An crú ag teacht ar an tairne i Roinn 1 agus coimhlint mhór ag barr Roinn 2 tráthnóna

D’fhéadfadh peileadóirí na Gaillimhe ardú céime a bhaint amach tráthnóna má fhaigheann an ceann is fearr ar Dhoire agus tá cluichí cinniúnacha i Roinn 1 freisin

An crú ag teacht ar an tairne i Roinn 1 agus coimhlint mhór ag barr Roinn 2 tráthnóna

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Áth Cliath v Dún na nGall – Páirc an Chrócaigh, 15.45in (Beo ar TG4)

Cé nach raibh foireann Átha Cliath ar ais ar a seanléim ar fad in aghaidh Thír Eoghain an deireadh seachtaine seo caite, céim sa treo ceart a bhí ann d’fhoireann Dessie Farrell ar an Ómaigh agus bua thar a bheith tábhachtach faighte acu.

Filleadh Chormac Costello ar an bhfoireann a spreag cuid den dea-imirt a chonacthas ó Áth Cliath an deireadh seachtaine seo caite. Ní fhacthas Costello ó gortaíodh é sa chéad leath sa chluiche chéad bhabhta in aghaidh Ard Mhacha agus nuair a chuirtear san áireamh freisin nach bhfuil Con O’Callaghan ná Paddy Small feicthe againn i ngeansaí Átha Cliath go dtí seo sa tsraith, ní haon iontas go raibh fadhbanna ag an bhfoireann.

Sna cluichí go dtí seo, chonacthas tosaithe Átha Cliath agus an rogha mhícheart á déanamh acu arís agus arís eile, rud nach gnách leo. Ní hé filleadh an Choisdealbhaigh leigheas iomlán na faidhbe agus seans nach mbeidh sé ar an bhfoireann aimsir na craoibhe ach tá taithí aige agus cumas ann a bhí de dhíth ar an bhfoireann le roinnt seachtainí anuas.

Níor scóráil Áth Cliath ach dhá phointe sa dara leath in aghaidh Thír Eoghain ach in aghaidh na gaoithe a bhíodar ag imirt faoin tráth sin. An rud is tábhachtaí ná gur bhuadar an cluiche agus leis an slua ag tacú leo i bPáirc an Chrócaigh, b’fhéidir go mbeadh an ghaoth ar ais ina seolta.

Caithfidh Dún na nGall teacht chucu féin tar éis do Mhuineachán an ceann is fearr a fháil orthu i mBabhta 5. Cúis dóchais é gur tháinig Michael Murphy isteach san imirt do Dhún na nGall agus é ar ais ó ghortú ach ní raibh fear Ghleann tSúilí in ann a fhoireann a thabhairt slán agus a gcéad chluiche sraithe caillte ag peileadóirí an chontae i mBealach Féich ó 2012.

Bhí Dún na nGall sa tóir ar áit i gcluiche ceannais na sraithe go dtí sin ach má chailleann siad arís inniu is mór a mbaol go mbeidh siad tarraingthe isteach sa chath ag bun Roinn 1.

Ard Mhacha v Ciarraí – An Pháirc Lúthchleasa, 2.00in (Iarbheo ar TG4)

Agus an ceann is fearr faighte acu ar Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite, is iad Ciarraí an t-aon dream i Roinn 1 nach bhfuil aon chluiche caillte acu go fóill sa tsraith. Coimhlint ghéar chrua a bhí i dTrá Lí Dé Sathairn seo caite agus tabharfaidh sé sásamh ar leith do Jack O’Connor gur éirigh le Ciarraí bua aon phointe amháin a fháil ina leithéid de choimhlint.

Ar ndóigh, bhí David Clifford an-mhaith do Chiarraí ach bhain Tony Brosnan lántairbhe as an deis a tugadh dó an cluiche a thosú nuair a buaileadh tinn Paul Geaney. Scóráil Brosnan cúl tábhachtach sa chéad leath agus d’aimsigh sé dhá phointe eile chun a chinntiú gur géire fós a bheidh an iomaíocht d’áit i measc thosaithe na Ríochta.

Tar éis dóibh an-tús a chur leis an tsraith, cuireadh stop le sodar Ard Mhacha le comhscór in aghaidh Mhuineacháin i mBabhta 3 agus go háirithe nuair a fuair Maigh Eo an ceann is fearr orthu i mBabhta 4. Tá foireann Kieran McGeeney ag dul sa treo ceart arís anois, áfach, agus bua cúig phointe acu in aghaidh Chill Dara an deireadh seachtaine seo caite.

Tá Ard Mhacha slán sábháilte i Roinn 1 agus dhá chluiche fágtha, gaisce d’fhoireann a bhain ardú céime amach anuraidh. Feicfimid anois an bhfuil McGeeney ag faire ar chluiche ceannais na sraithe nó an mbeidh sé sásta na maidí a ligean le sruth roimh thús na craoibhe.

Doire v Gaillimh – An Abhainn Bheag, 1.00in

Tá coimhlint ollmhór ag barr Roinn 2 againn inniu freisin agus Gaillimh agus Doire ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tá an dá fhoireann seo agus Ros Comáin san iomaíocht d’ardú céime agus má bhuann Gaillimh ar an Abhainn Bheag tráthnóna, beidh siad cinnte d’áit i Roinn 1 an bhliain seo chugainn.

Tá gach cluiche go dtí seo sa tsraith buaite ag Gaillimh agus cuma mhaith ar an bhfoireann. Tá tionchar Damien Comer le brath tagus é tagtha ar ais ó ghortú agus nuair a bhíonn sé féin, Shane Walsh agus leithéidí Robert Finnerty faoi lán seoil, níl foireann ar bith sa roinn ar féidir leo iad uile a stopadh. Bhain gortú do Walsh sa chluiche a bhuaigh siad in aghaidh an Chláir agus beidh súil ag Pádraic Joyce go mbeidh sé tagtha chuige féin gan mhoill.

Tosach amháin nach bhfeicfear tráthnóna ná Shane McGuigan Dhoire. Bhí mí-ádh ceart ar McGuigan gur cuireadh den pháirc é in aghaidh Ros Comáin sa bhabhta deireanach ach tá sé anois curtha ar fionraí mar gheall ar an racht feirge a tháinig air agus an cárta dearg taispeánta dó. 

Buille mór é sin do Dhoire. Tá McGuigan ar dhuine de na tosaithe is cumasaí dá bhfuil acu agus tá sé an-chruinn ó na ciceanna saora.

Gan é, beidh Rory Gallagher ag súil go mbeidh Chrissy McKaigue agus Brendan Rogers in ann súil ghéar a choinneáil ar thosaithe na Gaillimhe más le Doire an lá a thabhairt leo.

Fág freagra ar 'An crú ag teacht ar an tairne i Roinn 1 agus coimhlint mhór ag barr Roinn 2 tráthnóna'