An crú ag teacht ar an tairne maidir le teorainn chrua…

Mura bhfaigheann an stuaim an lámh in uachtar ar an easpa stuaime in Westminster is beag údar dóchais atá ann ó thaobh an Bhreatimeachta

An crú ag teacht ar an tairne maidir le teorainn chrua…

Is deacair scaití ciall a bhaint as gach cor is deireanaí i scéal casta an Bhreatimeachta, agus ar a thionchar ar shaol an oileáin seo go háirithe. Ní bua ach a mhalairt é uaireanta go labhraítear an teanga chéanna i Londain agus i mBaile Átha Cliath.

Tá an Ríocht Aontaithe chomh cóngarach, agus an dochar atá ag bagairt ar an tír seo chomh soiléir, gur mó an aird a thugtar abhus ar an díospóireacht éidreorach thall ná i dtír ar bith eile san Aontas Eorpach. Ní hionann síor-aird, áfach, agus síor-thuiscint. Dhéanfadh faoiseamh ón drama craiceáilte i Westminster maitheas dúinn uilig. Faraor, níl faoiseamh ar fáil.

In óráid a thug an t-iar-uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath inné, dúirt sí go raibh an Breatimeacht cosúil le “cnaíghalar polaitiúil”. Ní feoil ná craiceann a itheann galar an Bhreatimeachta, dar léi, ach caidreamh, cáil agus am. 

Rinne sí comparáid freisin idir an Breatimeacht agus catalóg bréagán a thaispeánfaí do pháiste díreach sula ndúntar na siopaí Oíche Nollag. Mhol sí an comhaontú aistarraingte idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach mar réiteach a chuirfeadh an Breatimeacht ar bhonn eagraithe, cúpla uair an chloig sular vótáil feisirí in Westminster ina choinne arís. 

Is dea-shampla é teideal a hóráide (‘Haven’t A Clue’) do dhuine ar bith a nochtann tuairim faoin rogha Bhreatimeachta a dhéanfar faoi dheireadh i Londain. Ainneoin na fianaise, ní cóir é a chur as an áireamh fós go dtiocfadh ciall chucu.

Sin ráite, chuaigh an imní atá ar mhórán gur Breatimeacht gan mhargadh a roghnófar i Westminster i dtreise arís nuair a fógraíodh toradh na vótála Dé hAoine. Imní dá leithéid a thug ar Angela Merkel ceist faoi phleanáil Bhreatimeachta an rialtais a chur ar Leo Varadkar le chruinniú mullaigh an AE an tseachtain seo caite. 

Ní foinsí Gearmánacha ná Éireannacha a sceith an scéal ach foinsí sa Choimisiún – údar imní ann féin. Ní fios cén freagra a thug an Taoiseach uirthi.

Tá sé ionann agus cinnte go mbeidh an chúis chéanna imní á plé go tréan nuair a théann Leo Varadkar chun cainte leis an uachtarán Macron i bPáras Dé Máirt. Beidh an t-ábhar céanna ar intinn Sheansailéir na Gearmáine nuair a thiocfaidh sí go dtí Baile Átha Cliath Déardaoin. 

Tá na socraithe riachtanacha á mbreithniú le tamall ag státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath, cé nach bhfuil sonraí ná féidearthachtaí foilsithe. 

Tá tost an rialtais sothuigthe agus cúrsaí chomh leochaileach i Londain, mar a léiríodh arís nuair a labhair Nigel Dodds tar éis na vótála in Westminster Dé hAoine. Mhol feisire an DUP do Theresa May cuimhneamh agus ceist an chúlstop á réiteach aici ar ráitis an Taoisigh nach dtógfadh a rialtas ‘teorainn chrua’ mar gheall ar an mBreatimeacht.

Faoi láthair, ní féidir le Leo Varadkar caint faoi theorainn chrua a shéanadh go soiléir ná go hiomlán ar dhóigh a shásóidh muintir na hÉireann agus ceannairí an AE. Más Breatimeacht crua gan aon mhargadh a bheith déanta atá romhainn, ní bheidh aon dul as ag an Rialtas ach teorainn aontas custam agus mhargadh aonair an AE a chosaint go héifeachtach. 

Conas a chomhlíonfar an dá aidhm sin? An féidir iad a chomhlíonadh gan beartais ar bith a chur i bhfeidhm i limistéar na teorann? Cén sórt acmhainní “airgeadais agus teicniúla” a bhí i gceist ag Michel Barnier nuair a dúirt sé go gcuirfí ar fáil iad don Rialtas ionas go mbeadh seiceáil chuí á déanamh chun cosaint a thabhairt don aontas custam agus don mhargadh aonair?

Tá súil ag an Rialtas nach mbeidh orthu ceisteanna dá leithéid a réiteach. Níl siad gan dóchas go mbeifear ábalta roghanna crua a sheachaint. Ní theastaíonn ach go ndéanfaí rogha stuama de chineál éigin a in Westminster, áit a mbeidh vótaí táscacha arís faoi bheartais chomhréitigh Dé Luain.

Mura bhfaigheann an stuaim an lámh in uachtar ar an easpa stuaime thall faoi cheann 12 lá, beidh dóchas an rialtais abhus ídithe agus beidh teorainn nua de chineál éigin ag teannadh linn.

Fág freagra ar 'An crú ag teacht ar an tairne maidir le teorainn chrua…'

  • Eoin Ó Murchú

    Pointí fiúntacha san alt seo; ach milltear an t-alt, measaim, nuair a luaitear stuaim agus easpa stuaime, Ní rud neamhchiallmhar Breatimeacht. Go deimhin tá stuaim ar an dá thaobh den argóint, ar son agus ina aghaidh.
    Chabhródh sé linn níos fearr an scéal a thuiscint dá ligfí na maslaí ar leataoibh.