‘An Craoslach’ ar TG4 – clár iniúchta nár chlár iniúchta é a chothaigh conspóid nár ghá

Bhí loighic ag baint leis an gcinneadh clár faoi thragóid An Chraoslaigh a chraoladh in ainneoin na conspóide faoi, ach bhain TG4 cor coise astu féin…

‘An Craoslach’ ar TG4 – clár iniúchta nár chlár iniúchta é a chothaigh conspóid nár ghá

Ba ar an 7 Deireadh Fómhair 2022 a maraíodh deichniúr go tragóideach sa phléasc a tharla sa siopa áitiúil ar an gCraoslach i nDún na Gall. Is ar éigean go bhfuil ceithre mhí caite ó tharla an tubaiste sin agus baineadh stangadh as mórán nuair a chualathas go raibh TG4 chun clár a chraoladh faoi eachtraí cráite an lae chinniúnaigh sin (Iniúchadh TG4: An Craoslach, Dé Céadaoin).

Tá an clár i mbéal an phobail le cúpla lá tar éis do ghaolta na marbh achainí a dhéanamh ar TG4 gan é a chraoladh. D’imigh an scéal ó stiúideo Liveline chuig seomra na Dála mar ar “mhol” Leo Varadkar do TG4 “machnamh” a dhéanamh ar a gcinneadh an clár a chraoladh.

Mhaígh TG4 gur clár ómóis a bhí ann do na daoine a cailleadh agus dos na daoine áitiúla a chuaigh sa bhearna baoil le daoine a tharrtháil agus na coirp a thógaint as an smionagar. Is amhlaidh a bhí. Labhair rannpháirtithe an chláir go hionraic agus bhí an-chumhacht agus truacántacht ag baint lena raibh le rá acu. Cé gur mheasas go raibh cuid de na rannpháirtithe ana-shuaite ní raibh aon rud míchuí in ábhar an chláir.

Táim cinnte nach le drochrún a deineadh an clár agus go bhfuil cuid den cháineadh ó shaighdiúirí na méarchlár ar Twitter imithe thar fóir.

Bhí an-bhrú go poiblí, agus is dócha go príobháideach, ar TG4 inné craoladh an chláir a chur ar ceal. Chuir siad cosa i dtaca. Lena gceart a thabhairt dóibh bhí loighic ag baint leis sin; ní féidir leis an bpobal, Liveline ná polaiteoirí tionchar a imirt ar chinntí eagarthóireachta faoi chláir chúrsaí reatha.

Ina dhiaidh sin féin, is dóigh liom gur bhain TG4 cor coise astu féin.

Ar an gcéad dul síos is í míthráthúlacht an chláir, seachas ábhar an chláir, is mó a chuir as do dhaoine. Tá daoine muinteartha na marbh croíbhriste agus an ceantar máguaird faoi dhaolbhrat bróin. Tá sé róluath súil siar a chaitheamh ar na heachtraí suaite sin; tá cúrsaí “too raw” faoi mar a dúirt an Teachta Dála ó Dhún na nGall, Pearse Doherty sa Dáil. Dá gcraolfaí an clár seo i gceann ocht mí eile an mbeadh an suaitheadh céanna ann? Go deimhin luaigh uncail le Shauna Flanagan Garwe, Killian Flanagan, ar Liveline go ndéanfadh sé mhí eile difríocht.  Cad ba chúis leis an deabhadh?

Ní raibh práinn le heolas nua a thabhairt chun solais ar mhaithe le leas an phobail. An rabhthas an-imníoch go dtiocfadh dream eile taobh istigh díobh? Lena chois sin ar fad tá fiosrúchán na nGardaí fós faoi lán seoil, rud a bhfuil a impleachtaí féin aige don chlár.

Má bhíothas diongbháilte maidir leis an gclár agus an amlíne nár cheart a bheith níos cáiréisí maidir leis an gcumarsáid le muintir na marbh? Thug Killian le fios go bhfuair a dheirfiúr amach faoin gclár ar alt idirlín. Nár cheart muintir na marbh a chur ar an eolas faoi ábhar an chláir in am trátha, a n-ábhar buartha a chur san áireamh, na línte cumarsáide a choimeád ar oscailt agus an saothar deireanach a thaispeáint dóibh sula gcraolfaí é go náisiúnta?

Ag fágaint na conspóide agus na tragóide go leataobh ar feadh soicind, tá rud amháin imithe sa bhfraoch ó thaobh na teilifíse agus TG4 de. Seo an chéad chlár sa tsraith nua imscrúdaithe atá coimisiúnaithe ag TG4. Samhlaíodh dom nach ábhar é seo a chífeá i gcláir sa mhúnla seo de ghnáth. Mheasas gur gnáthchlár faisnéise a bhí ann seachas clár imscrúdaithe.  Go deimhin bhí an líne seo a leanas i ráiteas TG4: “Ní dhéantar rud ar bith a thuairisciú faoi na daoine a gortaíodh nó a maraíodh sa timpiste seachas an méid a tuairiscíodh go poiblí cheana féin díreach i ndiaidh na tubaiste.”

Is ait do chlár cúrsaí reatha imscrúdaithe a bheith ag cur béime ar an ábhar nach bhfuil nua i gclár iniúctha.

Comhartha ar an tsáinn mhíthráthúlachta ina rabhadar gafa. Tuigim chomh maith gurb iad cuimhní agus eispéiris na ndaoine a tháinig ar an láthair an rud a bhí ag teacht chun solais den chéad uair. Daoine ag caint “den chéad uair” faoi mar a dúradh linn. Arís, an raibh sé róluath?

Arís, glacaim leis go hiomlán nach le drochrún a deineadh an clár agus ní raibh aon rud míchuí ann. Is iriseoir cumasach é Kevin Magee agus do láimhseáil sé na hagallaimh ghoilliúnacha go hábalta. Mar a tharlaíonn, bhí a chumas ar taispeáint an tseachtain seo ar na meáin shóisialta (agus clár eile de chuid Iniúchadh TG4 á thaifeadadh aige ní foláir) mar ar sheas sé an fód i gcoinne rámhaillí lucht na heite deise.

Maidir le Iniúchadh TG4 – An Craoslach, scéal truacánta ó thús go deireadh, ach conspóid a d’fhéadfadh a bheith seachanta.

Fág freagra ar '‘An Craoslach’ ar TG4 – clár iniúchta nár chlár iniúchta é a chothaigh conspóid nár ghá'