sea, tá sé tábhachtach d’eacnamaíocht na Gearmáine a gcuid carranna a dhíol, agus is cuid mhór den chonradh le Mercosur díolaíocht charranna.

Tá ceist agam féin, ar ndóigh: cén mhaith cúlstad le teorainn chrua a sheachaint má chinntíonn an cúlstad céanna an toradh a bhíothas ag iarraidh a sheachaint?

Ní theastaíonn ón Rialtas orlach ar bith a ghéilleadh go foirmiúil, ach má tá rud ar bith le sábháil, ar a laghad beidh orainn glacadh le teorainn ama a chur leis an gcúlstad.

Cén fáth nach ngéillfeadh muid faoi theorainn ama ach geallúint a fháil mar chúiteamh go reáchtálfaí reifreann faoi athaontú na hÉireann murar féidir leis an mBreatain teacht ar shocrú infheidhmithe i dtaobh na teorann?

Tá ciall leis sin, mar ag deireadh thiar ní féidir coinníollacha trádála trasna na teorann a shocrú gan conradh trádála is beidh sé sin le plé i ndiaidh imeacht na Breataine go foirmiúil ón Aontas.

Ba bhotún cinnte an idirbheartaíocht seo a fhágáil i lámha na hEorpa ar an mbonn seafóideach gur baill den chlub muid agus go seasann muid leis an gclub mar go seasann an club linne. Teorainn chrua is margadh mairteola a bheith caillte againn an praghas ar an amaidí sin.

D’oir an t-éileamh maidir leis an gcúlstad don Aontas agus iad ag iarraidh brú a chur ar an mBreatain tarraingt siar ón mBreatimeacht ionas go mbeadh sé le feiceáil go raibh praghas an-ard le n-íoc ag aon tír a leanfadh a sampla.

Ach is ar éigean gur féidir stop a chur leis an mBreatimeacht anois, agus Boris Johnson, an té is dóichí a ghnóthóidh ceannaireacht na gCaomhach in Westminster, meáite ar imeacht ón Aontas ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh aige nó ná bíodh. Is cuma leis.

Fág freagra ar 'An cúlstad a chinnteoidh go mbeidh teorainn chrua in Éirinn'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Mura bhfaigheann Éire teorainn oscailte, ní bhfaighidh Sasana margadh ar bith leis an Aontas Eorpach.
    Sin brí an chúlstaid.