An cruinneas thar a bheith tábhachtach do Phort Láirge más fúthu Cill Chainnigh a shárú

Má chuireann Port Láirge an méid céanna iarrachtaí amú tráthnóna agus atá déanta acu go dtí seo i mbliana, beidh sé dodhéanta acu an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh

An cruinneas thar a bheith tábhachtach do Phort Láirge más fúthu Cill Chainnigh a shárú

Port Láirge v Cill Chainnigh, Páirc an Chrócaigh, 3.30i.n.

Den chéad uair i stair chraobh na hiomána, imreoidh na foirne céanna a chéile sna cluichí leathcheannais don dara bliain as a chéile. Agus Tiobraid Árann agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar ar a chéile arís an tseachtain seo chugainn, is iad Port Láirge agus Cill Chainnigh a bheidh á fhéachaint le chéile tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh.

Seo é an dara huair déag do na foirne seo casadh ar a chéile sa chraobh agus níl ach cluiche amháin acusan, athimirt chluiche ceannais 1959, buaite ag na Déisigh. Sé phointe a bhí eatarthu i gcluiche leathcheannais na bliana seo caite, 1-21 in aghaidh 0-18. Ba é cúl TJ Reid sa chéad leath a spreag bua na gCat agus cé nach raibh Port Láirge ach dhá phointe chun deiridh ag leath ama, ní raibh an chosúlacht orthu am ar bith go bhfaighidís an cúl a bhí ag teastáil uathu.

Beidh an fhadhb chéanna ag cur as dóibh tráthnóna mar níl an easpa cúl sin réitithe ag Derek McGrath. Ní bhíonn ach tosach amháin, nó beirt ar a mhéid, ag Port Láirge taobh istigh de 30m de chúl an fhreasúra agus fágann sé sin go mbíonn sé deacair orthu aon deis ar chúl a chruthú.

Mar bharr ar an donas, nuair nach mbíonn rogha ag fir lár na páirce pas a sheoladh isteach i dtreo an chúil, bíonn orthu iarracht a thabhairt ar na postaí nuair nach é sin an rogha is fearr.

Is é an toradh a bhíonn air seo go gcuireann Port Láirge go leor iarrachtaí amú agus caithfear é sin a chur ina cheart más fúthu an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh. Ó thug siad aghaidh ar an gClár i gcluiche ceannais na sraithe, tá 83 iarracht curtha amú ag Port Láirge i gcúig chluiche, sin níos mó ná 16 iarracht  amú in aghaidh an chluiche.

Maidir le Cill Chainnigh, níl ach 124 iarracht curtha amú acu i 13 cluiche craoibhe ó 2014, níos lú ná deich gcinn in aghaidh an chluiche.

Tá daoine ann a cheapann go n-éireodh níos fearr leis na Déisigh dá gcaithfidís uathu an córas atá in úsáid acu le cúpla bliain anuas, go háirithe tar éis don tóin titim as an gcóras céanna in aghaidh Thiobraid Árann, ach is deacair a shamhlú go ndéanfadh Derek McGrath a leithéid i lár an tséasúir.

Is cinnte go bhfuil na hiománaithe ag Port Láirge le cluiche crua a thabhairt do Chill Chainnigh ach caithfidh siad a bheith chomh cruinn agus is féidir leis na deiseanna a chruthófar. Mura n-éiríonn leo sin a dhéanamh, tá Cill Chainnigh tomhaiste a ndóthain ina gcuid imeartha chun iad a dhíbirt as an gcraobh den dara bliain as a chéile.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'An cruinneas thar a bheith tábhachtach do Phort Láirge más fúthu Cill Chainnigh a shárú'