Bhí mé céasta ón gcéad leathanach go dtí an ceann deireanach ag leabhar a bhí á léamh agam an lá faoi dheireadh. Scéinséir siceolaíoch a bhí ann leis an údar ón mBrasaíl, Lourenço Mutarelli, ach níorbh é an scéal scanrúil ná go deimhin an stíl ghonta agus an comhrá nádúrtha a bhí do mo chéasadh, ach an cheist seo:
Níor chuimhin liom ó thalamh an domhain cá as ar tháinig mo chóipse den leabhar sin. Ar cheannaigh mé féin é? Más ea, cá háit? Ar bronnadh orm é? Más ea, cé a bhronn?
Agus mé i mo sheasamh os comhair mo sheastán leabhar anois, mo shúile ag scinneadh ó theideal go teideal, tá a fhios agam go díreach cén chaoi ar chríochnaigh gach ceann eile de mo chuid leabhar suas ar mo sheilfeanna.
Is cuimhin liom go raibh sé ina ghála taobh amuigh nuair a cheannaigh mé an cruachóip de An Druma Mór le Seosamh Mac Grianna (a spreag colún ar na leathanaigh seo cheana) i siopa leabhar Uí Chionnaith i nGaillimh, a bhí fós lonnaithe ar an tSráid Ard an t-am sin, deireadh na 1990í.
Bhí Sráid Fhearchair san Ardchathair báite i solas ghrian an fhómhair an lá ar cheannaigh mé Ibíotsa le Labhrás Ó Finneadha agus I dtír mhilis na mbeo le Colm Ó Ceallacháin i Siopa Leabhar an Chonartha, dhá chnuasach gearrscéalta an-éagsúil ar bhain mé an-sult astu.
Ag caint ar ghrian agus gearrscéalta, bolg-le-gréin a bhí á dhéanamh agam, ag cláracha tumadóireachta na Carraige Duibhe i mBóthar na Trá, nuair a léigh mé cuid mhór de na scéalta in Collected Stories Tennessee Williams, a cheannaigh mé i siopa leabhar Charlie Byrne’s.
Ag caint ar thránna, aisteoir Albanach a mbínn ag siúl amach leis a thug The Beach le Alex Garland dom (tá litir ghrá fós istigh ann, i bhfolach faoin gclúdach.)
Ag caint ar rudaí atá i bhfolach faoin gclúdach, tá bileoga leis na ceisteanna a chuireadh m’aintín, ar mhúinteoir Béarla í i gcoláiste oiliúna, ar a cuid mac léinn fós i bhfolach faoi chlúdaigh na leabhar a fuair mé le hoidhreacht uaithi – To Kill a Mockingbird le Harper Lee agus The Color Purple le Alice Walker i measc mórshaothair éagsúla eile de chuid litríocht an Bhéarla.
An bhfuil dul amú orm, nó an bhfuil boladh na dtoitíní a chaitheadh m’aintín fós le sonrú ar leathanaigh bhuí na leabhar sin, 24 bliana tar éis a báis?
Tá cosúlacht fhisiciúil aisteach idir leabhair ina seasamh ar sheilbh agus barraí ina seasamh i gcód, agus ar eagla nach bhfuil sé ráite agam roimhe seo déarfaidh mé arís é: creidim le fada an lá gurb ionann seastán leabhar agus barrachód anam úinéir an tseastáin sin.
Gheobhaidh cuairteoir a chaithfeadh sracfhéachaint ar sheastán leabhar léargas ginearálta ar an úinéir i bhfaiteadh na súl.
An t-úinéir féin amháin a fheicfidh an t-eolas rúnda atá faoi cheilt i ngach aon cheann de bharraí an chóid.
Mura dteipeann an chuimhne air, ar ndóigh.
Aisteach go leor, bhí scrios cuimhní ina dhlúthchuid de phlota A arte de produzir efeito sem causa (le saoirse an ealaíontóra, ‘An dóigh le dochar a dhéanamh gan údar feiceálach’ a bhaistfinn air i nGaeilge), an scéinséir siceolaíoch sin le Lourenço Muratelli nach cuimhin liom cá as ar tháinig sé.
Fág freagra ar 'An cuimhin leat cá bhfuair tú gach leabhar ar an tseilf?'